Léinte Gorma

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Na Léinte Gorma)
Bosca Sonraí EagraíochtaLéinte Gorma
Sonraí
Cineálpáirtí polaitíochta Cuir in eagar ar Wikidata
Idé-eolaíocht pholaitíochtaFaisisteachas Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1932
Dáta díscaoilte, díothaithe nó scartáilte1933 Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
Eile
Dath     Cuir in eagar ar Wikidata

Eagraíocht pholaitiúil Éireannach den eite dheis sna 1930í ab ea An Garda Náisiúnta (National Guard) nó mar is iondúil Na Léinte Gorma ("na Léinteacha Gorma"). Ba é Cumann Chomrádaithe an Airm (Army Comrades Assocation as Béarla) ainm oifigiúil na heagraíochta. Athraíodh an t-ainm níos déanaí go An Garda Náisiúnta.[1]

Eoin Ó Dubhthaigh, 1922

Deirtear ó am go ham gur eagraíocht fhaisisteach nó leath-fhaisisteach ab ea na Léinte Gorma agus pléitear fós an chosúlacht idir iadsan agus Léinte Donna Hitler agus Léinte Dubha Mussolini. Chaith siad éadaí paraimíleata, d'ardaigh siad an lámh dheis nuair a bhuail siad lena chéile agus bhí siad páirteach i dtroideanna le hÓglaigh na hÉireann. Ar an taobh eile, ní raibh idé-eolaíocht na bhfaisistithe go forleathan i measc na ngnáth-bhall - bhí an chuid is mó dóibh siúd in éadan an IRA, in éadan Fhianna Fáil (páirtí an rialtais) agus in aghaidh pholasaithe eacnamaíocha an rialtais. De réir an staraí, R.M. Douglas, is dearcadh móramh na bhfear léinn nach bhfuil sé ceart díriú ar na Léinte Gorma más ag lorg faisistithe Éireannacha ata tú.

Eoin O'Duffy, 1934


Úsáidtear an téarma "Léinte Gorma" go minic mar leasainm ar lucht leanúna Fhine Gael, an páirtí is mó in Éirinn. Fo-ghlacadh na Léinte Gorma isteach sa pháirtí sin sa bhliain 1933.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bunaíodh an eagraíocht i mí Feabhra 1932 ar mhaithe le hiarbhaill Arm an tSaorstáit agus chun déileáil leis an mbagairt a chonaic siad ag teacht óna gcuid naimhde polaitiúla, an IRA agus Fianna Fáil.

I Márta 1932, ceapadh Éamon de Valera mar Uachtarán Ard-Chomhairle Shaorstát Éireann. Chuir sé deireadh leis an mbang a bhí ar an IRA agus scaoil sé saor a lán príosúnach poblachtach. Thosaigh an IRA ag cur isteach ar ócáidí a chur Cumann na nGaedheal (príomhpháirtí an fhreasúra) ar bun. Cheap na Léinte Gorma go raibh saoirse cainte i mbaol agus thosaigh siad ag cosaint imeachtaí Chumann na nGaedheal. Bhí roinnt troideanna idir an IRA agus na Léinte Gorma. Ceapadh Dr Tomás Ó Uiginn, Teachta Dála de chuid Chumann na nGaedheal, mar cheannaire na heagraíochta i mí Lúnasa 1932.

Ned Cronin circa 1933

Eoin Ó Dubhthaigh mar Cheannaire[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba cheannaire de chuid an IRA i rith Chogadh na Saoirse é Eoin Ó Dubhthaigh. Ba ghinearál é in arm an Saorstáit i rith an Chogaidh Cathartha agus ba choimisinéir an Gharda Síochána (an fórsa póilíní) é ón mbliain 1922 go 1933. Thug De Valera an bóthar dó tar éis dó toghchán Fheabhra 1933 a bhuachan. Tháinig Ó Dubhthaigh i gceannas ar an eagraíocht i mí Iúil 1933. D'athainmnigh sé an eagraíocht go "An Garda Náisiúnta". D'athraigh sé an eagraíocht, ag baint úsáid as eilimintí ó heagraíochtaí faisisteacha na hEorpa - an chuirtéis Rómhánach, éide oifigiúil agus mór-chruinnithe, mar shampla. Ní raibh cead ballraíochta ach ag Éireannaigh agus ag daoine le tuismitheoirí Críostaí. Bhí meas ag Ó Dubhthaigh ar Mussolini agus ba é corparáideachas príomhpholasaí na Léinte Gorma.

