Spailpín

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard a bhí i gceist le spailpín in Éirinn ná saghas oibrí feirme a bhí coitianta go maith ón 17ú haois go tús an 20ú haois.[1] Bhíodh sé ag taistil ó áit go háit ag lorg oibre.[2] Tagann an téarma ón fhocal spailp, a chiallaíonn “dreas, seal, babhta”, mar shampla sa bhfrása “spailp oibre”.[3][4]

Bhí na coinníollacha oibre do spailpíní an-chrua ar fad. Rinne siad daorobair ar phá suarach, agus chaith na húinéirí talún go hainnis leo. Bhí spailpíní an-choitianta le linn na mblianta deacra ó 1820 go 1850. Ar an iomlán, ba dhaoine a raibh dlúthbhaint acu leis an talamh a bhí sna spailpíní: feirmeoirí beaga, coiteoirí, oibrithe talmhaíochta, agus go ginearálta daoine bochta a raibh cúraimí teaghlaigh orthu gan aon bhealach chun slí bheatha a bhaint amach sa bhaile.[2]

Déantar tagairt do shaol crua na spailpíní go minic sna healaíona, mar shampla san amhrán traidisiúnta “An Spailpín Fánach a bhaineann le fear a théann leis an spailpínteacht tar éis dhíshealbhú a theaghlaigh. Chun an saol uafásach seo a sheachaint, téann sé isteach in arm na Fraince chun troid thar lear.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Niall Ó Dónaill agus Pádraig Ua Maoileoin, eag.: “An Foclóir Beag: spailpín” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1991). Dáta rochtana: 2023-05-07.
  2. 2.0 2.1 Encyclopedia of Irish History and Culture, page 442, Volume 1, James Donnelly ed., Macmillan Thomson Gale, 2004
  3. Niall Ó Dónaill agus Pádraig Ua Maoileoin, eag.: “An Foclóir Beag: spailp” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1991). Dáta rochtana: 2023-05-07.
  4. Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): spailp” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2023-05-07.