Criostóir Ó Rinn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Christy Ring)
Infotaula de personaCriostóir Ó Rinn
Beathaisnéis
Breith12 Deireadh Fómhair 1920
Cluain, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás2 Márta 1979
58 bliana d'aois
Corcaigh, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Ionfharchtadh miócairdiach)
Gníomhaíocht
Gairmiománaí Cuir in eagar ar Wikidata
Spórtiomáint Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhréim
Grúpaí I P
Conair
  Foireann Comórtas
- Foireann Sinsir Iomána Chorcaí Cuir in eagar ar Wikidata

Iománaí Éireannach ab ea Nioclás Criostóir Ó Rinn (Béarla: Nicholas Christopher Ring), nó Christy Ring mar ab fhearr aithne air (12 Nollaig 1920 - 2 Márta 1979). B'fhear spóirt cáiliúil é in Éirinn agus é ina iománaí den chéad scoth a d'imir le foireann Chorcaí sna daichidí, sna caogaidí agus sna seascaidí. Ceapann a lán daoine gurb é Criostóir Ó Rinn an t-iománaí is fearr riamh.

Baisteadh Nicholas Christopher air i gCluain, Contae Chorcaí. Le linn an ama a bhí sé ag imirt iománaíochta, shaothraigh sé curiarracht ocht gCraobh na hÉireann i bPáirc an Chrócaigh i mBaile Átha Cliath, 1941, 1942, 1943, 1944, 1946, 1952, 1953 is 1954. D'imir sé iománaíocht leis an gclub Fánaithe an Ghleanna i gcathair Chorcaí.

Fuair sé bás go tobann ar an 2 Márta 1979.

Tá an corn iománaíochta Corn Uí Rinn ainmnithe in ómós dó.

Tús a shaoil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Saolaíodh Criostóir Ó Rinn taobh istigh de mhíle amháin ón tsráidbhaile beag Cluain i gContae Chorcaí sa bhliain 1920. Bhí dlúth-chaidreamh idir eisean agus a thuismitheoirí, Nioclás agus Máire. B'iar-iománaí é a athair féin le foireann Chluain, agus thug seisean an spreagadh dá mhac an camán a phioc suas den chéad uair. Nuair a bhí Christy ina ghasúr óg, bhí sé de nós ag a athair an leaid óg a thabhairt go dtí na cluichí móra thall i gcathair Chorcaí. Dhéanadh an bheirt an turas fada agus casta seo go rialta, le Christy óg ina shuí ar thrasnán an rothair. Fuair Christy a chuid scolaíochta ag an scoil náisiúnta áitiúil i gCluain, agus cuimhníodh é mar bhuachaill ciúin ach dícheallach. Mar a bhí an gnáth ag an am seo, níor bhac sé le hoideachas níos airde (tríú leibhéal) agus d'fhág sé an scoil ag ceithre bliana déag d'aois. Ghlac sé printíseach mar mheicneoir i Mainistir na Corann, agus ní ba dhéanaí bhog sé go dtí cathair Chorcaí chun post a thógáil mar fhear seachadta leis an gcomhlacht mór Shell Oil.

Gairmréim iomána[cuir in eagar | athraigh foinse]

