Miriam O'Callaghan
(2015) | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 6 Eanáir 1960 64 bliana d'aois Carraig an tSionnaigh, Éire |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath |
Gníomhaíocht | |
Gairm | craoltóir |
Fostóir | Raidió Teilifís Éireann |
Teaghlach | |
Céile | Steve Carson (1983–1995) Tom McGurk (2000–) |
Siblín | Jim O'Callaghan |
Is iriseoir Éireannach i gcúrsaí reatha í Miriam O'Callaghan. Rugadh í ar an 6ú hEanáir 1960 i mBaile Átha Cliath. Cuireann sí cláir cúrsaí reatha i láthair ar an raidió agus ar an teilifís. Cuireadh í Prime Time i láthair ar RTÉ 1 ón bhliain 1996.
Saol a hÓige
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Miriam i gCarraig an tSionnaigh, Baile Átha Cliath i 1960, iníon de Jerry, Státseirbhíseach sinsearach as Contae Chiarraí, agus Miriam, príomhoide bunscoil as Contae Laoise[1][2]. Is í an dara páiste i dteaghlach cúigear clainne, ceathrar cailín agus buachaill amháin[2]. Abhcóide, TD, agus baill de cheannasaíocht Fianna Fáil is ea a dheartháir Jim[3]. D'fhreastail Miriam ar Bhunscoil Naomh Brigid i gCábán tSíle, Baile Átha Cliath. Príomhoide sa bhunscoil seo ab ea a máthair ar feadh 40 bliana[4][5]. Bhain sí amach céim i ndlí i 1979 ó COBÁC agus i 1981 bhain sí amach dioplóma iarchéimí i ndlí an Eoraip[6].
Bhí sí ar an dteilifís don chéad uair sna 1980dí, i fógraíocht Bainne Avonmore. Tá an fógraíocht le feiceáil ar an gCartlann Scannán na hÉireann[7].
Gairm sa Bhreatain
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tar éis cháiligh í ina abhcóide i 1983, bhog í go Londain lena fear céile Tom McGurk, agus thosaigh sí ag obair mar thaighdeoir ar Theilifís Thames. Thosaigh sí ag obair ar This Is Your Life, a cuireadh Eamonn Andrews i láthair[8]. Ansin d'oibrigh sí mar thaighdeoir cúrsaí reatha. Bhog sí go dtí an BBC i 1987 agus thraenáil sí mar léiritheoir in Ionad Teilifíse BBC i Londain Thiar[8].
Mar léiritheoir, d'oibrigh sí ar Kilroy, Family Matters agus Prime Time, freagrach as cláir speisialta i Hong Cong agus in Iarúsailéim. Chuaigh sí isteach mar thuairisceoir ar Newsnight, príomhclár cúrsaí reatha BBC, ar feadh 10 mbliana. Agus í ansin, rinne sí maoirseacht ar roinnt cláir imscrúdaithe tábhachtach, an t-iomrall ceartais faoin UDR 4 agus an t-iomrall ceartais faoi Kiranjit Ahluwalia san áireamh. Rinne sí obair le haghaidh Newsnight ar an Proiséas Síochána Tuaisceart na hÉireann[9].
Gairm RTÉ
[cuir in eagar | athraigh foinse]D'fhill O'Callaghan go hÉirinn i 1993 ag obair le RTÉ. Sa tús, chuir sí an clár eacnamaíocht agus gnó Marketplace i leith. Bhí sí fós ag obair leis an BBC, ar an gcéad sraith don chlár ITV Tonight with Trevor MacDonald[10]. Ó 1996, bhí sí ag obair le RTÉ amháin, mar láithreoir Prime Time[8]. Thaistil sí go Lucsamburg agus an Bhruiséil tar éis buamáil sa Bhruiséil i 2016, chun Prime Time a chur i leith sa Bhruiséil[11].
I 2005, thosaigh sí an chéad sraith ar a gclár cainte samhradh féin, Saturday Night with Miriam[12]. Rith an clár gach samhradh ó 2005-2017. Ghlac siad sos sa bhliain 2018, agus sa bhliain 2019 dúirt RTÉ nach mbeidh an clár ar ais mar gheall ar sceidil chontrátha[13]. Bhí sí ina láithreoir ar cláir theilifíse ar nós Surgeons i 2007 agus Who Do You Think You Are? i 2008[14][15]. Tá sí le feiceáil sa chlár Reeling in the Years i 1993, 1996, 2000 agus 2001. Chuir sí an clár Oíche Chinn Bliana i leith ar RTÉ i 2011 agus 2012[16].
Thosaigh sí ag obair mar láithreoir raidió ar RTÉ leis an gclár samhradh Miriam Meets i 2009[8]. Dúirt RTÉ i mí Lúnasa 2009 go mbeidh an clár ar siúl go bonn buan ar RTÉ Raidió 1 gach Domhnaigh. I 2013, sheas O'Callaghan isteach mar láithreoir bhonn buan ar RTÉ Raidió 1 ar an bpríomhclár na maidine, nuair a bhí láithreoir John Murray ar saoire thinnis[17]. Ina dhiaidh sin, fuair sí clár beo raidió nua, gach Domhnach ar RTÉ Raidió 1. Tá an clár ar siúl fós, leis an ainm Sunday with Miriam[17].
Ar an 24ú Deireadh Fómhair 2012, san ionad rialú náisiúnta RTÉ, bhuail sí an cnaipe a chur stop leis an tarchur teilifís analógach a raibh á úsáid in Éirinn ar feadh 50 bliana[18].
Saothraíonn O'Callaghan ceann de na tuarastail is airde i RTÉ, de réir eolas ó 2016[19].
