Proinsias Mac Aonghusa

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaProinsias Mac Aonghusa
Beathaisnéis
Breith23 Meitheamh 1933
Gaillimh, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás28 Meán Fómhair 2003
70 bliana d'aois
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste Iognáid Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmúdar Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge
Teaghlach
CéileCatherine McGuinness Cuir in eagar ar Wikidata
Proinsias Mac Aonghusa

Craoltóir, iriseoir, fear Gaeltachta, athbheochantóir, Conraitheoir, fear cúise, fear polaitíochta agus taidhleoir idirnáisiúnta ab ea Proinsias Mac Aonghusa (19332003).[1] B'as Gaeltacht Chonamara ó dhúchas dó. Iar-uachtarán ar Chonradh na Gaeilge. Chaith sé seal san Afraic ag obair do na Náisiúin Aontaithe. Phós sé Catherine McGuinness.

Ba mar fhear ildánach, iltréitheach a shamhlaítí go minic é ach is mar iriseoir agus mar chraoltóir is mó a mhairfidh a cháil. Ó 1952 go ham a bháis in 2003, bhí sé ag craoladh agus ag cur cláir raidió agus teilifíse i dtoll a chéile.

Aeriris[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí cáil ar an irischlár seachtainiúil 'Aeriris', a léirigh Proinsias agus a chuir sé i láthair ar feadh ocht mbliana ar Raidió Éireann (1960-1968). D’éirigh go han-mhaith, freisin, lena chéad chlár teilifíse 'An Fear agus a Scéal', a chraoladh i dtús laethanta Theilifís Éireann agus le sraith d’agallaimh fhada phearsanta 'Proinsias Mac Aonghusa ag caint le...' a chraoladh ar Raidió na Gaeltachta i 1981. Bronnadh duais Jacob ar Phroinsias i 1963 as feabhas a chuid agallamh.

Tá cnuasach tábhachtach ábhair, idir chraolta agus chlóite, curtha ar fáil ag Proinsias thar na blianta a bheidh mar cháipéisí luachmhara staire amach anseo agus a thabharfaidh léargas ar ghnéithe den saol, nach bhfeicfeadh solas an lae go deo, b’fhéidir, murab é, go háirithe i ré na cinsireachta agus an fhrithnáisiúnachais sna seachtóidí.

Thar aon chlár eile, d’fhéadfaí a rá gur bhain Proinsias barr feabhais amach leis an gclár cáiliúil cúrsaí reatha teilifíse 'Féach', ar a raibh sé ag obair ó 1969 go dtí gur cuireadh deireadh leis sa bhliain 1985. Bhíodh lucht féachana 500,000 – 600,000 duine ag an gclár go rialta, a bhuíochas sin do Phroinsias agus dá chomhghleacaithe, Breandán Ó hEithir agus Éamonn Ó Muirí, ina measc.

Altanna sna nuachtáin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí an-spéis freisin ina cholúin tuairimíochta Marcus Taobh Istigh i bhFoinse, a altanna seachtainiúla in Anois roimhe sin, a cholún Gulliver sa Sunday Press, a altanna míosúla in Feasta, gan trácht ar ábhair a foilsíodh i gComhar, san Irish Press, sa Munster Express, in Hibernia agus sa New Statesman.

Cé gur i nGaeilge is mó a shaothraigh Proinsias mar iriseoir agus mar chraoltóir, chuir sé neart ábhar ar fáil i mBéarla chomh maith. Bhí clár rialta seachtainiúil aige ar feadh dhá bhliain ar Ulster Television agus ghlac sé páirt in a lán cláracha eile ar raidió agus ar theilifís an BBC.

Fear Gaeltachta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fear Gaeltachta a bhí ann. Cé gur rugadh i mBóthar na Trá i nGaillimh é, is ar an nGort Mór i Ros Muc a tógadh é. B’as Uíbh Fhailí dá athair Criostóir a bhí ina mhúinteoir scoile in Inis Treabhair agus níos déanaí i Ros Muc. B’as Cill Bhriocáin dá mháthair, Mairéad de Lappe. Cuireadh oideachas ar Phroinsias ar an nGort Mór i Ros Muc, i gColáiste Iognáid i nGaillimh agus i Scoil Aisteoireachta Amharclann na Mainistreach i mBaile Átha Cliath, áit a raibh sé ó 1951-1953.