A chlub[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thiar sna 1930idí, bhí Cumann Lúthchleas Gael ag fás ar nós na gaoithe i gCluain. Thosaigh Christy agus a dheartháireacha ag imirt iomána den chéad uair sna sraitheanna sráide áitiúla a bhí curtha le chéile sa cheantar. Agus é ina dhéagóir ceithre bliana déag d'aois, chuaigh Christy isteach i bhfoireann sóisir Chluain, ag imirt mar chúl báire ar dtús. Ní raibh foireann mionúr ar bith ag Cluain, agus mar gheall ar seo bhí air an club a fhágáil chun imirt le Naomh Éanna i Mainistir na Corann. Ba le Naomh Éanna a fuair Rinn a chéad bhlas den rath, nuair a bhuaigh sé a chéad bhonn - ceann mionúr i gcraobh chontae Chorcaí. Ina dhiaidh sin, bhog sé ar aghaidh go dtí Fánaithe an Ghleanna, an club cáiliúil ó thuaisceart na cathrach. Bhí "an Gleann", mar a thugtar orthu, ar cheann de na clubanna ab fhearr sa chontae, a bhí díreach tar éis craobh an chontae a bhaint amach don ochtú bliain as a chéile. Bhuaigh Christy a chéad bhonn contae leo sa bhliain 1941. Ba thréimhse an-rathúil iad na 1940idí don Ghleann, agus do Christy, le craoibhe buaite acu arís sna blianta 1944 agus 1945, agus trí chinn as a chéile idir 1948 agus 1950. Bhí siad ar thóir chinn eile sa bhliain 1951, ach fuair na Searséiligh an lámh in uachtar orthu i gcluiche ceannais an chontae.

In ainneoin an chailliúint seo, shroich Christy agus an Gleann ocht gcluiche deiridh chontae as a chéile idir 1953 agus 1960, le buanna sna blianta 1953 agus 1954. Theip orthu sna trí chluiche as a chéile ansin, ach réitigh siad cúrsaí le trí bhua as a chéile arís idir 1958 agus 1960. Ní raibh na seascaidí gan rath dóibh ach oiread, agus bhuaigh Christy boinn eile sna blianta 1962 agus 1964. B'é seo an tríú bua déag a bhí bainte amach aige i gcraobh an chontae, agus chuir sé bonn Mumhan leis sa bhliain chéanna. D'imir Christy a chluiche deireanach leis na Fánaithe i gcluiche ceathrú ceannais an chontae in aghaidh Coláiste na hOllscoile, Corcaigh sa bhliain 1967.

Idir-chontae[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ag deireadh na 1930idí, bhí tréithí agus éachtaí Christy le Fánaithe an Ghleanna tugtha faoi deara ag roghnaitheoirí Chorcaí, agus ghlac siad é isteach ar fhoireann mionúr an chontae. Shuigh Christy ar an mbinse mar fhear ionaid sa bhliain 1937, nuair a bhuaigh Corcaigh Craobh na Mumhan agus Craobh na hÉireann. An bhliain ina dhiaidh sin agus é briste isteach sa chéad fhoireann, bhí ról lárnach ag Christy san fhoireann a bhuaigh corn na Mumhan arís. Shroich Christy a chéad chluiche cheannais uile-Éireann sa bhliain chéanna, agus ba é an sárthaispeántas a chuir sé isteach a bhuaigh an lá do na Ceannaircigh.

Níor thúisce go raibh sé socraithe síos ina mhionúr, nuair a fuair sé an glaoch ón fhoireann shinsir. D'imir sé a chéad chluiche ag an leibhéal seo i bhfómhair na bliana 1939 sa tSraith Náisiúnta in éadan Chill Chainnigh. Níor chuir sé nóiméad amú ag fáil áit bhuan san fhoireann, agus bhuaigh sé a chéad bhonn mar imreoir sinsir sa tSraith ag tús na bliana 1940. Bhain na Ceannaircigh áit i gcluiche ceannais na Mumhan amach an bhliain chéanna, ach ní raibh siad ábalta an ceann is fearr a fháil ar Luimneach, sárfhoireann an chúige ag an am seo, agus bhí an lá acu tar éis athimeartha.

