Séamus Ennis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Séamus Ennis sna 1950

Píobaire uilleann, amhránaí, portaire béil, craoltóir agus bailitheoir ceoil agus béaloidis ab ea Séamus Ennis (Séamus Mac Aonghusa, 1919 - 1982), a bhí inniúil ar chanúintí Gaeilge na hÉireann agus ar Ghàidhlig na hAlban.[1] Bhailigh sé neart béaloidis agus ceol traidisiúnta Gaelach. Tá a rian fós le cloisteáil ar cheoltóirí na linne seo.

Óige[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa mbliain 1908, cheannaigh athair Shéamuis, James, mála phíobaí uilleann scartha amach ó theach gill. Ceithre bliana ina dhiaidh sin fuair sé an dara háit san Oireachtas leis na píobaí céanna. Rugadh a mhac Séamus ar an 5ú Meitheamh, 1919 i Jamestown i bhFionn Ghlas, i mBaile Átha Cliath. Chuaigh sé go gaelscoileanna Scoil Cholm Cille agus Coláiste Mhuire agus b'é ansin a fuair sé a chuid Gaeilge. Nuair a bhí Séamus trí bliana deag d’aois thosaigh sé ag foghlaim na píobaí oná athair. Ba cheoltóir mór agus cáiliúl é ag a fiche ‘s a haon bliain d’aois. Ba ghnách le Séamus an seit ceannaithe ag a athair dhá chasadh go dtí lá a bháis.

The Naul, BÁC

Obair bhailigh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nuair a bhí sé trí bliana fichead d’aois, thosaigh sé ag obair le Coimisiún Béaloideasa Éireann. D'oibrigh sé le Coimisiún Béaloideas Éireann idir na blianta 1942 agus 1947. An jab a bhí aige ná amhráin agus ceol a bhailiú ó mhuintir na Gaeltachta agus na Galltachta.

Le linn na mblianta 1942-1947 thaistil sé ar fud na tíre agus an Inse Ghall. Cuireann Séamus síos ar na blianta sin ina dhialann taistil; bhí a dhialann curtha in eagar ag Ríonach Uí Ógáin sa leabhar Mise an Fear Ceoil (Cló Iar-Chonnachta, 2007).

Dúirt sé amhráin gur fhoghlaim sé ag an am seo ar a chuid taifeadtaí; i dteannta leo chas sé na tiúineanna gur chuala sé ar a phíobaí. Leis á amhráin i nGaeilge, i mBéarla, agus an saineolas a bhí ina phíobaireacht, ba shamhail a chuid ceoil don cheoltóir den chead ghlúin eile.

Bás[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Ennis buailte ag an ailse scornach. Cailleadh é ar an 5 Deireadh Fómhair 1982 i gContae Bhaile Átha Cliath.

Ceirníni[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • The Bonny Bunch of Roses (1959)
  • Forty Years of Irish Piping (1974)
  • The Pure Drop (1974)
  • The Fox Chase (1974)
  • The Best of Irish Piping (1974)
  • Feidhlim Tonn Rí's Castle (1977)
  • The Ace and Deuce of Piping
  • The Wandering Minstrel (1977)
  • The Return from Fingal (1997)
  • Two Centuries of Celtic Music (2001)
  • Séamus Ennis - Ceol, Scealta agus Amhráin (2006, nua-dhéanta as taifead ó 1961)

Bailiúcháin[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Green Linnet 20th Anniversary Collection (1996)
  • Alan Lomax Sampler (1997)
  • Irish Pipe & Tin Whistle Songs
  • Traditional Dance Music of Ireland (1997)

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Shane Ó Curraighín (2019-09-25). "Saol agus saothar Shéamuis Ennis á gceiliúradh ar an gClochán" (in ga).