Christy Moore
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 7 Bealtaine 1945 79 bliana d'aois Droichead Nua, Éire |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste an Droichid Nua |
Gníomhaíocht | |
Gairm | amhránaí, giotáraí, ceoltóir, cumadóir amhrán, ealaíontóir taifeadta |
Tréimhse oibre | 1969 – |
Ball de | |
Seánra | Ceol Ceilteach |
Uirlis | Giotár agus ceol gutha |
Teaghlach | |
Siblín | Luka Bloom |
Suíomh gréasáin | christymoore.com |
Is ceoltóir Éireannach é Christopher Andrew Moore (Gaeilge: Críostóir Aindriú Ó Móra), nó Christy Moore mar is fearr aithne air, a rugadh ar 7 Bealtaine 1945 sa Droichead Nua, i gCill Dara.
Tús a shaoil
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Ó Móra i nDroichead Nua, Contae Chill Dara, Éire. Ar dtús, bhí sé ina fhostaí bainc a bhí ag iarraidh é féin a chuir in iúl trí mheán an cheoil traidisiúnta.
I rith stailc baince i 1966, a mhair dhá seachtaine déag, chuaigh sé go Sasana, ach níor fhill sé nuair a bhí an stailc socraithe. "Bhí am fiáin iontach agam i Sasana, gan bainisteoir baince ag féachaint thar mo ghualainn," a dúirt sé. Ag déanamh obair ginearálta a bhí sé agus sheinn sé i gclubanna tíre agus tithe tábhairne Éireannach go minic áit ar bhuail sé le Séamus Ennis, Margaret Barry, Lúcás Ó Ceallaigh, Mairtin Byrnes agus go leor ceoltóirí traidisiúnta eile.
Ceol
[cuir in eagar | athraigh foinse]The Rakes of Kildare
[cuir in eagar | athraigh foinse]Chuir sé spéis sa cheol ó bhí sé an-óg. Sna 1960idí, bhunaigh sé The Rakes of Kildare lena chara Donal Lunny agus a dheartháir Frank Moore. Bhí Christy ina amhránaí, agus sheinn Frank an fheadóg stáin agus Donal an giotár.
D'eisigh Christy a chéad albam, Paddy on the Road, le Dominic Behan (deartháir le Brendan Behan).
Planxty
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bliain ina dhiaidh sin chuir Christy an grúpa Planxty le chéile, maille le Andy Irvine, Donal Lunny agus Liam Óg Ó Floinn. Bhí an-cháil ar an ngrúpa ar feadh na mblianta agus mheall siad na sluaite chun an cheoil in Éirinn agus thar lear. Ach níor aontaigh baill an ghrúpa le chéile agus d'fhág Moore iad.
Bothy Band
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tháinig grúpa ceoltóirí le chéile i 1975 chun comóradh 21 bliain a dhéanamh ar Cheirníní Ghael Linn, seachtar de na ceoltóirí is fearr sa tír ag an am. Tugadh an Bothy Band orthu agus chuaigh a gcáil ar fud an domhain. Tháinig deireadh leis an Bothy Band i 1979.
Rinneadh Moore ceirnín speisialta i 1980 chun cabhrú le a thabhairt do na stailceoirí ocrais i 1980.
Moving Hearts
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí Christy i Moving Hearts freisin, grúpa eile a raibh an-cháil air agus an-tionchar aige ar fhorbairt an cheoil in Éirinn. Bhain níos mó polaitíochta le hamhráin an ghrúpa seo, agus bhí tionchar láidir ag an gceol comhaimseartha rac ar a chuid ceoil.
Dioscliosta
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Planxty, 1973
- The Well Below The Valley, 1973
- Cold Blow And The Rainy Night, 1974
- After The Break, 1979
- The Woman I Loved So Well, 1980
- Words & Music, 1983
- The Planxty Collection, 1989
- Live 2004, 2004
- Moving Hearts (album)|Moving Hearts
- The Dark End of the Street
- Live Hearts
- The Storm
- 1975 The Bothy Band
- 1976 Old Hag You Have Killed Me
- 1977 Out Of The Wind
- 1979 After Hours (Live in Paris)
- 1983 Best Of The Bothy Band
- 1994 Live at the Point
- 1995 The Bothy Band - Live in Concert
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |