Marian Finucane

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Marian Finucane
Saol
Eolas breitheBaile Átha Cliath, 21 Bealtaine 1950
NáisiúntachtÉire
BásAn Nás, 2 Eanáir 2020
Muintir
Céile/CéilíJohn Clarke (en) Aistrigh
Oideachas
Alma materOllscoil na hÉireann, Gaillimh
Gairm
Gairmpearsa raidió
FostóiríRaidió Teilifís Éireann
IMDbnm1644344

Ba láithreoir raidió Éireannach as Baile Átha Cliath í Marian Finucane (21 Bealtaine 1950 - 2 Eanáir 2020).[1] Bhí sí ar dhuine de mhórchraoltóirí na hÉireann.[2] Ceannródaí sa chraoltóireacht ó thaobh cúrsaí ban de ab ea Marian Finucane.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

D’fhreastail Finucane ar scoil lán-Ghaeilge, Scoil Chaitríona ar Shráid Eccles san ardchathair, agus bhí neart Gaeilge aici dá réir.

Bhain sí cáilíocht amach mar ailtire agus le linn di a bheith ina mac léinn bhí sí gníomhach sa bhfeachtas a chuir stop le leagan na dtithe Seoirseacha i Sráid Hume in aice le Faiche Stiabhna.

RTÉ Radio 1.svg

Fuair Finucane a céad phost le RTÉ mar láithreoir leanúnachais i 1974.[3] Ina dhiaidh sin, thosaigh sí ag cur cláracha éagsúla i láthair a bhain le ceisteanna sóisialta an lae. Bhí sí ag obair ar feadh tamaill ar chláir a bhain le cúrsaí ban.[4] Ba í an chéad duine chun Women Today (sa bhliain 1979) a chur i láthair ar RTÉ Raidió 1.Tharraing a clár Women Today aird an phobail ar shaol na mban agus ar na dúshláin a bhí le sárú acu an t-am sin ina saol pearsanta agus oibre agus thug an clár sin ardán agus éisteacht dóibh.[2]

Ba í an chéad láithreoir ar an gclár raidió Liveline í (in 1985). Ar an teilifís, bhí na cláracha Consumer Choice agus Crime Line aici.

Ó 2005 go 2019, chuir sí The Marian Finucane Show i láthair ar RTÉ Raidió 1, seó mór-ráchairte a bhíodh ar siúl idir 11 a chlog agus am lóin gach Satharn agus Domhnach.[5]

Duaiseanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bronnadh Duais Jacobs ar Finucane as ucht a cuid oibre le Women Today.

Bhuaigh sí an Prix Italia do chlár faisnéise a rinne sí i 1979, Abortion: the Lonely Crisis, mar a ndeachaigh sí go Sasana in éineacht le bean óg a bhí ag dul anonn chun ginmhilleadh a fháil.[6][7]

In 1988, bronnadh sí an duais, The Radio Journalist of the Year uirthi.

In 2005, bhron Ollscoil na Gaillimhe céim onóracha uirthi.

Bás[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fuair Finucane bás tobann, ina “codladh”, ar 2 Eanáir 2020 agus in aois 69 bliain di. Trom ar an tobac, agus neamhrithimeacht chairdiach ag cur as di, bhuail niúmóine de shaghas éigin í is cosúil.[1] An t-amhránaí agus an Gael aitheanta Maighréad Ní Dhomhnaill a dúirt na hamhráin ag an Aifreann agus bhí an Ghaeilge sa treis sa rogha cheoil.[2]

Maireann a fear céile John Clarke agus a mac Jack, agus a leaschlann Jocelyn, Neil agus Timothy. Bhásaigh a hiníon Sinéad ón leoicéime i 1990 agus gan í ach ocht mbliana d’aois..

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 Kathy Sheridan. "John Clarke on missing his wife Marian Finucane: ‘I didn’t realise how much we chatted’" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2021-01-02.
  2. 2.0 2.1 2.2 "Sochraid Marian Finucane: ‘Cuimhneofar go deo uirthi mar gheall ar a buanna iontacha mar iriseoir’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-01-02.
  3. "An craoltóir Marian Finucane tar éis bháis" (as ga) (2020-01-02). 
  4. "Ómós tugtha do Marian Finucane a bhásaigh inné" (as ga) (2020-01-03). 
  5. "RTÉ Archives | Marian Finucane". www.rte.ie. Dáta rochtana: 2021-01-02.
  6. "PressReader.com - Your favorite newspapers and magazines.". www.pressreader.com. Dáta rochtana: 2021-01-03.
  7. an croiait (2020-01-03). "Marian Finucane 1950 – 2020" (ga). ancroiait. Dáta rochtana: 2021-01-02.