Sárimreoirí na Bliana

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtSárimreoirí na Bliana
Cineálgradam Cuir in eagar ar Wikidata
Bailíocht1971 - 
Spórtiomáint agus peil Ghaelach Cuir in eagar ar Wikidata


Cumann Lúthchleas Gael.

Sraith duaiseanna iad na gradaim CLG Sárimreoirí na Bliana (Béarla: GAA All-Star Awards) a bhronnann Cumann Lúthchleas Gael go bliantúil ar na himreoirí is fearr sna cluichí Gaelacha - peil Ghaelach agus iomáint. Chomh maith le sin, roghnaítear imreoir amháin i ngach spórt mar Imreoir na Bliana. Tugadh na céad gradaim amach sa bhliain 1971, agus b'é Damien Ó Máirtín as Uíbh Fhailí an chéad bhuaiteoir.

Is iad Vodafone na hurraitheoirí sa lá inniu.

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thosaigh an nós seo sna 1960idí leis an Gradam Chúchulainn, idir na blianta 1963 agus 1967, chun na himreoirí ab fhearr sa tír a chomóradh. Tá an córas atá againn inniu bunaithe ar an gcóras seo, agus tosaíodh Sárimreoirí na Bliana go hoifigiúil sa bhliain 1971. Is iad na hiriseoirí agus na meáin spóirt a roghnaíonn "foireann na sárimreoirí", nó na himreoirí is fearr i ngach áit ar an bpáirc. Is cuma cén club nó contae atá i gceist, agus is féidir níos mó ná imreoir amháin a roghnaigh as aon fhoireann amháin. Tar éis deireadh na gcluichí ceannais san Fhómhair, ainmnítear na himreoirí is fearr ón bhliain caite. Fógraítear na buaiteoirí níos moille i mí na Samhna, ag searmanas eagraithe ag an gCLG. Buann na fir turas thar lear chomh maith, agus glacann siad páirt i gcluiche speisialta.

Sárimreoirí faoi láthair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ainmniúcháin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Iomáint[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fógraíodh na hainmniúcháin don bhliain 2009 ar an 24 Deireadh Fómhair.

Cúlbáirí: Breandán Ó Coimín (Tiobraid Árann), Cliontún Ó hAonasa (Port Láirge), P. S. Ó Riain (Cill Chainnigh)

Lán-tacaithe: J. J. Ó Dúláinne (Cill Chainnigh), Mícheál Caomhánach (Cill Chainnigh), Seán Tirial (Cill Chainnigh), Pádraig Ó Meachair (Tiobraid Árann), Pádraig Mac an Ghaill (Tiobraid Árann), Ollie Ó Cainín (Gaillimh), Fearghal Ó Móra (Gaillimh), Nollaig Ó Conchúir (Port Láirge), Seán Ó Néill (Corcaigh)

Leath-tacaithe: Seán Tennyson (Cill Chainnigh), Tomás Breatnach (Cill Chainnigh), Mícheál Breatnach (Port Láirge), Antóin de Brún (Port Láirge), Conchúr Mac Mathúna (Tiobraid Árann), Déaglán Ó Fainín (Tiobraid Árann), Seán Ó Laoi (Gaillimh), Marcas Ó Foghlú (Luimneach), Stiofán Ó hAidhne (Baile Átha Cliath)

Lár na páirce: Mícheál Rís (Cill Chainnigh), Ailéin Mac Craib (Baile Átha Cliath), Seán Mac Craith (Tiobraid Árann), Séamas Uadlóg (Tiobraid Árann), Gavin Ó Mathúna (Luimneach), Séamas Ó hÍcí (Luimneach)

Leath-tosaithe: Éamann Ó Braonáin (Cill Chainnigh), Eoin Ó Lorcáin (Cill Chainnigh), Anraí Ó Sibhleáin (Cill Chainnigh), Séamus Ó Callanáin (Tiobraid Árann), Labhrás Ó Coirbín (Tiobraid Árann), Pádraig Ó Ciarmhaic (Tiobraid Árann), Seán Ó Briain (Tiobraid Árann), Beircheart Ó Conchúir (Corcaigh), Aonghas Ó Callanáin (Gaillimh)

