Hidrealú

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Scoilt móilín trí ghníomhú uisce. Úsáidtear an téarma go príomha ar thiontú eistir chuig alcól is aigéad (i dtiontú saille go dtí gliosról is aigéid shailleacha, mar shampla) agus cúlú an pholaiméiriúchán comhdhlúthúcháin, chun próitéiní a bhriseadh ina n-aimínaigéid is polaishiúicrídí a thiontú ina siúcraí. Úsáidtear an téarma freisin chun cur síos ar thiontú salann aigéid nó buin ar ais go dtí an t-aigéad nó an bun sin.