Diarmaid Ó Súilleabháin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Scríbhneoir Gaeilge ba ea Diarmaid Ó Súilleabháin. (29 Iúil 19325 Meitheamh 1985) a thug léargas ar shaol uirbeach a linne. Nuálaí ba ea é i scríbhneoireacht chruthaitheach na Gaeilge.[1]

Saol[athraigh | athraigh vicithéacs]

Rugadh Diarmaid Ó Súilleabháin in aice leis na hAoraí i leithinis Bhéara, Contae Chorcaí. Fuair sé a chuid meánscolaíochta i gColáiste Íosagáin, Baile Bhuirne agus chuaigh as sin go Coláiste Phádraig, Droim Chonrach chun oiliúint a fháil mar mhúinteoir bunscoile. Bhí sé ag obair le daltaí bodhra i mBaile Átha Cliath ar feadh cúpla bliain tar éis dó cáiliú i 1951. Chaith sé dhá bhliain eile ag obair ina cheantar dúchais sula bhfuair sé post buan i Scoil na mBráithre i nGuaire. Phós sé Úna Ní Chléirigh as Contae na Mí i 1954 agus bhí cúigear clainne acu.

Bhí an Ghaeilge ag fáil bháis ina cheantar dúchais agus an Súilleabhánach óg, ach mhúscail daoine a bhí páirteach i ngluaiseacht na Saoirse i mBéara a spéis sa teanga agus sa pholaitíocht. Bhí cúigear uncail dá chuid páirteach i gCogadh na Saoirse, agus ba phoblachtánach diongbháilte é Diarmaid ar feadh a shaoil. Bhí sé ina bhall gníomhach de Shinn Féin agus cuireadh i bpríosún é i 1972 de bharr óráidí a rinne sé ag tacú le feachtas na Sealadach i dtús na seachtóidí. Bhí sé ar Ard Chomhairle Shinn Féin agus ina stiúrthóir poiblíochta ag gluaiseacht na poblachta.

Bhí sé mór leis an bpéintéir Paul Funge a bhunaigh an Gorey Arts Centre, agus ba ionad cruinnithe d'ealaíontóirí agus do scríbhneoirí a theach féin chomh maith.

Bhí an tsláinte go dona ag Diarmaid Ó Súilleabháin ó bhí sé ina fhear óg, agus d'éag sé ar an 5 Meitheamh 1985 in aois a 53 bliana.

Saothair[athraigh | athraigh vicithéacs]

Mar scríbhneoir atá iomrá anois leis. Bhí sé de chuspóir aige saol na cathrach a léiriú i nGaeilge, rud nach coitianta ag an am.[2]

Scríobh sé ocht leabhar do dhaoine fásta agus dha cheann do dhéagóirí. Scríobh sé seacht ndráma gan foilsiú freisin. Toghadh é ina bhall den Irish Academy of Letters agus bhain sé Duais an Bhuitléaraigh agus duaiseanna Oireachtais. Ba úrscéal do dhéagóirí an chéad leabhar dá chuid a cuireadh i gcló, Súil le Muir. Ba é Dianmhuilte Dé, a bhí suite ina cheantar dúchais le linn Chogadh na Saoirse, an chéad mhórshaothar dá chuid (1964).

Tá leabhar scríofa faoina shaothar liteartha ag Iarla Mac Aodha Bhuí: "Diarmaid Ó Súilleabháin: Saothar Próis" a d'fhoilsigh an Clóchomhar i 1992.

Scríobh Seosamh Ó Murchú, atá anois ag obair mar Eagarthóir Sinsearach leis an nGúm, tráchtas ar shaothar Uí Shúilleabháin don MA sa Nua-Ghaeilge, Coláiste Phádraig, Má Nuad, i lár na n-ochtóidí. [3]

Liosta leabhar[athraigh | athraigh vicithéacs]

Súil le Muir, Cló Mórainn, 1959 (do dhéagóirí)

Trá agus tuileadh, Sáirséal agus Dill, 1967 (do dhéagóirí)

Caoin tú féin, Sáirseál agus Dill, 1967

An uain bheo, Sárséal agus Dill, 1968

Muintir, Sáirséal agus Dill, 1970 (gearrscéalta)

Maeldún, Sáirséal agus Dill, 1972

Dianmhuilte Dé, Sáirseál agus Dill, 1973

Ciontach, Coiscéim 1983

Aistear, Coiscéim, 1983

Bealach Bó Finne, Coiscéim, 1988

Lá Breá Gréine Buí agus Oighear Geimhridh, Coiscéim 1994

Tá clár a shaothair in Iarla Mac Aodha Bhuí, Diarmaid Ó Súilleabháin: saothar próis, 1992.

Léirmheasanna[athraigh | athraigh vicithéacs]

  • Seán Ó Tuama, Repossessions: Selected Essays on the Irish Literary Heritage, 1995

Nótaí[athraigh | athraigh vicithéacs]

  1. http://www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=1761
  2. Zircon Publishing agus The Irish Times (1973). Who’s Who, What’s What and Where in Ireland. Geoffrey Chapman Publishers.
  3. cf. an réamhrá a scríobh Seosamh Ó Murchú, "Bealach Bó Finne", le Diarmaid Ó Suilleabháin, Coiscéim 1988

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]

Ó Súilleabháin, Diarmaid (1932 – 1985), An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisní Gaeilge: http://www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=1761