Easpa ratha a bhí ann gan dabht ar lámh amháin, ach tuilleadh taithí don iománaí óg ar an lámh eile. Bhailigh Christy a dhara bhonn Sraithe sa bhliain 1941, ach chuir ráig de ghalar crúibe is béil go mór isteach ar chraobh na bliana seo. Mar thoradh, fágadh Cill Chainnigh agus Tiobraid Árainn as an gcomórtas, na contaetha a bhí buailte ba mheasa, agus socraíodh é go rachadh Corcaigh díreach ar aghaidh go cluiche leathcheannais na hÉireann. Bhuail siad le Baile Átha Cliath sa chluiche ceannais. Sléacht cheart a bhí ann i bhfabhar Chorcaí, agus bronnadh a chéad bhonn uile-Éireann ar Christy. Bhí casadh eile sa scéal fós, áfach, mar imríodh cluiche ceannais na Mumhan ag deireadh na bliana, agus chaill Corcaigh in aghaidh na dTiobraid Árannach.

Sa bhliain 1942, bhí foireann Chorcaí ag barr a mhaitheasa fós, agus bhuaigh Christy a chéad bhonn Mumhan tar éis bua in aghaidh Tiobraid Árann. Bhailigh sé a dhara bhonn uile-Éireann ansin, nuair a chloígh siad Baile Átha Cliath sa chluiche deiridh arís. Chuir sé bonn Mumhan eile leis a bhailiúchán sa bhliain 1943, sular thug siad aghaidh ar Aontroim sa chluiche mór. Bhí na hUltaigh tar éis dhá bhua móra a dhéanamh sa chraobh go dtí seo, ag fáil an ceann is fearr ar Ghaillimh agus ar Chill Chainnigh. Ní raibh ann do na hUltaigh sa chluiche, áfach, ach slad agus buaileadh iad le seacht gcúilín is fiche.

Rath arís do na Ceannaircigh, agus do Christy féin leis a tríú corn uile-Éireann. Sa bhliain 1944, bhí Luimneach ag fanacht dóibh i gcluiche ceannais na Mumhan. Críochnaigh an lá le comhscór, agus bhí orthu an rud ar fad a dhéanamh arís. Agus deireadh an chluiche ag druidim leo san athimirt, bhí an cuma ar an scéal go mbeadh na foirne cothrom arís. Le cúpla nóiméad fágtha, áfach, ghlac Christy seilbh ar an sliotar ag líne daichead Chorcaí. Rith sé amach i dtreo an chúil le luas lasrach, ag seachaint imreoirí a bhí ag iarraidh tabhairt faoi, agus sheol sé an liathróid díreach isteach i líontán Luimnigh. Bhí an bua ag na Ceannaircigh, le cúl amháin. Dearctar fós ar an éacht seo mar an nóiméad ar a bhog stádas mar réalta na hiomána ó Mick Mackey go Christy. Bhí Baile Átha Cliath ós a gcomhair arís san ard-chluiche, agus bhí bua éasca arís ag na Muimhnigh, don tríú bliain as a chéile. Leis an mbua seo, bhain Corcaigh curiarracht amach - ceithre chorn uile-Éireann i ndiaidh a chéile, ceann a mhairfeadh go dtí 2008. Bhí ceithre cinn ag Ring sula raibh ceithre bliana is scór slánaithe aige.

Chaill Corcaigh a gcoróin Mumhan sa bhliain 1945, ach tháinig siad díreach ar ais sa bhliain 1946 le Christy ina chaptaen orthu, agus bhailigh sé a cheathrú bonn cúigeach. I gcluiche leathcheannais na hÉireann, thug siad aghaidh ar a namhaid ba mhó as Cúige Laighean, Cill Chainnigh. Tar éis leath-ama, bhí Cill Chainnigh chun cinn le cúpla chúilín agus seoladh Christy isteach mar thosaí láir. D'fhág sé ar ruathar iontach leis an sliotar agus chuir sé an liathróid in eangach na gCat, rud a d'athraigh an cluiche ó bhun go barr. Choimeád Corcaigh smacht ar an gcluiche, agus an toradh a bhí ann ná a chúigiú bhonn uile-Éireann do Christy, cúig bhua sna sé bliana roimhe. Sa bhliain 1947, ghlac Corcaigh Craobh Mumhan arís agus bhí na Cait ag fanacht sa chluiche deiridh arís. Aicmítear an cluiche mar cheann de na cinn ab fhearr riamh, ach chaill Corcaigh le cúilín amháin, an bearna is lú. Droch-ócáid a bhí ann do na Ceannaircigh, ní mar chailliúint amháin, ach mar bhris an sárfhoireann a bhuaigh an ceithre bhonn as a gcéile sna 1940idí suas. Mar thoradh, bhí Corcaigh buailte le ceithre droch-bhliana i ndiaidh a chéile as seo amach.

