Beinséin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
WD Bosca Sonraí Comhdhúil CheimiceachBeinséin
Benzolflasche.jpg
Cuir in eagar ar Wikidata
Substaint cheimiceach comhdhúil cheimiceach, leacht inlasta Aicme IB, carcanaigin cheirde, male reproductive toxicant (en) Aistrigh, developmental toxicant (en) Aistrigh, carcainigin agus aicme eintiteas ceimiceach
Mais mhóilíneach 78.11 Da
Tacsón ina n-aimsítear é
Struchtúr ceimiceach
Foirmle cheimiceach C₆H₆
Benzene-2D-full.svg
SMILES canónta
Model 2D
C1=CC=CC=C1
InChI Model 3D
Airí
Dlús 0.88 g/cm³ (a 20 °C, leacht) Cuir in eagar ar Wikidata
Luas forleata fuaime 1,310 m/s (25 °C, leacht) Cuir in eagar ar Wikidata
Dynamic viscosity (en) Aistrigh 0.0652 Pl Cuir in eagar ar Wikidata
Comhéifeacht athraonta 1.501 (a 20 °C, 589.29) Cuir in eagar ar Wikidata
Tuaslagthacht 0.07 g/100 g (uisce, 20 °C) Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe leáite 6 °C
6 °C Cuir in eagar ar Wikidata
Fiuchphointe 80 °C (a 760 Torr)
80 °C (a 100,000 Pa) Cuir in eagar ar Wikidata
Eantrópach mólarach caighdeánach 172.8 J/(mol K)
Eantalpacht chaighdeánach an fhoirmithe 82,930 J/mol agus 49,080 J/mol
Galbhrú 75 mmHg (a 20 °C) Cuir in eagar ar Wikidata
Specific heat capacity (en) Aistrigh 16.157 J/(mol K)
Guais
Teorainn inlasta íochtair 1.2 vol%
Teorainn inlasta uachtarach 7.8 vol%
Minimal lethal dose (en) Aistrigh 170,000 mg/m³
146,000 mg/m³
20,000 ppm
5 mg/m³
20,000 ppm
100 ppm
65 mg/m³
20,000 ppm
45,000 ppm
35,000 ppm
10,000 ppm
340 mg/kg
1.1 mg/kg
2,000 mg/kg
50 mg/kg
1,400 mg/kg
5 mg/kg
194 mg/kg
44,000 ppm
44,923 ppm
52,308 ppm Cuir in eagar ar Wikidata
Median lethal dose (LD50) (en) Aistrigh 9,980 ppm
10,000 ppm
527 mg/kg
1,500 mg/kg
88 mg/kg
5,700 mg/kg
4,700 mg/kg
6,400 mg/kg
930 mg/kg
1,800 mg/kg
9.4 mg/kg
48 mg/kg Cuir in eagar ar Wikidata
Autoignition temperature (en) Aistrigh 498 °C
Meánteorainn nochta ualaithe ama 0.32 mg/m³ (10 h, luach ar iarraidh)
1 ppm (, An Ostair, An Bheilg, An Fhionlainn, An Fhrainc, An tSeapáin, An Chóiré Theas, Meicsiceo, An Iorua, An Ríocht Aontaithe)
0.5 ppm (, An Danmhairg, An Íoslainn, Peiriú, An tSualainn, An Eilvéis)
5 ppm (, An Nua-Shéalainn)
10 mg/m³ (, An Pholainn)
5 mg/m³ (, An Rúis)
10 ppm (, An Téalainn)
3.25 mg/m³ (, an Ísiltír)
25 ppm (, Na hOileáin Fhilipíneacha)
20 ppm (, An Tuirc) Cuir in eagar ar Wikidata
Short-term exposure limit (en) Aistrigh 3.19 mg/m³ (luach ar iarraidh)
4 ppm (An Ostair)
5 ppm (Meicsiceo)
40 mg/m³ (An Pholainn)
15 mg/m³ (An Rúis)
3 ppm (An tSualainn)
25 ppm (An Téalainn) Cuir in eagar ar Wikidata
Uasteorainn nochta 3 mg/m³ (An Ungáir) Cuir in eagar ar Wikidata
Splancphointe 12 °F
−11 °C Cuir in eagar ar Wikidata
Láithreach contúirteach don bheatha nó sláinte 1,595 mg/m³
NFPA 704: Standard System for the Identification of the Hazards of Materials for Emergency Response ()
Regulation (EC) No. 1272/2008 (en) Aistrigh (GHS02: flame (en) Aistrigh, GHS08: health hazard (en) Aistrigh, GHS07: exclamation mark (en) Aistrigh) Cuir in eagar ar Wikidata

Is í an bheinséin an ceann is simplí de na hidreacarbóin aramatacha. Is é struchtúr na beinséine, nó an fáinne aramatach, is comhartha sóirt do na hidreacarbóin seo go léir.

Tá fáinne sé adamh carbóin i móilín na beinséine, agus aon adamh hidrigine amháin ag gobadh amach as gach adamh carbóin. Ós rud é go gcaithfidh gach adamh carbóin ceithre nasc comhfhiúsach a cheangal le hadaimh eile, chuaigh sé rite leis na luathcheimiceoirí ciall cheart a bhaint as an bhfáinne beinséine. De réir na gnáth-thuisceana ba chóir go mbeadh gach dara nasc san fháinne ina nasc dúbailte agus na cinn eile ina naisc shingil, ach ní raibh modh imoibrithe na beinséine cosúil leis na hidreacarbóin eile a raibh naisc dhúbailte iontu. Nó bíonn na hidreacarbóin sin an-fhonnmhar imoibriú leis an hidrigin, abair, leis na naisc bhreise a oscailt. Maidir leis an mbeinséin, áfach, bíonn sí ag imoibriú cosúil leis na hidreacarbóin nach bhfuil ach naisc shingil iontu - is é sin, glacann sé le malartaí (adamh de chineál eile, nó grúpa d'adaimh) in áit ceann de na hadaimh hidrigine, ach tá an-teacht aniar san fháinne féin.

Is é an tuiscint atá againn ar an bhfáinne aramatach inniu ná nach bhfuil naisc dhúbailte ann ar aon nós, ach go scaiptear na leictreoin bhreise ar fud an fháinne ina bhfithiseán móilíneach. Deirtear go bhfuil na naisc dhúbailte dílogánaithe, is é sin, nach féidir a rá cé acu de na hadaimh charbóin a bhfuil nasc dúbailte eatarthu agus cé acu nach bhfuil.

Ba é an ceimiceoir Gearmánach Friedrich August Kekulé, thiar sa bhliain 1865, ba thúisce a mhol go raibh struchtúr an fháinne ag an mbeinséin. Dúirt sé gur taibhríodh nathair dó agus í ag baint greama as a heireaball féin, agus gurb é an taibhreamh seo a chuir an smaoineamh ina cheann an chéad uair.

Tá boladh láidir milis as an mbeinséin, cosúil lena lán hidreacarbón aramatach eile - sin é an tuige go dtugtar "hidreacarbóin aramatacha" orthu, le fírinne. Leacht geal gan dath atá ann a lasfaidh suas ar an toirt má thugann tú bladhaire tine ina aice. Bíonn an bheinséin le fáil san artola go nádúrtha, agus is amhábhar tábhachtach í don tionsclaíocht cheimiceach.

Ábhar ailse (carcainigin) agus nimh atá ann freisin.