Droichead Nua

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilDroichead Nua

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 53°10′36″N 6°48′07″W / 53.1767°N 6.8019°W / 53.1767; -6.8019
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Laighean
Contae in ÉirinnContae Chill Dara Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Achar dromchla16.31 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Airde90 m Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Eile

Logainm.ie128521
Suíomh gréasáinnewbridge.ie Cuir in eagar ar Wikidata

Baile is ea Droichead Nua[1] (Newbridge as Béarla) i gCo. Chill Dara. Le daonra thart ar 20,000 is é Droichead Nua an baile is mó sa chontae.

Ainm[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tógadh An Droichead Nua isteach mar ainm oifigiúil i rith na 1930í. Roimhe seo ní raibh ach ainm Béarla ag an mbaile.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Dátaíonn lonnaíocht sa cheantar ón 12ú haois agus tá an baile reatha comhdhéanta as sé pharóiste arsa agus cuideanna de pharóiste nó dhó eile. Is iad sin Baile na Manaigh, An Chonall Mhór, Cill na Sí, Sean-Chonall, Carnalway agus Morristown Billar.

B'é Sean-Chonall an suíomh de mainstir thábhachtach, bunaithe i 1202 ag na Canónaigh Ágastaigh. Is cuimhneachán é seo agus áiteanna eile go bhfuil stair shaibhir Chríostaí ag an mbaile.

Tá bun an bhaile reatha le fáil i mbunaíocht baraic mharcshlua an Áirm Bhriotanaigh i 1818 ag áth thar Abhainn na Life i gceantar Shean-Chonaill.

Sa lá atá inniu ann is baile bisiúil é Droichead Nua le daonracht timpeall ar 21,000, ionad tábhachtach thionscail agus tráchtála i Mór-réigiún Átha Cliath. Tá ceannáras Óglaigh na hÉireann (Fórsaí Cosanta na hÉireann), suite i nDroichead Nua.

Scoileanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá ainm in airde ag an mbaile as a chuid scoileanna a thugann oideachas den scoth dá gcuid scoláirí. An scoil is tábhachtaí sa bhaile is ea Coláiste an Droichid Nua atá eagraithe ag na hAithreacha Dominigh. I measc na scoileanna eile sa cheantar tá Meánscoil Phádraig, Meánscoil an Clainne Noafa agus Ceardscoil Naoimh Chonlaidh. Is iad Scoil Mhuire, Scoil Naoimh Chonlaidh is Muire agus Scoil Naoimh Phádraig na príomh-bhunscoileanna. Le déanaí tháinig Gaelscoil Chill Dara agus bunscoil nua gan aicme creidimh ar an bhfód.

Tionscadail[cuir in eagar | athraigh foinse]

Spóirt srl[cuir in eagar | athraigh foinse]

Siopadóireacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Córas taistil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an baile maoímh as sár-naisc bóthair agus iarnróid le Baile Átha Cliath agus an Deisceart. Mheall a chóras taistil comhlachtaí ar nós Wyeth Medica agus Oral B chuig an bhaile.

Téann an mótarbhealach M7 timpeall an baile agus tá sé suite sa chóras iarnróid ar an líne ó Bhaile Átha Cliath go Chorcaigh.

Daoine cáiliúla[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Droichead Nua/Droichead Nua (Newbridge) | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.