Bhí 1952 ann nuair a tháinig feabhas ar chúrsaí na foirne, agus d'fhill Corcaigh le bua i Mumhain in aghaidh Thiobraid Árann, curaidh Éireann an lae. Bhí Baile Átha Cliath slánaithe isteach sa chluiche mór, ach níor thug siad dúshlán ar bith do Chorcaigh, agus bhain Rinn a shéú corn uile-Éireann amach.

Sa bhliain 1953, bhí Christy fós ina chaptaen nuair a bhuadar arís sa tSraith Náisiúnta agus i gCúige Mumhan. Bhí Corcaigh níos fearr ná Gaillimh sa chluiche mór, agus bronnadh a sheachtú bonn uile-Éireann ar Christy, chun a bheith cothrom leis an gcuriarracht. Ba chluiche conspóideach é, áfach, a chuimhnítear mar gheall ar an ngortú a rinneadh ar Mick Burke, captaen na Gaillimhe. Tar éis an cluiche, bhris troid amach ag an Óstán Gresham i mBaile Átha Cliath, agus fuair Christy buille ó dhuine de na Gaillimhigh. Shocraigh rudaí síos arís, ach ní raibh ann ach sos cogaidh mar thosaigh sé arís an mhaidin ina dhiaidh sin, agus rinne imreoir eile ó fhoireann na Gaillimhe ionsaí ar Christy. Críochnaíodh an ruaille buaille go tapaidh, áfach.

Sa bhliain 1954, bhí an bua ag Ua Rinn agus a fhoireann i gCraobh na Mumhan arís, a ochtú ceann. Mar thoradh, bhí a naoú cluiche ceannais ós a chomhair don sárimreoir seo, le Loch Garman mar chomhairc. Bhí Páirc an Chrócaigh plódaithe le 85,000, curiarracht ag an am, agus fuair Corcaigh an ceann is fearr ar Loch Garman. B'ócáid stairiúil é do Christy go pearsanta, mar b'eisean an chéad duine riamh a bhain ocht mbonn amach i gCraobh Iomána na hÉireann.

Tháinig botún beag sa bhliain 1955 nuair a theip ar Chorcaigh i gCraobh na Mumhan, ach bhí siad ar ais sa bhliain 1956 chun aghaidh a thabhairt ar Luimneach i gcluiche ceannais an chúige. Bhí an chuma air go mbeidh bua éasca ag Luimneach, ach thiontaigh Christy an cluiche bunoscionn le trí chúl agus cúilín amháin sa deich nóiméad deireanacha, agus ghoid siad an lá. Bronnadh a naoú corn Mumhan ar Christy. Sa chluiche ceannais, bhí Loch Garman ann leo. Cuimhnítear an lá seo mar cheann de na cluichí ab fhearr arís, le Christy ag iarraidh a naoú bonn uile-Éireann a bhaint amach. Chuir Christy agus an fhoireann taispeántas láidir isteach arís, ach athraíodh an cluiche nuair a shábháil cúl báire Loch Garman poc ó Christy, agus sheol seisean an sliotar suas na páirce chun Loch Garman a chur ar an ionsaí. Chríochnaigh an lá le bua do Loch Garman, le sé chúilín mar bhearna eatarthu, 2-14 go 2-8. In ainneoin an toraidh, d'fhág Christy an pháirc ar ghuaillí Nick O'Donnell agus Bobby Rackard ó fhoireann na mbuaiteoirí, rud a léirigh an ard-mheas a bhí ann don laoch iomána seo.

