Donncha Ó Dúlaing

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaDonncha Ó Dúlaing
Beathaisnéis
Breith15 Márta 1933
Contae Chorcaí, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás4 Meán Fómhair 2021
88 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmpearsa raidió, craoltóir Cuir in eagar ar Wikidata

Craoltóir de chuid RTÉ ba ea Donncha Ó Dúlaing (15 Márta 19334 Meán Fómhair 2021) a raibh an-ghean ag an bpobal air.[1][2] Duine ba ea é 'de ghlúin cheannródaíoch láithreoirí agus iriseoirí a mhúnlaigh an chraoltóireacht seirbhíse poiblí in Éirinn', a dúirt Uachtarán na hÉireann, Mícheál D. Ó hUiginn (bhronn sé dealbh, a coimisiúnaíodh go speisialta, ar Dhonncha Ó Dúlaing in Áras an Uachtaráin in 2014 mar chomhartha aitheantais as a chuid oibre).[1]

Dún ar Aill
lógó RTÉ (1985–1995)

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

B'as Dún ar Aill i dtuaisceart Chorcaí ó dhúchas do Dhonncha Ó Dúlaing.

Chuir sé cláir éagsúla i láthair ar RTÉ ó thús na seascaidí go dtí gur éirigh sé as sa bhliain 2015.

Bhí an-tóir ag an bpobal ar a chlár ceoil 'Fáilte Isteach' agus ar a chlár faeiléireachta 'Highways and Byways' a cuireadh amach ar an raidió agus an teilifís araon.[1]

Bhailigh Donncha Ó Dúlaing go leor airgid ar son eagraíochtaí carthanachta chomh maith trí bhíthin oilithreachtaí fud fad na tíre a dhéanamh.[1]

Fuair sé bás ina aois a ocht mbliana agus ceithre scór. Cailleadh a bhean chéile Vera an tseachtain roimh a bhás féin. Bhí ceithre mhac air. Bhásaigh a iníon sa bhliain 2010.

Agallaimh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí suim ar leith ag Donncha Ó Dúlaing i stair béil agus stairsheanchas an náisiúin. Bhain sé clú amach ar son a chuid agallamh le gnáthmhuintir na tíre. Bhí sé in ann an scéal aonair a shuíomh mar chuid de scéal an phobail i gcoitinne agus a chur in iúl le stíl phaiteanta, shimplí. Cosúil le Studs Terkel ar an taobh eile den Atlantach, cheil an tsimplíocht sin cé chomh snasta is a bhí.[3]

I gcaitheamh na mblianta, chuir Donncha Ó Dúlaing agallamh ar a lán daoine aitheanta chomh maith, mar shampla Éamon de Valera, an Pápa Eoin Pól II, Mick Jagger, Gene Kelly, Siobhán McKenna, Maureen O'Hara, Christy Ring agus John Steinbeck srl.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 Nuacht RTÉ (2021-09-06). "Ómós tugtha do "dhuine de chliar na Tána" Donncha Ó Dúlaing" (as ga). 
  2. RnaG (2021). "Tús Áite: Bríd Ní Chualáin agus Donncha Ó Dulaing imithe ar shlí na fírinne" (ga). RTE Radio. Dáta rochtana: 2021-09-07.
  3. Póilín Ní Chiaráin. "Faraor gan Ó hEithir anseo chun déileáil leis an scéal…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-10-31.