Tócaifearóil

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Grúpa beag comhdhúl le hairíonna frithocsaídeacha. Is é alfathócaifearól (vitimín E) an ceann is gníomhaí, a choscann camhrú in olaí atá lán de pholaigéid shailleacha neamhsháithithe. Dáilte go forleathan i mbianna, ach le tiúchan an-ard in olaí plandúla. Na feidhmeanna céanna aige sa cholainn, ag caomhnú iomláine scannán ina bhfuil cuid mhaith polaigéad sailleach neamhsháithithe. Is annamh uireasa vitimín E i ndaoine.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Tócaifearóil". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 666.