Orla Guerin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Orla Guerin
Orla-guerin.png
Saol
Eolas breitheBaile Átha Cliath, 15 Bealtaine 1966 (56 bliain d’aois)
NáisiúntachtÉire
Oideachas
Alma materAn Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
Gairm
Gairmiriseoir
FostóiríBBC
Duaiseanna
Cleamhnú
Páirtithe polaitíochtaPáirtí an Lucht Oibre
TwitterOrlaGuerin

Iriseoir Éireannach, agus comhfhreagraí cogaidh leis an BBC, is ea Orla Guerin, MBE (a rugadh ar 15 Bealtaine 1966).[1]

Gairm[cuir in eagar | athraigh foinse]

BBC News 2022 (Alt).svg

Rugadh Orla Guerin i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1966. Dd’oibrigh sí leis an Sunday Tribune sular oibrigh sí mar iriseoir le RTÉ agus í ag tuairisciú ó oirthear na hEorpa.[2]

Sheas sí mar iarrthóir ag Páirtí an Lucht Oibre i dtoghchán na hEorpa i 1994. Ach níor éirigh léi suíochán a fháil.[3]

BBC[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Orla Guerin leis an BBC ó 1995. Is iomaí láthair chogaidh is achrainn a ndearna sí tuairisceoireacht as ó shin.

Bhí Guerin lonnaithe i gCív ó Feabhra 2022 ar aghaidh. Bhí sí ar dhuine de na hiriseoirí a bhí curtha faoi chosc ag an Rúis i mí Meithimh 2022 Dúradh go raibh a cuid tuairisceoireachta “claonta” ag cothú “fuath don Rúis”.[2]

Onóracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá gradaim iriseoireachta go leor saothraithe aici, céim oinigh ó Ollscoil na hÉireann Gaillimh in 2019 ina measc.

Bhronn Banríon Shasana MBE uirthi in 2004.[4]

Pearsanta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Phós Guerin Michael Georgy sa bhliain 2002.[5]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. WHO'S WHO & WHO WAS WHO (2022). "Guerin, Orla, (born 15 May 1966), International Correspondent, BBC News" (en). Dáta rochtana: 2022-06-16.
  2. 2.0 2.1 "Iriseoir Éireannach curtha faoi chosc ag an Rúis" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-06-16.
  3. "Cén Córas Polaitiúil? | An Phoblacht". www.anphoblacht.com. Dáta rochtana: 2022-06-16.
  4. "Céimeanna oinigh le bronnadh ar bheirt de mhórchraoltóirí na Gaeilge" (ga-IE). Tuairisc.ie (4 Samhain 2019). Dáta rochtana: 2022-06-16.
  5. muckrack.com/. "Pardon Our Interruption". muckrack.com. Dáta rochtana: 2022-06-16.