Cé gur chaith Proinsias formhór a shaoil i mBaile Átha Cliath, níor thug sé cúl lena dhúchas Gaeltachta riamh. Bhí gach Gaeltacht sa tír siúlta aige ach bhí luí ar leith aige le Gaeltacht Chonamara agus le muintir Chonamara, muintir Ros Muc ach go háirithe – an pobal as ar fáisceadh é. Bhí spéis mhór aige i nGaeltacht Ráth Cairn chomh maith.

Bhí sé páirteach san iliomad feachtais ar son chearta mhuintir na Gaeltachta i rith a shaoil agus thug sé tacaíocht ar leith do Bhríd Nic Dhomhnaill ina troid ar son Aifrinn Ghaeilge i mBun na gCnoc agus chabhraigh sé go mór chun cás Bhríd agus an leatrom a bhí á dhéanamh uirthi a chur os comhair an phobail.

Conraitheoir[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Proinsias Mac Aonghusa ina bhall de Chonradh na Gaeilge ó bhí sé sna déaga. Sheas sé don Choiste Gnó den chéad uair ag an Ard-Fheis sa Guildhall i nDoire sa bhliain 1987 agus toghadh é. Dhá bhliain níos déanaí, toghadh ina Uachtarán ar an gConradh é.

Cúig bliana a chaith sé mar Uachtarán (1989-1994) agus ba cheannaire agus urlabhraí thar a bheith cumasach é. Dúirt sé go minic gurbh é an gradam a bronnadh air nuair a toghadh mar Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge é, an gradam ba mhó a bhronnadh air riamh.

Bhí sé chun tosaigh le linn na tréimhse sin sa bhfeachtas ar son Bhille Cearta don Ghaeilge, sa bhfeachtas ar son Theilifís na Gaeilge agus chuir sé béim ar leith ar thábhacht na Gaeltachta agus mhuintir na Gaeltachta. Bhunaigh sé Tionól bliantúil Gaeltachta an Chonartha.

Chomh maith le bheith ina Uachtarán ar an gConradh, ceapadh ina Chathaoirleach ar Bhord na Gaeilge é i 1990 agus chaith sé deich mbliana (1993-2003) ina chomhalta den Chomhairle Ealaíon.

Fear polaitíochta agus taidhleoireachta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí an domhan mór siúlta ag Proinsias. Sna blianta 1974-1975, bhí sé ina chomhairleoir speisialta do na Náisiúin Aontaithe sa Namaib agus, le linn na tréimhse céanna, bhí sé ina bhall de mhisin speisialta taidhleoireachta ag na Náisiúin Aontaithe san Éigipt, san Ailgéir, sa tSáir agus sa Tansáin.

Bhí sé ina bhall de Pháirtí an Lucht Oibre agus ina Leas-Chathaoirleach ar an bpáirtí ar feadh tamaill sular éirigh sé as de bharr conspóide. Sheas sé faoi dhó i dtoghcháin Dála, i 1965 mar iarrthóir ag Páirtí an Lucht Oibre i gContae. Lú agus i 1969 mar iarrthóir neamhspleách i nDáilcheantar Dhún Laoghaire / Ráth an Dúin. D’éirigh sé as an bpolaitíocht páirtíoch i 1969. Bhí dearcadh neamhspleách poblachtach agus sóisialach aige go deireadh a shaoil, áfach.

Bhí Proinsias pósta leis an nGiúistís Catherine McGuinness agus bhí triúr clainne orthu, Caitríona, Dónall agus Diarmaid.

A Shaothar i bhFoirm Leabhar[cuir in eagar | athraigh foinse]

(i gcomhar le Tomás de Bhaldraithe)

I measc na saothar leis a foilsíodh i mBéarla, tá

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]