Studs Terkel

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Studs Terkel sa bhliain 2007

Iriseoir clúiteach Meiriceánach ab ea Louis "Studs" Terkel (16 Bealtaine 191231 Deireadh Fómhair, 2008) a bhí ina aisteoir, ina staraí, agus ina chraoltóir ar feadh na mblianta fada i Siceagó. Bhain sé clú amach ar son a chuid agallamh le gnáthmhuintir na tíre agus ar son a sheasamh neamhbhalbh ar son cearta daonna.