Lachtós
Jump to navigation
Jump to search
Siúcra bainne, carbaihiodráit bhán chriostalta déshiúcraíde, rud beag milis. An fhoirmle chéanna atá ag maltós is siúcrós (C12H22O11) ach struchtúr difriúil. Le fáil i mbainne na mamach agus cealla na faireoige cíochaí. Tábhachtach i gcothú an mhamaigh óig. Nuair a hidreálaítear é le heinsím nó aigéad, táirgtear glúcós is galactós.
![]() |
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |