Mícheál Mac Aodha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaMícheál Mac Aodha
Beathaisnéis
Breith12 Iúil 1912
Caisleán Uí Chonaill, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás13 Meán Fómhair 1982
70 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmiománaí Cuir in eagar ar Wikidata
Spórtiomáint Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhréim
Grúpaí I P
Mícheál Mac Aodha
Eolas pearsanta
Spórt Iomáint
Ainm Béarla Michael Mackey
Dáta breithe 12 Iúil, 1912
Dáta báis 13 Meán Fómhair, 1982
Áit bhreithe Caisleán Uí Chonaill, Contae Luimnigh
Airde 5'9"
Leasainm Mick
Eolas club
Club Átháin
Ionad Leath tosaí
Club(anna)
Club Bliain Cluichí (pointí)
Átháin
Idirchontae
Contae Luimneach
Ionad Leath tosaí
Torthaí
Contae Bliain Cluichí (pointí)
Luimneach 1930 - 1946
Duaiseanna
Craobh Cúige Mumhan 5
Craobh Iomána Sinsearach na hÉireann 3
Sárimreoirí 0

Iománaí Éireannach ab ea Mícheál Mac Aodha (12 Iúil, 1912 - 13 Meán Fómhair 1982), nó Mick Mackey mar atá aithne níos fearr air as Béarla. Tá cáil bainte amach aige ina imreoir leis an bhfoireann idirchontae Luimneach idir na blianta 1930 agus 1946, agus ainmnítear é i gcónaí i measc na hiománaithe is fearr riamh. Roghadh é ina leath tosaí san Fhoireann Iománaíochta na Mílaoise chomh maith.

Imreoir[cuir in eagar | athraigh foinse]

Scórálaí den scoth ab ea Micheál. Ní raibh sé ach 5'9" (1.75m) ar airde ach b'fhear an-théagartha é agus d'úsáid sé cumhacht a choirp chun bhriseadh tríd an dtaca ina choinne. De bharr stíl péacach a imirt, bhain sé mórcháil amach i measc lucht tacaíochta iomána agus, dá mba rud é go raibh Micheál ag imirt lena chlub nó lena chontae, thiocfadh slua thar na ngnáth go dtí an cluiche.

Óige[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh é sa bhliain 1912 i mbaile Caisleán Uí gConaig, 10km soir ó chathair Luimnigh ar abhann na Sionainne. B'athair dó Seán Mac Aodha (John "Tyler" Mackey), captaen foireann Luimnigh i gcluiche ceannais na hÉireann sa bhliain 1910 agus ar bhuaigh craobh sinsear Luimnigh le Chaisleán Uí gConaig agus Bruach na Sailí sna blianta roimh an Chéad Chogadh Domhanda.

Átháin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí foireann iontach láidir ag an gclub um an dtaca sin agus bhuadar Craobh Iomána Sinsir Luimnigh gach bliain idir 1933 agus 1939 agus arís idir 1942 agus 1948. Bhuaigh Micheál féin ceithre bhonn déag an chontae.

Luimneach[cuir in eagar | athraigh foinse]

D’imir sé ar fhoireann an chontae ar dtús sa bhliain 1930 nuair a bhí sé ach seacht mbliana déag d'aois. Lena chomhghuaillithe as Átháin ar nós a dheartháir Seán, Seán de Paor, Pádraig Ó Scanláin, Tadhg Ó Riain, Pádraig Mac Mathúna agus Micheál Ó hIcí, ba bhall d'fhoireann éachtach Luimnigh blianta na 30aí é. Bhuaigh sé trí bhonn Craobh Iomána na hÉireann, an chéad cheann sa bhliain 1934. Ba captaen é sna blianta 1936 agus 1940. Bhuaigh sé 6 bhonn sa Sraith Náisiúnta Iomána. D’imir sé sa gheansaí glas don uair dheireanach i mbliain 1946.

Mumhan[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Micheál ar fhoireann na Mumhan a bhuaigh Corn an Iarnróid faoi sé idir 1940 agus 1946. Ceaptar gurbh é sin an fhoireann ba láidre riamh i stair an iomána le laochra an chluiche ar nós Críostóir Ó Rinn, Micheál Ó Braonáin agus Seán Ó Loinsigh (Corcaigh) agus Seán Ó Catháin (Port Láirge) chomh maith lena chomh-imreoirí Luimnigh.

Peil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba pheileadóir cumasach é Micheál chomh maith. D’imir sé ar fhoireann an Chontae i rith blianta na 1930í agus bhuaigh se cúig bhonn Peile Sinsir Luimnigh i ndiaidh a chéile idir 1935 agus 1939. Ghnóthaigh sé bonn sóisearach na Mumhan sa bhliain 1939.

Ar Scor[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba thraenálaí Luimnigh é sa bhliain 1955 nuair a bhuaigh an fhoireann an t-aon Craobh Sinsear na Mumhan idir 1940 agus 1973. Glaodh "Cúnna Mhic Aodha" (Mackey's Greyhounds as Béarla) ar an bhfoireann sin ar chaill cluiche Leath-Cheannais na hÉireann i gcoinne Loch Garman.

Ba theachta Coisde Chontae Luimnigh CLG é ar Chomhairle na Mumhan le blianta fada. Fuair sé bás in Ard na Croise, Contae an Chláir sa bhliain 1982 in aois trí scór bliain is deich agus, cúig bliana in a dhiaidh sin, ainmníodh Ardán Mhic Aodha i bPáirc na nGael, Luimneach, ina onóir.

Naisc Sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]



Foireann Iománaíochta na Mílaoise (2000)

1 Antóin Ó Roideacháin | 2 Seán Ó Dúghaill | 3 Nioclás Ó Domhnaill | 4 Roibeard Mac Riocaird | 5 Pádraig Ó Faoláin | 6 Seán Ó Céin | 7 Brian Ó Faoileacháin | 8 Seán Ó Loingsigh | 9 Lory Ó Meachair | 10 Criostóir Ó Rinn | 11 Mícheál Mac Aodha | 12 Séamas Langtún | 13 Éadbhard Ó Cathaoir | 14 Réamann Ó Coimín | 15 Séamas Ó Dúghaill |