Cogadh Cathartha na Spáinne
| Cogadh Cathartha na Spáinne | |||
"Bás Saighdiúir Dílseora," pictiúr cáiliúil de Federico Borrell García tógtha ag Robert Capa | |||
|---|---|---|---|
| Dáta: | 17 Iúil, 1936 – 1 Aibreán 1939 | ||
| Áit: | An Spáinn | ||
| Toradh: | Bua leis na Náisiúnaithe. Lánscor Dara Phoblacht na Spáinne. Ceannasaíocht Francisco Franco go dtí 1979 | ||
| Céilí comhraic | |||
|
| |||
| Ceannasaithe | |||
| |||
| |||
| Taismigh | |||
|
| |||
| ~500,000[1] | |||
| * Ó The Spanish Civil War (Thomas) l.628[2] | |||
Bhí Cogadh Cathartha na Spáinne ar na cogaí cathartha ab fhíochmhaire a troideadh le linn an fichiú haois. Bhuaigh an Frente Popular, meascán de shóisialaithe, chumannaithe agus ainrialaithe, olltoghchán 1936. Tugadh na Poblachtaigh nó Poblachtánaithe orthu. Ach d'éirigh an dream is diongbháilte ar eite dheas na Spáinne, na Faisistithe nó na Náisiúnaithe, amach i gcoinne an Rialtais. Ba shaghas ullmhúcháin é do choimhlint ní ba mheasa fós, an Dara Cogadh Domhanda.
Tá rian an chogaidh ar shochaí na Spáinne le mothú fós.




Tús an chogaidh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ba bhlianta casta iad cúig bliana an Dara Poblacht. Tháinig an Phoblacht ar an saol mar chomharba ar Miguel Primo de Rivera, ginearál airm agus deachtóir, a bhí i gcumhacht ó 1923 go 1930.
Tar éis na dtoghchán áitiúla in Aibreán 1931, ghlac an eite chlé seilbh ar an rialtas. Níor chuir tacaithe an Rí Alfonso XIII i gcoinne na bPoblachtánaithe, agus bunaíodh an Dara Poblacht. Theith an rí ón Spáinn.
Ag an am bhí páirtí láir láidir ann a bhí in ann an chumhacht a chothromú idir an dá thaobh. Ach, de réir a chéile chaill an páirtí láir a chumhacht, agus tharla polarú polaitiúil sa tír.
Le bunú na Poblachta, thosaigh an eite chlé, a raibh an lámh in uachtar acu tar éis olltoghchán 1931, ar athruithe móra sóisialta a chur i bhfeidhm. Ba é an páirtí sóisialach, an PSOE, an páirtí ba mhó sa pharlaimint. Tugtar an Bienio Progresista, nó an dá bhliain fhorásach, ar na blianta tosaigh seo. Ach ní raibh sé éasca na hathruithe go léir a chur i gcrích go tapaidh agus d'éirigh an pobal mí-shuaimhneach.
In 1933, tháinig mac Miguel Primo de Rivera, José Antonio Primo de Rivera, chun cinn mar dhuine de na ceannairí ar an eite dheas radacach fhrith-dhaonlathach. Bhí sé tógtha leis an fhaisisteachas san Iodáil (Mussolini). Bhunaigh sé an Falange Española (Falangaithe na Spáinne) sa bhliain 1933 chun an smaointeoireacht sin a chur chun cinn.
D'éirigh scataí ainrialacha amach i gcoinne an rialtais i 1934, agus cuireadh faoi chois iad go neamhbháúil.
Thit an rialtas as a chéile, agus bhí olltoghchán eile ann a chuir an eite dheis i gcumhacht.
1936
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar an 16 Feabhra 1936 bhí bua sa toghcháin do Fhronta an Phobail sa Spáinn agus trí lá níos déanaí, cuireadh rialtas ar bun sa Spáinn faoi cheannas Manuel Azaña.
Ar an 12 Iúil 1936 thóg grúpa míleata ceannaire an fhreasúra, Calvo Sotelo, amach as a theach agus lámhaigh siad é, mar dhíoltas ar dhúnmharú leifteanant ar an eite chlé, José Castillo. Rinne siad iarracht ceannaire eile na heite deise, José María Gil-Robles, a mharú ach níor éirigh leo é a ghabháil.
Ar an 17 Iúil d'éirigh an t-arm amach i gcoinne an rialtais sna coilíneachtaí i Maracó.
Le linn na laethanta casta seo, tharla marú Federico García Lorca, an file clúiteach, i nGranada.







Bhí rialtas na poblachta tar éis an ginearál Francisco Franco a ruaigeadh as an mórthír mar bhí imní orthu roimhe. Chuir Franco stailc mhianadóirí i dtuaisceart na tíre faoi chois go fuilteach i 1934 (1700 marbh[4]). Bhí sé i gceannas ar arm na hAfraice, agus bhí ceannfort aige i gcathair Melilla, ceantar Spáinneach, i dtuaisceart na hAfraice.
