Dubhghlas de hÍde

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Dubhghlas de hÍde
Dubhghlas de hÍde

I bhfeidhmeannas: 25 Meitheamh, 193824 Meitheamh, 1949
Uimhir tréimhsí: 1
Réamhtheachtaí: Neamhbhainteach
Comharba: Seán T. Ó Ceallaigh
Ainmnithe ag: Fianna Fáil agus Fine Gael le chéile
Iarrthóirí eile: Neamhbhainteach

Dáta breithe: 17 Eanáir, 1860
Áit bhreithe: Ros Comáin, Éire
Dáta báis: 12 Iúil, 1949
Áit bháis: Baile Átha Cliath, Éire
Céile: Lucy Hyde
Gairm: Gníomhaí don Gaeilge; ollamh sa Coláiste Ollscoile, BÁC
Síniú
Douglas Hyde Signature.svg

Scoláire agus polaiteoir Éireannach ab ea Dubhghlas de hÍde ((Douglas Hyde as Béarla) nó an Craoibhín Aoibhinn (a ainm cleite): 17 Eanáir 1860 - 12 Iúil 1949). Duine de bunaitheoirí Chonradh na Gaeilge ba ea é agus béaloideasaí cáiliúil. Eisean an chéad duine a roghnaíodh mar Uachtarán na hÉireann, agus b'in é an post a bhí aige idir na blianta 1938 agus 1945.

Cúlra[athraigh | athraigh vicithéacs]

De hÍde, timpeall na bliana 1912.

Mac le ministir de chuid Eaglais na hÉireann Arthur Hyde ba ea Dubhghlas de hÍde. Rugadh sa Chaisleán Riabhach i gContae Ros Comáin é, áit ar chuala sé Gaeilge á labhairt ag cuid de mhuintir na tuaithe. Thosaigh sé ag bailiú scéalta agus amhrán uathu. Bhí an-suim aige i dteangacha, agus tar éis dó staidéar a dhéanamh i gColáiste na Tríonóide bhí Fraincis, Laidin, Gearmáinis, Gréigis agus Eabhrais aige.

Conradh na Gaeilge[athraigh | athraigh vicithéacs]

Chuidigh sé le Conradh na Gaeilge a bhunú sa bhliain 1893 agus bhí sé tamall maith de bhlianta ina uachtarán air. B'fhearr leis an Conradh a choinneáil glan ar chúrsaí polaitíochta, agus d'éirigh sé as an gConradh ag Ard-Fheis an Chonartha i nDún Dealgan sa bhliain 1915 nuair a tháinig leithéidí Phádraig Mhic Piarais chun cinn. Bhí sé ina bhall de Choiste na Leabhar ó bunaíodh é sa bhliain 1928.

Sa bhliain 2008 agus Dáithí Mac Cárthaigh ina uachtarán, ghlac Conradh na Gaeilge le bunreacht nua a réitigh leis leagan amach neamhpholaitiúil roimh 1915 agus a d'fhág ar lár aon aon tagairt do shaoirse na hÉireann. Seo mar a fhoráiltear le Bunreacht an Chonartha: "Is í aidhm na hEagraíochta an Ghaeilge a athréimniú mar ghnáththeanga na hÉireann".

Ina Uachtarán[athraigh | athraigh vicithéacs]

Ní raibh aon bhaint aige le Sinn Féin ná le gluaiseacht na saoirse, ach bhí sé sásta suíochán a ghlacadh i Seanad Éireann. Chaill sé a shuíochán sa bhliain 1925. Nuair a chuir Bunreacht Oifig an Uachtaráin ar bun sa bhliain 1937, ba é de hÍde an chéad duine a toghadh.

Naisc sheachtracha[athraigh | athraigh vicithéacs]