am éigin 1933 - Lúnasa 1934

Mairseáil ar Bhaile Átha Cliath[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí máirseáil i mBaile Átha Cliath beartaithe ag na Léinte Gorma i mí Lúnasa 1933. An plean a bhí acu ná siúl go Reilig Ghlas Naíon, le sos taobh amuigh den Dáil le haghaidh óráidí. Ba é aidhm na máirseála ná ómós a thabhairt d'iarcheannairí na hÉireann, Art Ó Gríofa, Micheál Ó Coileáin agus Caoimhín Ó hUiginn. Bhí sé soiléir go raibh an IRA agus grúpaí éagsúla eile den eite chlé réidh chun troda leis na Léinte Gorma má lean an mháirseáil ar aghaidh.[2]

Chuir de Valera cosc ar an máirseáil. Bhí cuimhne air ar mháirseáil Mussolini ar an Róimh agus bhí eagla air faoi coup d'état. Blianta fada ina dhiaidh sin dúirt sé nach raibh sé cinnte ag an am an nglacfadh an Arm leis a chuid ordaithe nó an dtacóidís leis na Léinte Gorma (bhí roinnt mhaith iarshaighdiúirí mar bhaill den ghluaiseacht). Ghlac Ó Dubhthaigh leis an mbang agus dúirt sé go gcloífeadh sé leis an dlí i gcónaí. Socraíodh máirseálacha cúigeacha in áit na máirseála a bhí curtha ar ceal. An léamh a thug de Valera as sin ná go raibh na Léinte Gorma ag greannú a bhang agus d'fhógair sé gur eagraíocht mhídhleathach a bhí ann.[3]

Fine Gael agus Páirtí Náisiúnta Corparáidíoch[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mar fhreagra ar an gcosc a chuir de Valera orthu, tháinig na Léinte Gorma, Cumann na nGaedheal agus an Lár-Phairtí Náisiúnta le chéile chun páirtí nua, Fine Gael, a bhunú, ar 3 Meán Fómhair 1933. Ba é Ó Dubhthaigh an chéad uachtarán agus ceapadh Liam Tomás Mac Cosgair agus Séamus Diolún mar leas-uachtaráin. D'aistrigh na Léinte Gorma go "Cumann Óige na hÉireann", cuid de roinn óige an pháirtí. Ba é aidhm an pháirtí Éire a aontú i stát corparáideach, taobh istigh de Chomhlathas na Breataine. D'fhág Ó Dubhthaigh an páirtí tar éis easaontais le baill eile ach d'fhan an chuid is mó de na Léinte Gorma le Fine Gael.

Chuir Ó Dubhthaigh Páirtí Náisiúnta Corparáidíoch ar bun agus níos déanaí fós chuaigh sé go dtí an Spáinn le 700 dá lucht leanúna chun troda ar thaobh Franco i gCogadh Cathartha na Spáinne.

Úsáid eile[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tugtar Léinte Gorma go díspeagúil ar Fhine Gael sa pholaitíocht chomhaimseartha, ag tabhairt le fios go bhfuil rian den fhaisisteachas ag roinnt leo go fóill.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. James S. Donnelly (2004). "Encyclopedia of Irish History and Culture | Vol 1". Dáta rochtana: 2021.[nasc briste go buan]
  2. Mel Farrell. "September 1933: From Cumann na nGaedheal to Fine Gael, a Longford perspective". 
  3. Bill Kissane (Irish Historical Studies Vol. 34, No. 134 (Nov., 2004), pp. 156-174 (19 pages)). "Defending Democracy? The Legislative Response to Political Extremism in the Irish Free State, 1922-39". Dáta rochtana: 2021.