Measann na heolaithe go bhfuil breis is dúbailt ar an tiúchan meatáin san aer le 300 bliain anuas, ó 650 cuid sa bhilliún go dtí 1700 cuid sa bhilliún, agus go bhfuil sé ag méadú 1% gach bliain anois. Cuireann sé go suntasach leis an iarmhairt cheaptha teasa san atmaisféar agus le timpeall 25% den fhorthéamh domhanda atá ag tarlú de bharr sceitheadh gáis cheaptha teasa ag an gcine daonna.[2]
lúb aischothaithe
B'fhusa iarmhairt meatáin sa phróiseas seo a laghdú ná iarrnhairt déocsaíd charbóin, de bhrí nach maireann sé ach 10 mbliain san atmaisféar (maireann déocsaíd charbóin timpeall 200 bliain) agus nach gá ach gearradh siar 20% ar a tháirgeadh chun a thiúchan san atmaisféar a laghdú. Tá an tuairim ag eolaithe ar leith go raibh tionchar tábhachtach ag meatán i dtéamh is fuarú an domhain sna hoighearaoiseanna seo caite.[2]