D'éirigh le Franco a chuid trúpaí a chur trasna na farraige ar eitleáin le cabhair ó Luftwaffe na Gearmáine, a sheol Hitler i ndiaidh an éirí amach. Ghlac sé seilbh ar dheisceart na tíre, agus thosaigh sé ag druidim i dtreo Mhaidrid. Bhí an tír scartha idir an rialtas agus na réabhlóidithe, agus tharla slad ar an dá thaobh.
Toledo
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar an 21 Iúil, bhí an alcázar (an seandún) i gcathair Toledo curtha faoi léigear ag na Poblachtánaigh, áit a raibh grúpa beag Náisiúnaithe ag seasamh an fhóid i gcoinne fhórsaí an rialtais. Ba shaghas siombail den éirí amach an tAlcázar do na Náisiúnaithe. Bheartaigh Franco dul i gcabhair orthu, agus cuireadh an t-ionsaí ar Mhaidrid ar athló.
Thóg na réabhlóidithe mianadóirí ó Asturias, i dtuaisceart na tíre isteach chun buamaí a chur faoin gcaisleán, iarracht dheireanach chun na cosantóirí a chloí. Cé gur phléasc na buamaí is gur thit cuid den chaisleán, ní raibh na hionsaitheoirí in ann na fothracha a thógáil.
Chuir Franco deireadh leis an léigear ar an 26 Meán Fómhair. Bua siombalach a bhí ann thar aon ní eile.
Franco i gceannas
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar an 1 Deireadh Fómhair 1936, i mBurgos, cuireadh Francisco Franco i gceannas ar rialtas Náisiúnta na Spáinne. Gaireadh “Generalísimo” nó Ard-Ghinearál an airm Fhaisistigh de, agus “Jefe de Estado” nó Ceann an Stáit san am céanna. Ar 7 Deireadh Fómhair, fógraíodh Poblacht na mBascach (Euzkadi) i Guernica.
Sa bhliain 1936 cónascadh an Falange Española de chuid José Antonio Primo de Rivera le grúpa eile den chineál céanna, an Juntas de Ofensiva Nacional-Sindicalista, chun an Falange Española de las JONS a chruthú, a bhí ina réamhtheachtaí ar an Falange Española Tradicionalista y de la Juntas de Ofensiva Nacional Sindicalista, an t-aon pháirtí dlíthiúil sa Spáinn faoi réimeas an Ghinearáil Franco ó 1937 go 1975.[5]
Cuireadh José Antonio Primo de Rivera chun báis trí scuad lámhaigh ar 20 Samhain 1936. Níor thapaigh Franco an deis le Primo de Rivera a shábháil. Mar a bhí a fhios ag madraí an bhaile, níor thaitin Rivera leis ar chor ar bith.
Cath Mhaidrid
[cuir in eagar | athraigh foinse]Le linn an chatha, chuir rialtas na poblachta a chuid óir ón phríomhchathair chuig Valencia. Tháinig Stailín isteach le cabhair ollmhór don rialtas, agus íocadh as le hór bhanc ceannais na Spáinne. Tugtar ór Mhoscú ar an eachtra seo. Ba bhuntáiste mór é seo do na faisistí, mar ní raibh an bhrú céanna orthu íoc as an tacaíocht a fuair siadsan ón Iodáil agus ón Ghearmáin.
1937
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Thit cathair Málaga i mí Eanáir faoi smacht na Náisiúnaithe.
- Thit an Tuaisceart; tharla slad Gernika ar an 26 Aibreán 1937 (féach freisin Guernica de chuid Picasso). Scriosadh trí cheathrú den bhaile agus maraíodh na céadta (ar a laghad). Níl mórán den seanbhaile ársa fágtha sa lá atá inniu ann.
- Bealtaine - cogadh cathartha na dílseoirí i mBarcelona idir na hainrialaithe agus an POUM ar taobh amháin is na Cumannaithe agus fórsaí an rialtais ar an taobh eile.
1938
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Márta - ionsaí na Náisiúnach ar an bhfronta Aragón
1939
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Cath an Ebro, titim na Catalóine, Negrín, ceannaire cumannach
Deireadh an Chogaidh Chathartha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar an gceathrú lá de Mhí na Márta, 1939 i Maidrid, phléasc ceannairc amach i measc shaighdiúirí an Rialtais. Dúirt ceannairí na reibiliúnaithe, mar atá, Segismundo Casado agus Julián Besteiro, go raibh na Cumannaigh ag beartú an chumhacht iomlán a ghabháil le lámh láidir, agus go raibh siad dírithe ar a leithéid de choup d'état a stopadh.
Ghlac na ceannaircigh seilbh ar an bpríomhchathair ar fad, agus d'fhéach siad le comhréiteach a shocrú le Franco. Ní raibh Franco sásta le haon rud ní ba lú ná géilleadh an Rialtais gan choinníoll, áfach. Thuig lucht na Poblachta go raibh an chúis caillte go hiomlán. Ghlac trúpaí Franco seilbh ar Mhaidrid ar an seachtú lá fichead de Mhí na Márta, agus briseadh an Phoblacht. Tháinig deireadh leis an gcogadh ar an chéad lá de Mhí Aibreáin, go hoifigiúil, nuair a d'fhógair Franco bua na Náisiúnaithe.
