Mainistir na Corann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Mainistir na Corann
Léarscáil
RedDot.png
Ireland map County Cork Magnified.png
Daonra ( )
- Baile:
12,496 (2016) 
Airde: 5m
Contae: Contae Chorcaí
Cúige: An Mhumhain

Is baile í Mainistir na Corann (Béarla: Midleton) atá le fáil tuairim is 22 chiliméadar soir ó Chathair Chorcaí (Corcaigh) i ndeisceart na hÉireann. Tá an baile suite ar an mbóthar N25 idir Corcaigh agus Ros Láir, cois Abhainn na Cora.

An Baile[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá 12,001 daoine (2012) ina gcónaí i Mainistir na Corann, ag obair i ngnóthaí miondíola, déantóireachta éadroime, déantúis bhia, turasóireachta agus driogaireachta. Téann an-chuid cónaitheoirí go Corcaigh agus Carraig Tuathail i mbun oibre. Tá Tesco, Subway, Lidl, Aldi, Supervalu agus McDonalds le fáil san áit.

Tá an chéad stáisiún cumhachta gásadhainte a tógadh in Éirinn le fáil gar do Mhainistir na Corann ag an nGeata Bán, in éineacht leis an aon scaglann ola amháin in Éirinn.

Tíreolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an baile suite i ngleann torthúil taobh theas de bhunchnoic agus taobh thuaidh de Chuan Chorcaí. Tráth dá raibh, bhí báirsí faoi bhun 300 tonna ag imeacht ar uiscebhealach ón gcuan go Baile na Cora.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Timpeall 1180 bhunaigh na Normannaigh, agus Barra MacGearailt os a gcionn, mainistir Chistéirseach gar do chora san abhainn. Tá “Chore Abbey” uirthi i mBéarla agus “Castrum Chor” i Laidin, agus is dócha go dtagann an t-ainm ó “chora”. Tá a leithéid luaite in ainm na habhann féin: Abhainn na Cora. Tógadh eaglais Naomh Eoin Baiste (Eaglais na hÉireann) in 1825 ar láithreán na mainistreach.

Bhí baint ag an Ridire Walter Raleigh le Mainistir na Corann sa mhéid gur chaith sé seal in Eochaill, áit atá gar di, idir 1585 agus 1602. Bronnadh eastát air de bharr cuidiú leis an dara héirí amach i nDeasmhumhain a chur faoi chois idir 1579 agus 1583. Mar chuid de seo ordaíodh dó Caisleán Uí Bharra a ghabháil, áit atá suite sa Chathair Mór láimh le Mainistir na Corann. Bhí ar an Seanascal tearmann a lorg sa mhainistir, ach thug Raleigh air éalú arís. Tá sé de cháil ar Raleigh gurb eisean ba thúisce a chuir prátaí ag fás in Éirinn ar a eastát in Eochaill.

Is é an chiall atá le “Midleton” “an baile i lár baill” toisc é a bheith suite idir Corcaigh agus Eochaill. Corpraíodh an baile mór mar bhaile margaidh agus stóras poist in 1670, agus fuair sé cairt ó Shéarlas II, Rí Shasana, mar an “borough and town of Midleton”. Níos déanaí, bhí stáisiún de chuid an Great Southern and Western Railway le fáil ann.

Bhí Alan Brodrick, Spícéir Theach na dTeachtaí in Éirinn agus Ardseansailéir na hÉireann, ainmnithe mar an chéad Bharún agus Bíocúnta Mhainistir na Corann i 1715 and 1717 faoi seach. Uaidh sin a fuair Sráid Broderick a hainm.

Oideachas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhunaigh Elizabeth Villiers, leannán Liam Oráiste, Midleton College in 1696 mar scoil phríobháideach. Tá baint thradisiúnta aige le Eaglais na hÉireann, agus ba sheandaltaí dá chuid Isaac Butt, bunaitheoir Chonradh na Rialtas Dúchais, agus John Philpot Curran, dlíodóir agus athair Sarah Curran. Fuair Rachael Kohler, hacadóir idirnáisiúnta Éireannach, oideachas ann chomh maith. Tá cúig bhunscoil agus ceithre mheánscoil sa bhaile. Gaelscoil is ea ceann de na bunscoileanna.

Jameson Whiskey Distillery

Driogadh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bunaíodh Drioglanna Chorcaí sa bhaile in 1825. Rinne siad cónascadh le Drioglanna Éireann in 1967 agus tá siad ina gcuid den ghrúpa biotáille Francach Pernod Ricard inniú. D’oscail Drioglann Nua Mhainistir na Corann in 1975 agus déantar fuisce, vodca agus jin ann; baintear úsáid as an tsean-drioglann mar ionad túrasóireachta. Faigheann Paddy Whiskey, ceann de na fuiscí a dhéantar ann, a ainm ó Patrick J. Flaherty, fear díolacháin do Dhrioglanna Chorcaí sna fichidí.

Cogadh na Saoirse[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá leacht cuimhneacháin sa tsráid mhór i gcuimhne ar shé fhear déag de na sean-Óglaigh. Maraíodh dháréag i Mí Eanáir 1921 i rith Chogadh na Saoirse ag Cluain Molt, áit sa chomharsanacht. Básaíodh ceathrar eile i gCorcaigh i ndiaidh an chomhraic.