Gradaim
[cuir in eagar | athraigh foinse]I 2003, bhuaigh O'Callaghan Duais Pearsa Theilifíse na Bliana sna hIFTAs[6]. Bhuaigh sí an Duais Stíl RTÉ Guide i 2007[16].
Bhuaigh an clár Miriam Meets... Gradam Raidió PPI i 2011[16]. Rinne O'Callaghan agallamh Prime Time le Praveen Halappanavar i 2013 agus bhuaigh an t-agallamh an Gradam Justice Media i 2013, sa chatagóir Nuacht Teilifíse[20].
Ghlac sí céim onóir Dochtúir na Litir (D.Litt.) ón Ollscoil na nUladh, Doire i 2011[6]. I 2017 bronnadh Dochtúir an Dlí uirthi as Ollscoil na hÉireann, Corcaigh[21].
Saol Pearsanta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá ochtar clainne aici[22]. Bhí sí pósta ar Tom McGurk ó 1983-1995 agus tá ceathrar iníon acu, Alannah, Clara agus cúpla Jessica agus Georgia[23]. Bhuail sí le Steve Carson agus iad ag obair ar Newsnight[9]. Pósadh an lánúin i 2000 agus bhun iad comhlacht teilifíse, Mint Productions[24]. Tá ceathrar mhac acu, Jack, Daniel, Conor agus Jamie[23].
Tugann sí tacaíocht do roinnt carthanais, ISPCC[25], Make A Wish[26] agus Trick or Treat (Sráid Teampall)[27] san áireamh[20]. Is pátrún í ar Clíona's Foundation[28].
Naisc Sheachracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Miriam O'Callaghan: "Life is not about perfection for me"" (as en) (2019-05-27).
- ↑ 2.0 2.1 "Jim O'Callaghan on growing up with five strong women - 'The house was dominated by feminism to a certain extent'" (en). independent. Dáta rochtana: 2020-03-12.
- ↑ Marie O'Halloran. "Election 2020: Jim O’Callaghan (Fianna Fáil)" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2020-03-12.
- ↑ "Back to school for Miriam and mum" (en). independent. Dáta rochtana: 2020-03-12.
- ↑ "'My teacher mum was my biggest inspiration growing up' - Miriam" (en). independent. Dáta rochtana: 2020-03-12.
- ↑ 6.0 6.1 6.2 "MIRIAM O'CALLAGHAN" (en-GB). UCD Alumni Awards. Dáta rochtana: 2020-03-12.
- ↑ "Avonmore Milk: Taste the Freshness" (as en-GB) (2017-04-25).
- ↑ 8.0 8.1 8.2 8.3 "RTÉ Archives | Miriam O'Callaghan". www.rte.ie. Dáta rochtana: 2020-03-13.
- ↑ 9.0 9.1 "My 1990s memories Miriam O'Callaghan" (en). independent. Dáta rochtana: 2020-03-13.
- ↑ "Tonight with Trevor McDonald (TV Series 1999– ) - IMDb" .
- ↑ "PICS: The RTÉ Prime Time Brussels attacks special has got a lot of people talking" (en). JOE.ie. Dáta rochtana: 2020-03-13.
- ↑ "Saturday Night with Miriam" .
- ↑ "Saturday Night with Miriam won’t be returning to our screens this year" (en-GB). VIP Magazine (2018-03-21). Dáta rochtana: 2020-03-13.
- ↑ "Who Do You Think You Are? (TV Series 2008– ) - IMDb" .
- ↑ "Surgeons (TV Series 2007– ) - IMDb" .
- ↑ 16.0 16.1 16.2 "MIRIAM O'CALLAGHAN" (en-GB). Pendulum Summit. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-08-03. Dáta rochtana: 2020-03-13.
- ↑ 17.0 17.1 "Miriam O'Callaghan to get her own 'Sunday with Miriam' radio show" (en). independent. Dáta rochtana: 2020-03-13.
- ↑ Sinead O'Carroll. "VIDEO: The moment Ireland switched off its analogue signal" (en). TheJournal.ie. Dáta rochtana: 2020-03-13.
- ↑ Shauna Bowers. "Salaries for 10 highest-paid RTÉ presenters amounted to €3m in 2016" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2020-03-13.
- ↑ 20.0 20.1 "Miriam O'Callaghan" (en). www.hrb.ie. Dáta rochtana: 2020-03-13.
- ↑ "Honorary Conferrings Speeches Archive" (en). University College Cork. Dáta rochtana: 2020-03-13.
- ↑ "Miriam O'Callaghan: 'It's a great time to be a woman in Ireland'" (en). independent. Dáta rochtana: 2020-03-13.
- ↑ 23.0 23.1 "Miriam O'Callaghan: 'I don't believe in keeping secrets, but I have to be careful when it comes to my adult children'" (en). independent. Dáta rochtana: 2020-03-13.
- ↑ Ronan McGreevy. "Steve Carson to leave RTÉ for BBC Northern Ireland" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2020-03-13.
- ↑ "Miriam O'Callaghan | ISPCC". www.ispcc.ie. Dáta rochtana: 2020-03-13.[nasc briste go buan]
- ↑ "Our Ambassadors | Make-A-Wish". www.makeawish.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-09-22. Dáta rochtana: 2020-03-13.
- ↑ "Miriam O’Callaghan launches Trick or Treat" (en-US). Temple Street Children's Charity (2014-10-02). Dáta rochtana: 2020-03-13.
- ↑ idfmarketing (2014-11-25). "Miriam O'Callaghan Launches New Information Booklet - Family Charity Ireland" (en-US). Clionas. Dáta rochtana: 2020-03-13.