Lán-tosaithe: Eoin Ó Ceallaigh (Tiobraid Árann), Nollaig Mac Craith (Tiobraid Árann), Seosamh Ó Cainín (Gaillimh), Damian Ó hAodha (Gaillimh), Máirtín Mac Cumascaigh (Cill Chainnigh), Risteard de Paor (Cill Chainnigh), Daithí Ó Ceallacháin (Baile Átha Cliath), Daithí Ó Treasaigh (Baile Átha Cliath), Seán Ó Maoláin (Port Láirge)

Iománaí na Bliana: Labhrás Ó Coirbín (Tiobraid Árann), Seán Ó Maoláin (Port Láirge), Tomás Breatnach (Cill Chainnigh)

Óg-iománaí na Bliana: Pádraig Ó Meachair (Tiobraid Árann), Nollaig Mac Craith (Tiobraid Árann), Seosamh Ó Cainín (Gaillimh)

Foireann Uimhir Sárimreoir Óg-imreoir
1 Tiobraid Árann 13 1 2
2 Cill Chainnigh 12 1 0
3 Gaillimh 6 0 1
4 Port Láirge 5 1 0
5 Baile Átha Cliath 4 0 0
6 Luimneach 3 0 0
7 Corcaigh 2 0 0

Peil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fógraíodh na hainmniúcháin don bhliain 2009 ar an 25 Meán Fómhair.

Cúlbáirí: Stiofán Cluxton Baile Átha Cliath, Diarmuid Ó Murchú (Ciarraí), Ailéin Ó Coirc (Corcaigh)

Lán-tacaithe: Tomás Mac Dhuifinn (Ciarraí), Tomás Ó Súilleabháin (Ciarraí), Marcas Ó Sé (Ciarraí), Antóin Ó Lionsigh (Corcaigh), Mícheál Ó Siail (Corcaigh), Ciarán Ó hAoláin (Cill Mhantáin), Carl de Léis (Dún na nGall), Seán Mac Cárthaigh (Luimneach), Saerbhreathach Mac Mathúna (Tír Eoghain)

Leath-tacaithe: Graham Ó Cáinte (Corcaigh), Seán Miskella (Corcaigh), Mícheál Mac Cárthaigh (Ciarraí), Tomás Ó Sé (Ciarraí), Daithí Ó hAirt (Tír Eoghain), Ryan Mac Meanman (Tír Eoghain), Barra Ó Cathail (Baile Átha Cliath), Seán Ó Duibheannaigh (Sligeach), Aindriú Ó Móráin (Maigh Eo)

Lár na páirce: Diarmuid Ó Mochóir (Cill Dara), Nioclás Ó Murchú (Corcaigh), Ailéin Ó Conchúr (Corcaigh), Caoimhín Ó hAodha (Tír Eoghain), Seán Ó Gealbháin (Luimneach), Séamus Ó Scannláin (Ciarraí)

Leath-tosaithe: Pól Ó Gealbháin (Ciarraí), Tadhg Mac an Fhailí (Ciarraí), Alan Ó Brógáin (Baile Átha Cliath), Leighton Mac Fhloinn (Cill Mhantáin), Séamas Caomhánach (Cill Dara), Trevor Ó Muireartaigh (Maigh Eo), Pádraig Ó Ceallaigh (Corcaigh), Piaras Ó Néill (Corcaigh), Seosamh Ó Sirideáin (An Mhí)

Lán-tosaithe: Bearnard Ó Brógáin (Baile Átha Cliath), Colm Cúipéir (Ciarraí), Déaglán Ó Súilleabháin (Ciarraí), Tomás Breathnach (Ciarraí), Dónal Góilin (Corcaigh), Mícheál Ó Murchú (Dún na nGall), Mícheál Mac Cana (Aontroim), Stiofán Ó Néill (Tír Eoghain), Ailéin Mac Gabhann (Cill Dara)

Peileadóir na Bliana: Graham Ó Cáinte (Corcaigh), Pól Ó Gealbháin (Ciarraí), Tomás Ó Sé (Ciarraí)

Óg-pheileadóir na Bliana: Mícheál Ó Murchú (Dún na nGall), Colm Ó Néill (Corcaigh), Aodhán Ó Sé (Maigh Eo)

Buaiteoirí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Iomáint[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bronnadh na duaiseanna don bhliain seo ag searmanas ar an 16 Deireadh Fómhair.

