Hidreacarbón

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Samhail 'Liathróid is maide' trítoiseach den mhóilín meatán.

Comhdhúil cheimiceach é hidreacarbón atá comhdhéanta de na dúile carbón (C) agus hidrigin (H). I ngach hidreacarbón, tá cnámh droma déanta as adaimh carbóin ar a dtugtar an cnámharlach charbón, agus adaimh hidrigin atá ceangailte leis.

Maidir leis an téarmeolaíocht cheimiceach, glaoitear íon-hidreacarbóin ar hidreacarbóin aramataca nó airéiní, alcáin, ailcéiní, agus comhdhúile ailcínbhunaithe atá comhdhéanta go hiomlán as carbón nó hidrigin. Glaoitear eisíon-hidreacarbóin go hearraideach ar hidreacarbóin eile le comhdhúile-nasctha nó neamhíonachtí de sulfair nó de nitrigin.


Cineálacha hidreacarbón[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mar a shainmhíníonn ainmníocht Aontas Idirnáisiúnta na Glan-Cheimice agus na Ceimice Feidhmí (nó an AIGCF) do cheimic orgánach, is iad na haicmithe le haghaidh hidreacarbón ná:

  1. Is iad na hidreacarbóin sháithithe na cinn is simplí de na chineálacha éagsúla hidreacarbón. Tá siad comhdhéanta go hiomlán de naisc shingile agus tá siad sáithithe le hidrigin. Is í an fhoirmle le haghaidh hidreacarbón sáithithe neamhchioglach (i.e., alcáin) ná CnH2n+2. Is í an fhoirm is ginearálta de hidreacarbóin sháithithe ná CnH2n+2(1-r), áit arb é r líon na bhfáinní. Is ciogalalcáin iad siúd a bhfuil fáinne amháin acu. Is iad na hidreacarbóin sháithithe bunús na mbreoslaí peitriliam agus faightear iad mar cineálacha líneacha nó brainseacha. Is é an t-imoibriú malartach a dtréithe (cosúil le himoibriú clóiríniúcháin chun clóraform a dhéanamh). Tugtar isiméirí struchtúracha ar hidreacarbóin a bhfuil an fhoirmle mhóilíneach chéanna acu ach foirmlí struchtúracha éagsúla. Mar a thugtar sa sampla de 3-meitilheacsán agus a homalógach níos airde, is féidir hidreacarbóin brainseacha a bheith ciriúil. Is éard atá i hidreacarbóin sháithithe ciriúla ná taobhshlabhraí de bhithmhóilíní mar chlóraifill agus tócaifearóil.[1]
  2. Tá naisc dhúbailte nó thriaracha idir adamh carbóin ag hidreacarbóin neamhsháithithe. Tugtar ailceanna orthu siúd a bhfuil naisc dhúbailte acu. Tá an fhoirmle CnH2n acu siúd a bhfuil naisc dhúbailte amháin acu (ag glacadh le struchtúir neamhchioglacha). Tugtar ailcíde orthu siúd a bhfuil naisc thriaracha acu. Tá an fhoirmle CnH2n- 2 acu siúd a bhfuil naisc thriaracha amháin acu.
  3. Is hidreacarbóin aramatacha, ar a dtugtar airéiní freisin, na hidreacarbóin a bhfuil fáinne aramatach amháin ar a laghad acu. Is hidreacarbóin aramatacha iad 10% den astaíocht charbóin orgánach neamh-mheatáin iomlán ó sceite feithiclí faoi thiomáint gásailín.[2]

Hidreacarbóin shimplí agus a n-éagsúlachtaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Athruithe ar hidreacarbóin bunaithe ar líon na n-adamh carbóin
Líon na
n-adamh carbóin
Alcán (Nasc singile) Ailcéin (Nasc dúbailte) Ailcín (Nasc triarach) Cioglalcán Dé-éin
1 Meatán
2 Eatán Eatán (eitiléin) Eitín (aicéitiléin)
3 Própán Própán (Próipiléin) Própán (methylaicéitiléin) Cioglaprópán Própaidhé-éin (ailléin)
4 Bútán Búitéin (Búitiléin) Búitín Cioglabútán Bútaidhé-éin
5 Peantán Peantán Pentyne Cyclopentane Pentadiene (piperylene)
6 Heacsán Heacsán Heacsán Cioglaiheacsán Hexadiene
7 Heaptán Heaptán Heaptán Cioglaiheaptán Heptadiene
8 Ochtán Ochtán Octyne Cioglochtán Octadiene
9 Naonán Naonán Nonyne Cioglnaonán Nonadiene
10 Deacán Deacán Decyne Cioglaideacán Decadiene
11 Aondecán Undecballene Undecyne Cioglaondecán Undecadiene
12 Dódecán Dódecán Dodecyne Ciogldódecán Dodecadiene

Imoibrithe ceimiceacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is í an ghné is suntasaí a bhaineann le hidreacarbóin ná a neamhghníomhach, go háirithe do bhaill sáithithe. Seachas sin, is féidir trí phríomhchineál imoibrithe a aithint:

  • Imoibriú malartaíochta
  • Imoibriú suimithe
  • Dóchán

Comhdhúil indóite atá ann, agus is iad na comhábhair is mó i mbreoslaí iontaiseacha, mar shampla peitriliam, gual, agus gás nádúrtha. An t-aon hidreacarbón atá le fáil go flúirseach ná meatán.

Is féidir le hidreacarbóin a bheith ina ngáis (e.g. meatán agus própán), leachtanna (e.g. heacsán agus beinséin), céarachasolaid le leá íseal (e.g. céir pharaifín agus naftailéin) nó polaiméirí (e.g. poileitiléin, polapróipiléin agus polaistiréin).

Tagraíonn an téarma 'alafatach' do hidreacarbóin neamh-aramatacha. Uaireanta tugtar 'pairifíní' ar hidreacarbóin sháithithe alafatacha. Uaireanta tugtar 'olaifíní' ar hidreacarbóin alafatacha ina bhfuil nasc dúbailte idir adamh carbóin.

Airíonna ginerálta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Hideacarbóin shimplí agus a gcomhathruithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Úsáidí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Úsáidtear hidreacarbóin den chuid is mó mar fhoinse breosla indóite. Is é meatán an phríomhchomhábhar de ghás nádúrtha.

hidreacarbón[cuir in eagar | athraigh foinse]

Peitriliam[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Meierhenrich, Uwe. Amino Acids and the Asymmetry of Life Curtha i gcartlann 2 Márta 2017 ar an Wayback Machine. Springer, 2008. ISBN 978-3-540-76885-2
  2. "TROPOSPHERIC CHEMISTRY AND COMPOSITION (Aromatic Hydrocarbons)".