Nioclás Ó Domhnaill

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaNioclás Ó Domhnaill
Beathaisnéis
Breith1862
161/162 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata

Bhí Nioclás Ó Domhnaill (1862 - 1920) ar an scoláire Gaeilge ba mhó san Astráil lena linn. Taispeánann na grianghraif fear téagartha measúil, spéaclaí air agus féasóg ghearr dhubh.

Luathshaol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh é ar fheirm bheag i mBallengarook, ceantar in Victoria i ndeisceart na hAstráile, ar 9 Meitheamh 1862, do Mhícheál Ó Domhnaill as Camas, Contae Luimnigh, agus do Shiobhán de Barra as Lios Coinéad sa chontae céanna. B’as Contae Luimnigh cuid mhaith dá chomharsana agus Gaeilge á labhairt ina measc. Tá fianaise ann go raibh Gaeilge ó dhúchas ag máthair Niocláis, agus dúirt sé go raibh an teanga ar a toil ag Léan (Ellen), deirfiúr a máthar.

Contae Luimnigh

Nuair a bhí Nioclás trí bliana d’aois cailleadh a athair de bharr timpiste mharcaíochta. Bhí éirim aigne ag Nioclás cuireadh ar scoil ag St Mary's, Melbourne Thiar, é sa bhliain 1871.

An bhliain dár gcionn d'fhill sé ar Ghisborne, in aice le Ballengarook, agus chuaigh ar ais go dtí Melbourne sa bhliain 1876 chun a chuid scolaíochta a chríochnú i gColáiste Naomh Pádraig.

D’aistrigh an teaghlach go dtí Melbourne, príomhchathair na coilíneachta, agus chuaigh Siobhán ag obair. Bhain Nioclás céim MB amach sa bhliain 1884 in Ollscoil Melbourne agus chuaigh le leigheas in North Melbourne, an chuid ba Ghaelaí den chathair.

Phós sé Mary Ann Bruen, éadaitheoir óg a bhain a hathair le Contae Ros Comáin agus a máthair le Contae na Gaillimhe. Seans, mar sin, go raibh Gaeilge ag Mary Ann. Rugadh naonúr clainne don lánúin, cé gur cailleadh cúigear acu ina leanaí. Cailleadh Mary Ann féin in aois a naoi mbliana is daichead agus ceathrar clainne uirthi, rud a ghoill go trom ar an Domhnallach.

An Ghaeilge[cuir in eagar | athraigh foinse]

Melbourne - an Royal Exhibition Building a tógadh le linn Uí Dhomhnaill agus a ndearna sé óráid ann.

Chuir an Domhnallach craobh de Chonradh na Gaeilge ar bun i Melbourne sa bhliain 1901, in éineacht le Thomas Cunningham Curran agus Morgan Jageurs. Chuir cainteoirí dúchais i Melbourne an-suim in obair na craoibhe, go háirithe an líon mór daoine ar féidir leo Gaeilge a labhairt gan í a léamh ná a scríobh.

Bhain obair Uí Dhomhnaill le hathbheochan bheag Ghaeilge in Melbourne. Bhí téacsleabhair Ghaeilge á ndíol sa chathair, leithéidí Simple Lessons in Irish (1894) ó lámh Eoghain Uí Ghramhnaigh. Níor mhair an chraobh ach roinnt blianta, áfach.

D’fhoghlaim Nioclás scríobh na Gaeilge ar chomhairle Eoghain Uí Riain, Gaeilgeoir as Sydney. Gach seachtain scríobhadh sé colún Gaeilge dar theideal “Our Gaelic Column” in The Advocate, nuachtán Caitliceach. Lean “Our Gaelic Column” ó 12 Iúil 1902 go dtí deireadh na bliana 1912. Filíocht agus amhráin is mó a bhíodh ann, agus bhí lámh san obair ag an Athair William Ganly, uncail an scríbhneora Liam Ó Flaithearta.

Bhailigh Nioclás timpeall 600 leabhar agus a leath i nGaeilge. Inniu tá siad le fáil i Lárionad Léinn Choláistí Mhuire agus Newman, a bhaineann le hOllscoil Melbourne. Tá dhá lámhscríbhinn shuimiúla sa bhailiúchán:

  • an scríobhaí Seosamh Ó Longáin (1818-1880) a bhreac ceann acu, cóip 256 leathanach den seanscéal Táin Bó Cuailgne, sa bhliain 1862, agus
  • bailiúchán scéalta ó lámh roinnt scríobhaithe eile is ea an dara ceann.

Polaitíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Nioclás sáite i gcúis an Rialtais Dúchais in Éirinn. Bhí sé chun tosaigh in eagraíochtaí náisiúnacha Éireannacha in Melbourne.

Ba mhór an babhta air Éirí Amach na Cásca. Chuaigh an ghlúin óg le Sinn Féin agus tháinig scoilt sna heagraíochtaí Éireannacha in Melbourne. Sa bhliain 1919 d'éirigh Nioclás as gnóthaí poiblí.

Bhí air a chéad chuairt ar Éirinn a chur ar athlá de bharr na dTrioblóidí thall, agus fuair sé bás i Melbourne ar an 14 Eanáir 1920 in aois a sheacht mbliana is caoga. D'fhág sé iníon agus triúr mac ina dhiaidh.

The Historical Victorian Magazine - January 1911

Bhí an Domhnallach ar bhunaitheoirí an Australian Natives' Association agus ba chomhairleoir é de chuid Chumann Ríoga Staire Victoria.

Naisc sa Vicipéid[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Ó Nuadháin, Val & Ryan, Colin: 'Nioclás Ó Domhnaill: Laoch na Gaeilge san Astráil' in Feasta, Bealtaine 2009
  • Victorian Historical Magazine, 8, no 29, Nov 1920, lch 14.
  • The Advocate (Melbourne), 11 Dec 1915, 24 Jan 1920.
  • Freeman's Journal (Sydney), 22 Jan 1920.
  • Tobin, G. M.: The Sea-Divided Gael: A Study of the Irish Home Rule Movement in Victoria and New South Wales, 1880-1916 (Tráchtas M.A., Australian National University, 1970)
  • McConville, Chris, 'O'Donnell, Nicholas Michael (1862–1920),' Australian Dictionary of Biography: http://adb.anu.edu.au/biography/odonnell-nicholas-michael-7879
  • [1] Suíomh a thaispeánann lámhscríbhinni Gaeilge ó Éirinn agus ón Astrail, agus lámhscríbhinni ar leis an Domhnallach iad san áireamh.