  1. P.S. Ó Riain (Cill Chainnigh)
  2. Ollie Ó Cainín (Gaillimh)
  3. Pádraig Ó Meachair (Tiobraid Árann)
  4. Seán Tirial (Cill Chainnigh)
  5. Tomás Breatnach (Cill Chainnigh)
  6. Mícheál Breatnach (Port Láirge)
  7. Conchúr Mac Mathúna (Tiobraid Árann)
  8. Mícheál Rís (Cill Chainnigh)
  9. Ailéin Mac Craib (Tiobraid Árann)
  10. Labhrás Ó Coirbín (Tiobraid Árann)
  11. Anraí Ó Sibhleáin (Cill Chainnigh)
  12. Eoin Ó Lorcáin (Cill Chainnigh)
  13. Nollaig Mac Craith (Tiobraid Árann)
  14. Seosamh Ó Cainín Gaillimh
  15. Seán Ó Maoláin Gaillimh
 

Peil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fógraíodh na buaiteoirí ar an 16 Deireadh Fómhair, 2009, agus bronnadh na duaiseanna ar an lá céanna ag searmanas ar RTÉ.

  1. Diarmuid Ó Murchú (Ciarraí)
  2. Carl de Léis (Dún na nGall)
  3. Mícheál Ó Siail (Corcaigh)
  4. Tomás Ó Súilleabháin (Ciarraí)
  5. Tomás Ó Sé - Ciarraí
  6. Graham Ó Cáinte (Corcaigh)
  7. Seán Miskella (Corcaigh)
  8. Diarmuid Ó Mochóir (Cill Dara)
  9. Séamus Ó Scannláin (Ciarraí)
  10. Pól Ó Gealbháin (Ciarraí)
  11. Piaras Ó Néill - (Corcaigh)
  12. Tadhg Mac an Fhailí (Ciarraí)
  13. Dónal Góilin (Corcaigh)
  14. Déaglán Ó Súilleabháin - Ciarraí
  15. Stiofán Ó Néill - Tír Eoghain

Iar-bhuaiteoirí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Buaiteoirí is mó[cuir in eagar | athraigh foinse]

Iomáint[cuir in eagar | athraigh foinse]

Imreoir Foireann Uimhir
1 D. S. Ó Ciara Cill Chainnigh 9
Anraí Ó Sibhleáin Cill Chainnigh 9
2 Nollaig Ó Sceacháin Cill Chainnigh 7
Tomás Breatnach Cill Chainnigh 7
3 Nioclás Inglis Tiobrad Árann 6
4 Éadbhard Ó Cathaoir Cill Chainnigh 5
Eoin Ó Ceallaigh Tiobrad Árann 5
Séamus de Barra-Ó Murchú Corcaigh 5

Peil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Imreoir Foireann Uimhir
1 Pádraig Ó Spealáin Ciarraí 9
2 Mícheál Mac Síthigh Ciarraí 7
3 Seán Ó Sé Ciarraí 6
Peadar Ó Ceannubháin Tír Eoghain 6
Gearóid de Paor Ciarraí 6
4 Seán Mac Aogáin Ciarraí 5
Seán Ó Caoimh Ciarraí 5
Seán Ó Laoire Baile Átha Cliath 5
Páidí Ó Sé Ciarraí 5

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]



Sárimreoirí na Bliana

1971 | 1972 | 1973 | 1974 | 1975 | 1976 | 1977 | 1978 | 1979 | 1980 | 1981 | 1982 | 1983 | 1984 | 1985 | 1986 | 1987 | 1988 | 1989 | 1990 | 1991 | 1992 | 1993 | 1994 | 1995 | 1996 | 1997 | 1998 | 1999 | 2000 | 2001 | 2002 | 2003 | 2004 | 2005 | 2006 | 2007 | 2008 | 2009 | 2010 | 2011 | 2012 | 2013