Polaiméiriúchán

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Cruthú móilín mhóir, polaiméire, trí móilíní níos lú (monaiméirí) a chuingriú. Is démhéir cuingriú dhá mhonaiméir, agus trímhéir cuingriú 3 cinn. Tugtar olagaiméirí ar pholaiméirí beaga le 3-10 monaiméar iontu. Is féidir gur monaiméirí den chineál céanna na monaiméirí, mar atá i bpoileitiléin, nó gur dhá mhóilín chomhlántacha iad, mar atá i bpolaimíd nó poileistear. Bíonn dhá phríomhshaghas imoibrithe i gceist sa phróiseas: comhdhlúthú ina ndéantar fotháirge, agus suimiú mar nach mbíonn fotháirge. Is féidir go mbeidh 100-10,000 monaiméir comhshnaidhmthe i móilín polaiméire amháin.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Polaiméiriúchán". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 530.