Glúcós

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Comhdhúil CheimiceachGlúcós
Substaint cheimiceachgroup of isomeric entities (en) Aistrigh
Rólmilseoir, essential medicine (en) Aistrigh agus príomh-mheitibilít
Struchtúr ceimiceach
Foirmle cheimiceachC₆H₁₂O₆

Comhdhúil cheimiceach le foirmle C6H12O6 is ea glúcós,[1] a dtugtar deastrós[2]deaslós[3] air freisin. An siúcra sécharbón is coitianta, agus príomhtháirge na fótaisintéise i bplandaí. Is polaiméirí comhdhlúthúcháin iad stáirse is ceallalós an ghlúcóis araon. Cuimsíonn maltós, lachtós is siúcrós iarmhar glúcóis amháin, ar a laghad, agus is féidir glúcós a fháil uathu trí hidrealú aigéadach nó einsímeach.[4]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): glúcós” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2024-01-01.
  2. Pádraig Ó Mianáin, eag.: “dextrose — Aistriúchán Gaeilge ar dextrose (An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge)” (ga). An Gúm (2020). Dáta rochtana: 2024-01-01.
  3. Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): deaslós” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2024-01-01.
  4. Hussey, Matt (2011). "Glúcós". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 324.