William FitzGerald (breitheamh)
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 4 Eanáir 1906 Corcaigh, Éire |
Bás | 17 Deireadh Fómhair 1974 68 bliana d'aois Baile Átha Cliath, Éire |
Áit adhlactha | Reilig Ghlas Naíon |
Príomh-Bhreitheamh na hÉireann | |
25 Meán Fómhair 1973 – 14 Deireadh Fómhair 1974 ← Cearbhall Ó Dálaigh – Tom O'Higgins → | |
An Chúirt Uachtarach | |
12 Bealtaine 1966 – 17 Deireadh Fómhair 1974 | |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Óstaí an Rí |
Gníomhaíocht | |
Gairm | breitheamh, dlíodóir |
Ball de pháirtí polaitíochta | Fianna Fáil |
Dlíodóir agus breitheamh be ea William O'Brien Fitzgerald (4 Eanáir 1906 – 17 Deireadh Fómhair 1974). Príomh-Bhreitheamh na hÉireann ba ea é, 1973/1974.[1]
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh William Fitzgerald i gCorcaigh i 1906. Cuireadh oideachas air i gColáiste Belvedere, Baile Átha Cliath, agus in Óstaí an Rí.
Glaodh chun an Bharra é sa bhliain 1927 agus chuig an Bharra Laistigh sa bhliain 1944.
Mar chleachtóir, bhí aithne air mar chroscheistitheoir iontach géar agus an-deisbhéalach agus bhí máistreacht aige ar bheartaíocht an tseomra cúirte.[1]
Ceapadh é go díreach chun na Cúirte Uachtaraí sa bhliain 1966. Tar éis do Chearbhall Ó Dálaigh dul ar scor, rinneadh Príomh-Bhreitheamh de. Chaith sé tréimhse réasúnta gearr mar Phríomh-Bhreitheamh.
D’éag sé go tobann an 17 Deireadh Fómhair, 1974.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 Cúirt Uachtarach na hÉireann. "Iar-Phríomh-Bhreithiúna". www.supremecourt.ie. Dáta rochtana: 2021-07-29.