Mar sin féin, bhí cogadh eadarnaíoch á chur ag dornáin de threallchogaithe anseo is ansiúd, sna 1940idí agus sna 1950idí féin. Sa bhliain 1944, d'ionsaigh baicle de shean-Phoblachtánaigh (a raibh a seal caite acu i ngluaiseacht frithbheartaíochta na Fraince ag troid in aghaidh na Naitsithe) Val d'Aran in iarthuaisceart na Catalóine, ach ní rabhthas i bhfad á gcur faoi chois.
Príomhphearsanra an chogaidh
[cuir in eagar | athraigh foinse]I measc phríomhphearsanra an chogaidh, bhí Buenaventura Durruti, an ceannaire ainrialach a fuair bás i gcath Mhaidrid. Bhí aithne ar Dolores Ibárruri nó la Pasionaria, ceannaire cumannach, ar fud an domhain, mar gheall ar a hóráidí ar son an rialtais.
Eachtrannaigh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sheol na deachtóirí faisisteacha, Mussolini agus Hitler, fórsaí chuig an Spáinn ón Iodáil is ón Ghearmáin. Tar éis ór Bhanc Cheannais na Spáinne a fháil ar an 16 Meán Fómhair, chuir Stailín tús le hidirghabháil de fhórsaí Sóivéadacha.
D'fhógair rialtais daonlathacha na hEorpa polasaí frith-idirghabhála sa chogadh. Bhí rialtas sóisialach i gceannas sa bhFrainc faoi Léon Blum, ach bhí faitíos orthu cúnamh a thabhairt don rialtas Spáinneach ar eagla go leathnódh an choimhlint go dtí a dtír féin, mar gheall ar an teorainn leis an Spáinn.
Chuir muintir an eite chlé ar fud an domhain na Briogáidí Idirnáisiúnta le chéile.
Litríocht an chogaidh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí tionchar nach beag ar litríocht na linne ag an gcogadh. Ghlac scríbhneoirí ar nós Ramón J. Sender, George Orwell agus Ernest Hemingway páirt sa troid ar thaobh na Poblachta. Scríobh Orwell ceann dá leabhair is cáiliúla, Homage to Catalonia, faoina thaithí féin agus é ag troid ar fhronta Aragón le grúpa Marxach, an POUM. I réimse an cheoil, tá aithne ar amhráin ilghnéitheacha ar nós If You Tolerate This, Your Children Will Be Next ó na Manic Street Preachers.
Éire
[cuir in eagar | athraigh foinse]Maidir le hÉirinn, thaistil fir óga ón oileán ar fad chuig an Spáinn le troid sna Briogáidí Idirnáisiúnta, daoine ar nós Bob Doyle, Peadar O'Donnell nó iar-óglach an IRA, Frank Ryan. Ar an dtaobh eile, chuaigh grúpa ó na Léinte Gorma faoi cheannas an ghinearáil Eoin O'Duffy go dtí an Spáinn chun cabhrú le fórsaí Fhranco.[6]
I réimse an cheoil, tá aithne ar amhráin ilghnéitheacha ar nós Viva la Quinta Brigada, a scríobh Christy Moore.
- Bratach na Dara Poblachta
- Bratach na Briogáidí Idirnáisiúnta
- Bratach na faisistí
Scannánaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Scannán bunaithe ar leabhar Hemingway For whom the Bell Tolls (1940)
- Land and Freedom (1995) ón stiúrthóir Briotanach Ken Loach
- La Nina Bonita agus an Róisín Dubh, de chuid Eugene Downing, 2004[6]
Staireagrafaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Hugh Thomas, The Spanish Civil War (1961).
- Ian Gibson, La represión nacionalista de Granada en 1936 y la muerte de Federico García Lorca (1971).
- Paul Preston, La Guerra Civil (2000).
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Tá easaontas faoi thionchar an chogaidh; go ginearálta meastar go maraíodh idir 500,000 agus 1 milliún. Thar na blianta íslíodh na figiúirí agus is léir ó taighde comhaimseartha go bhfuil 500,000 an figiúr is fearr. Hugh Thomas, The Spanish Civil War (2001), pp. xviii & 899–901.
- ↑ Hugh Thomas, The Spanish Civil War (1961) ISBN 0-671-75876-4 leathanach 628
- ↑ "Solidaridad Internacional Antifascista" (as en) (2024-10-30). Wikipedia.
- ↑ "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2016-03-04. Dáta rochtana: 2017-04-01.
- ↑ Scoil Dlí, COBÁC (2020-11-20). "de Rivera" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-11-20.
- 1 2 Eugene Downing (2004). "La Nina Bonita agus an Róisín Dubh, Cogadh Cathartha na Spáinne, Spanish Civil War,2004".