Lus na Maighdine Muire

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Lus na Maighdine Muire
Saint John's wort flowers.jpg
Aicmiú eolaíoch
Ríocht:Plantae
Ord:Malpighiales
Fine:Hypericaceae
Géineas:Hypericum
Speiceas:H. perforatum

Planda bliantiúil nó ilbhliantúil, uaireanta ina thom, is ea lus na Maighdine Muire (Hypericum perforatum). Luaitear le Colm Cille is Muire chomh maith é. Tá sé dúchasach ar fud na réigiún measartha is na sléibhte trópaiceacha. Na duilleoga breactha le faireoga, urchomhaireach nó bíseach, an-chaol nó ubhchruthach. Na bláthanna go minic mór feiceálach, buí le 5 pheiteal is an-chuid staimíní. Capsúl nó caor an toradh. An-chuid úsáidí aige mar luibh sa sean-am: cosaint ar asarlaíocht is oilc eile, agus luibh íce. Chuir Bord Leigheasra na hÉireann cosc ar a dhíol in Éirinn mar chógas leighis i 2001, mar gheall ar na drochiarmhairtí a fhéadfaidh a bheith aige, go mór mór nuair a bhíonn cógais eile leighis in úsáid ag duine ag an am céanna.