Kathleen Lonsdale
Cuma
Criostalagrafadóir a rugadh i nDroichead Nua, Contae Chill Dara, ab ea Dame Kathleen Lonsdale (née Yardley) (28 Eanáir 1903 – 1 Aibreán 1971). An 10ú páiste a rugadh do Harry Yardley, fear a' phoist i nDroichead Nua, agus do Jessie Camer. Rinne sí taighde le William Bragg san Institiúid Ríoga i Londain. Rinne sí struchtúir don móilíní heicsimheitilbeinséin amach, ag baint feidhme as díraonach X-ghathach agus anailís Fourier. Chuir torthaí an taighde seo taca láidir faoi choincheap na bhfithiseán móilíneach sa cheimic orgánach, go hairithe le beinséin. Toghadh í ina comhalta den Chumann Ríoga sa bhliain 1945, an chéad bhean a toghadh. Fuair sí bás leis an ailse i Londain.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Kathleen Lonsdale". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 418.
| Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
| Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |