Cearbhall Ó Dálaigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Cearbhall Ó Dálaigh
Cearbhall Ó Dálaigh

5ú Uachtarán
I bhfeidhmeannas: 19 Nollaig 197422 Deireadh Fómhair 1976
Uimhir tréimhsí: 1
Réamhtheachtaí: Erskine Hamilton Childers
Comharba: Pádraig Ó hIrighile
Ainmnithe ag: Fianna Fáil
Iarrthóirí eile: Duine ar bith

Dáta breithe: 12 Feabhra 1911
Áit bhreithe: Bré, Éire
Dáta báis: 21 Márta 1978
Áit bháis: Baile Átha Cliath, Éire
Céile: Máirín Bean Uí Dhálaigh
Gairm: Abhcóide, breitheamh, iriseoir

Cúigiú hUachtarán na hÉireann ba ea Cearbhall Ó Dálaigh (12 Feabhra, 1911 - 21 Márta 1978).

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Cearbhall Ó Dálaigh i mBré, Contae Chill Mhantáin. Duine de cheathrar clainne a bhí ann, mac le siopadóir gan mórán suime sa pholaitíocht. Bhí deartháir ní ba shine aige, Aonghus, agus beirt dheirfiúr ní b'óige, Úna agus Nuala. D'fhreastail sé ar scoil Náisiúnta Naomh Crónán. Agus é ina mhac léinn ag Ollscoil na hÉireann, Baile Átha Cliath, bhí sé ina reachtaire ar an gCumann Gaelach agus ar an gCumann Liteartha agus Stairiúil sa choláiste. Ar ball ceapadh ina eagarthóir Gaeilge é le Scéala Éireann.

Aisteoir díograiseach a bhí ann ina luathshaol, eisean agus dlúthchara dó Cyril Cusack. Nuair a shroich an scannán de chuid Disney Darby O'Gill and the Little People na pictiúrlanna in Éirinn, rinne an bheirt acu agóid le chéile, mar gheall ar an droch-steiréitíopa d'Éireannaigh a bhí curtha i láthair.

Fuair sé bás an 21 Márta 1978.

Gairm pholaitiúil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tacadóir tiomanta de Fhianna Fáil i gcónaí a bhí ann, agus chuaigh sé i mbun oibre ar Fheidhmeannas Náisiúnta an pháirtí sna 1930idí agus céim bainte amach aige ón ollscoil. Ceapadh ina Ard-Aighne é i 1946, an ceann ab óige ag an am, agus Éamon de Valera ina Thaoiseach. Chaith sé dhá théarma sa phost, idir 1946-48 agus arís idir 1951-53. Chuir sé a ainm isteach mar iarrthóir le haghaidh toghchán Dála agus Seanaid araon, ach theip ar an dá iarracht.

Rinne Breitheamh de sa Chúirt Uachtarach i 1953. Bhí sí ina Phríomh-Bhreitheamh agus ina Uachtarán ar an gCúirt Uachtarach ó 1961 go 1973.

D'éirigh sé ina bhreitheamh ar an gCúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (1973/1975), an chéad breitheamh na hÉireann sa chúirt sin. Fuair Ó Dálaigh stádas don Ghaeilge mar theanga oifigiúil de chuid na Cúirte nuair a chuaigh Éire isteach san Aontas ar 1 Eanáir 1973[1].

Rinneadh Uachtarán na hÉireann ar 19 Nollaig 1974[2].

Conspóid[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuir Cearbhall Ó Dálaigh Bille na gCumhachtaí Éigeandála faoi bhráid na Cúirte Uachtaraí i 1976 chun a chinntiú go raibh sé de réir Bhunreacht na hÉireann, agus é ag iarraidh cearta an tsaoránaigh a chosaint. An 18 Deireadh Fómhair 1976 sínigh Cearbhall Ó Dálaigh Bille na gCumhachtaí Éigeandála.

Trí lá níos déanaí (18 Deireadh Fómhair 1976), thug Aire Cosanta an Chomhrialtais, Paddy Donegan (Fine Gael) masla dó. Chuir sé ina leith "Thundering disgrace"[3]. An rud is tábhachtaí agus is measa, bhí an tAire ag labhairt os comhair oifigeach Airm na hÉireann i Muileann gCearr.

An 22 Deireadh Fómhair 1976, d'éirigh Ó Dálaigh as oifig mar uachtarán nuair nár ghlac an Taoiseach, Liam Mac Cosgair, le héirí as oifig Donegan.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Études Irlandaises, 35-2 | 2010 - Seán Ó Riain - Irish and Translation – the EU Context http://journals.openedition.org/etudesirlandaises/1958
  2. https://youtu.be/7Jz73V-K8To
  3. http://www.independent.ie/national-news/my-part-in-downfall-of-a-president-over-the-thundering-disgrace-debacle-58050.html
  4. https://youtu.be/7Jz73V-K8To