Tá an cruatan ar Sheoirse

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de cançóTá an cruatan ar Sheoirse
Cineálsaothar ceoil
CumadóirEoghan Rua Ó Súilleabháin

Chum Eoghan Rua Ó Súilleabháin an t-amhrán Tá an cruatan ar Sheoirse[1]

Dáta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cumadh an saothar i lár na bliana 1778, tar éis do na Francaigh teacht isteach i gCogadh Saoirse Mheiriceá ar thaobh na Stát Aontaithe. Luaitear loingeas cogaidh faoi cheannas an Comte d'Estaing a d'fhág calafort Toulon i mí Aibreáin, géarchéim pholaitiúil sa Ghearmáin a d'fhág Seoirse III na Breataine agus an tImpire Josef in adharca a chéile, agus iarrachtaí na mBriotanach chun cabhair míleata a fháil ó na Rúisigh.

Ábhar[cuir in eagar | athraigh foinse]

B'ábhar ceiliúrtha d'Eoghan Rua é go raibh sé ina chogadh idir na Francaigh agus na Briotanaigh don chéad uair le cúig bliana déag anuas. Shíl sé go raibh na Spáinnigh ar tí cogadh a fhógairt freisin agus ghuigh sé go ndéanfadh cumhachtaí Caitliceacha na hEorpa ionradh ar Éirinn. Tá sé le tuiscint ón amhrán go raibh an pobal i gcoitinne ag coinneáil súil ghéar ar imeachtaí an chogaidh: "Tá scéalta maithe nódha 'rith / i gcóigibh na Banba". Léiríonn an aiste go raibh cur amach ag Eoghan Rua ar ullmhúcháin mhíleata agus ar imeachtaí taidhleoireachta chumhachtaí móra na hEorpa.

Tús an amhráin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá cruadhtan ar Sheoirse,
  Ciodh mór a neart ar fairrge,
Ní réidhfidh Éire an gnó dhó,
  A shlóighte ciodh tréan[2]

agus leagan malartach:

Tá an cruadhtan ar Sheoirse
  Cídh mór a neart ar fairrge,
Ní réidhfidh Éire an gnó dhó
  A shlóighte cé tréan[3]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Initial Lines of Poems".
  2. Eoghan Rua Ó Súilleabháin (2009). "Dánta" (in ga): 8. Aubane Historical Society. 
  3. Vincent Morley (1998). "Tá an cruatan ar Sheoirse: folklore or politics?" (as en) (PDF). Eighteenth-Century Ireland / Iris an dá chultúr 13: 112–120.