Thug cúrsaí iomána an chontae drochchasadh arís sna blianta ina dhiaidh sin, áfach. Chuir Port Láirge deireadh le Corcaigh i gCraobh na Mumhan sna blianta 1957 agus 1959, agus rinne na Tiobraidaigh amhlaidh sna blianta 1960 agus 1961. Le gairmréim iontach ina dhiaidh, bhí a fhios ag Christy go raibh a phort seinnte mar iománaí idirchontae, agus d'imir sé ina chluiche deireanach le foireann Chorcaí sa bhliain 1962. Níor éirigh sé as ar an toirt, áfach, agus liostáladh é mar ionadaí don chluiche i gcoinne Thiobraid Árainn i mbabhta leathcheannais na Mumhan sa bhliain 1963. Sa bhliain 1964, chuir Christy amach an focal go raibh sé ar fáil do scuaid an chontae, ach dhiúltaigh na roghnaitheoirí é, cé go raibh an chuma air go raibh sé ag imirt chomh maith is a bhí sé riamh lena chlub. Bhí sé ar an scorálaí ab fhearr sa tSraith sa bhliain 1959, agus an t-aon duine a ghnóthaigh níos mó ná deich gcúilín i ngach cluiche, ar an meán, onór a roinn sé leis an dTiobradach Jimmy Doyle sna blianta 1961 agus 1962. Tar éis chúig bliana is scór agus ceithre is trí scór cluiche le foireann sinsir Chorcaí, fágadh Christy Ring amach as painéal idirchontae Chorcaí. Chuir an rud seo deireadh oifigiúil lena ghairmréim idirchontae. Bhí ráflaí ann sa bhliain 1966 go dtiocfadh Christy ar ais (ag aois dhá scór is cúig bliana) chun imirt le Corcaigh i gcluiche ceannais na hÉireann na bliana seo. Creidtear go raibh suim éigin ag Christy sa smaoineamh chun a naoú craobh a bhaint amach, ach ní raibh sé sásta é sin a dhéanamh mar fhear ionaid.

Onóracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Comórtas Uimhir Blianta
Craobh Iomána Sinsearach na hÉireann 8 1941, 1942, 1943, 1944, 1946, 1952, 1953, 1954
Craobh Iomána Sinsearach na Mumhan 9 1942, 1943, 1944, 1946, 1947, 1952, 1953, 1954, 1956
Sraith Iomána Náisiúnta 4 1940, 1941, 1948, 1953
Craobh Iomána Mionúrach na hÉireann 2 1937, 1938
Corn an Iarnróid 18 1942, 1943, 1944, 1945, 1946, 1948, 1949, 1950, 1951, 1952, 1953, 1955, 1957, 1958, 1959, 1960, 1961, 1963
Craobh Iomána Sinsearach Chorcaís 14 1941, 1944, 1945, 1948, 1949, 1950, 1953, 1954, 1958, 1959, 1960, 1962, 1964, 1967
Craobh Peile Sinsearach Chorcaí 1 1954
Craobh Iomána Sóisearach Chorcaí 1 1939
Craobh Iomána Sóisearach Chorcaí Thiar 2 1938, 1939
Texaco Iománaí na Bliana 1 1959

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]



Foireann Iománaíochta na Mílaoise (2000)

1 Antóin Ó Roideacháin | 2 Seán Ó Dúghaill | 3 Nioclás Ó Domhnaill | 4 Roibeard Mac Riocaird | 5 Pádraig Ó Faoláin | 6 Seán Ó Céin | 7 Brian Ó Faoileacháin | 8 Seán Ó Loingsigh | 9 Lory Ó Meachair | 10 Criostóir Ó Rinn | 11 Mícheál Mac Aodha | 12 Séamas Langtún | 13 Éadbhard Ó Cathaoir | 14 Réamann Ó Coimín | 15 Séamas Ó Dúghaill |