Derek Mooney
Cuma
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 4 Márta 1967 59 bliana d'aois Baile Átha Cliath, Éire |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | pearsa raidió, láithreoir teilifíse |
Is láithreoir raidió agus teilifíse Éireannach é Derek James Mooney. Rugadh é ar an 4 Márta 1967 i mBaile Átha Cliath. Go dtí 2015, chuir sé Mooney ar RTÉ Raidió 1 i láthair. Ar an teilifís, chuir sé Echo Island, Gridlock, Winning Streak, Cabin Fever, You're a Star, The Big Money Game, Fame: The Musical, The Genealogy Roadshow agus Who Knows Ireland Best?, srl i láthair.
Conspóid
[cuir in eagar | athraigh foinse]€197,151 an tuarastal a bhí ag Mooney i 2024, an t-ochtú láithreoir is airde pá san eagraíocht de réir na bhfigiúirí. Ach in 2026,
tháinig sé chun solais go raibh Mooney rangaithe mar léiritheoir idir 2020 agus 2024 agus ní mar láithreoir. Mar sin bhí tuarastal an Uasail Mooney fágtha ar lár i liosta an deichniúir ba mhó a bhí ag tuilleamh i rannóg na láithreoirí.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Nuacht RTÉ (2026-05-15). "Cosaint déanta ar rangú ról an chraoltóra Derek Mooney ag RTÉ" (as ga-IE).