Clóraifill
Cuma
Tugtar clóraifill[1][2] ar an lí ghlas, ar díorthach porfairin mhaignéisiam í, a fhaightear i bplandaí, in algaí, agus i gcianbhaictéir, agus a ionsúnn fuinneamh radanta ó sholas na Gréine, den chuid is mó sa raon gorm (le tonnfhaid 435-8 mm) is sa raon dearg (tonnfhaid 670-80 nm). Tarlaíonn imoibriú idir dé-ocsaíd charbóin agus uisce agus déantar glúcós agus ocsaigin. Scaoiltear an ocsaigin amach san aer, agus déantar stáirse agus stóráiltear é. Faightear athraithigh, agus is iad na cinn is tábhachtaí clóraifill a is clóraifill b i bplandaí tíre, agus clóraifill c is clóraifill d i bhfeamainn na farraige.[3] Tagann an t-ainm ón Ghréigis: χλωρός (chloros "glas") agus φύλλον (phyllon "duilleog").
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Pádraig Ó Mianáin, eag.: “chlorophyll — Aistriúchán Gaeilge ar chlorophyll (An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge)” (ga). An Gúm (2020). Dáta rochtana: 2023-06-17.
- ↑ ““chlorophyll” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-17.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Clóraifill". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 148.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |