A spailpín, a rún

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de cançóA spailpín, a rún
Cineálsaothar ceoil

Is amhrán traidisiúnta Éireannach i nGaolainn na Mumhan é A spailpín, a rún.

An t-amhrán[cuir in eagar | athraigh foinse]

A spailpín, a rún, Dé do bheathasa chughainn
Nó cár bhainis an fómhar chomh luath so?
Dá mbeadh a fhios agam féin cá rabhais inné
Ba ghairid liom do bhéal a phógadh.
A chailli’ bhuí chróin, níor mhilis liom do phóg
’S ní ghlacfainn céad bó mar spré leat,
Mar go mb’fhearr liomsa póg ó chailín beag óg
Ná a bhfuil agat ar bhórd an tsléibhe amuigh.

A spailpín, a stór, fan socair go fóill
Go bhfaigheadsa mo chaidhp is mo chlóca
Mo bhróga sál bata agus búclaí an fhaisin
Is go deimhin duit go mbogfad-sa an ród leat.
Ó do raghainn leat go Caiseal nó go Cluain geal Meala
Nó go Carraig na Siúire thar m-eolas,
Is go bráth an fhad ’s a mhairfead ní fhillfead abhaile
’S is cuma cé a bhainfidh an eorna.

A bhuachailli crua, gearraigí go luath
Agus cuirigí bhúr gcúnamh le chéile.
Go mbainimid dúiseacht as bodairí an phlúir
’S go rachaimid dár ndúthaigh féinig.
Is é a chloisim acu dá rá ná seasóidh an lá
Age sna bodaigh atá lán de fónaire,
’S ní hé acu siúd atá ach ag Rí Geal na ngrást
‘S go dtuga Dia slán ón bhfómhar sinn