Reilig Ghlas Naíon

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Reilig Ghlas Naíon
Íomhá
1900í
Lipéad sa teanga dhúchais(ga) Reilig Ghlas Naíon
Sonraí
CineálReilig
Foirgníocht1832 Cuir in eagar ar Wikidata
Tréith
Achar dromchla50 ha
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinGlas Naíon, Éire agus Baile Átha Cliath, Éire
Map
 53°22′20″N 6°16′40″W / 53.3722°N 6.2778°W / 53.3722; -6.2778
Suíomh gréasáin oifigiúilglasnevintrust.ie

Is é Reilig Ghlas Naíon (nó Prospect Cemetery uaireanta) an reilig neamh-shainchreidmheach is mó i mBaile Átha Cliath, príomhchathair na hÉireann. Bunaíodh an reilig i rith an 19ú haois, agus tá roinnt mhaith de na daoine is tábhachtaí i stair na hÉireann curtha ann, mar shampla Charles Stewart Parnell, Dónall Ó Conaill, Mícheál Ó Coileáin, Éamon de Valera, Caoimhín de Barra agus Constance Markiewicz.

Bunú na reilige[cuir in eagar | athraigh foinse]

Osclaíodh doirsí na reilige den chéad uair thiar sa bhliain 1832, tráth ina raibh na Péindlíthe fós i bhfeidhm go tréan fud fad na tíre. Ní raibh reiligí dá gcuid féin - ar bhun oifigiúil ar aon nós - ag Caitlicigh na tíre chun a mairbh féin a chur i gcré na cille, rud a ghríosaigh Dónall Ó Conaill chun feachtas a bhunú ina choinne. Sa deireadh thiar thall, chruthaigh mo dhuine nach raibh dlí oiriúnach ar bith i bhfeidhm a chuirfeadh a leithéid sin de bhac orthu, agus éilíodh áit chuí ina gcuirfeadh Caitlicigh agus Protastúnaigh in aon reilig le chéile.

Prospect Cemetery a baisteadh uirthi agus í á oscailt don phobal ar an 21 Feabhra 1832. Lonnaíodh an reilig ar naoi acra i nGlas Naíon, taobh thuaidh den chathair. An chéad duine a cuireadh ann ná buachaill óg ceithre bliana d'aois darbh ainm Michael Casey ó Shráid San Proinsias i lár Bhaile Átha Cliath.

Daoine cáiliúla atá curtha i Reilig Ghlas Naíon[cuir in eagar | athraigh foinse]

Uaigh Ruairí Mhic Easmainn i Reilig Ghlas Naíon.
Uaigh Éamon de Valera, agus a bhean chéile Sinéad in aice leis.
Uaigh Charles Stewart Parnell.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]