Aramatacht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Móilín beinséine. Tá fíorstruchtúr na beinséine idir eatarthu idir an dá chuid seo.

Is airí cheimiceach í an aramatacht. Bíonn sí le fáil i gcomhdhúile ceimiceacha orgánacha ina bhfuil na naisc shingil agus na naisc dhúbailte ag teacht sna sálaí ag a chéile de réir na foirmle struchtúrtha - is é sin, is naisc chomhchuingeacha dhúbailte iad. I gcomhdhúil aramatach, ní bhíonn gnáthiompar ceimiceach na nasc dúbailte le haithint ar an gcomhdhúil, ó tá an difríocht idir an dá chineál nasc imithe, agus cineál naisc "leathdhúbailte" tagtha ina n-áit.

Is é an fáinne beinséine an córas aramatach is simplí, ach tá córais aramatacha ann is casta ná é.