Nollaig Ó Sceacháin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaNollaig Ó Sceacháin
Beathaisnéis
Breith6 Nollaig 1945
78 bliana d'aois
Droichead Binéid, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmiománaí Cuir in eagar ar Wikidata
Spórtiomáint Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhréim
Grúpaí I P
Conair
  Foireann Comórtas
- Foireann Sinsir Iomána Chill Chainnigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

Iar-iománaí is ea Nollaig Ó Sceacháin (Béarla: Noel Skehan), a bhí ina chúl báire leis an bhfoireann Chill Chainnigh idir na 1960idí agus na 1980idí. Tá naoi mbua ag Ó Sceacháin i gCraobh Iomána Sinsearach na hÉireann, níos mó ná aon imreoir eile. Tá Ó Sceacháin gníomhach san fhoireann fós, ina roghnóir sa lá atá inniu ann.

Bhuaigh Ó Sceacháin a chéad trí bhonn ina fhear-ionaid, i ré an chúl bháire iontach eile Oilibhéar Breatnach. Tháinig na boinn eile sna blianta 1972, 1974, 1975, 1979, 1982 agus 1983. Chomh maith le sin, bhí níos mó duaiseanna Sárimreoirí na Bliana ag Ó Sceacháin ná éinne eile ar feadh tamaill fada (seacht), ach tá níos mó ag D. S. Ó Ciara inniu (naoi).

Luathshaol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Saolaíodh sa bhaile Droichead Binéid, Contae Chill Chainnigh é sa bhliain 1944, i dteaghlach agus ceantar le baint láidir leis an iomáint. Bhí a uncail Dan Kennedy ina chaptaen ar an bhfoireann Chill Chainnigh a bhuaigh cluiche ceannais na bliana 1947 i gcoinne Chorcaí. Ba chol ceathrair í a mháthair May le hOllie Walsh, cúl báire den scoth agus duine de na laochra ba mhó a tháinig as an gcontae riamh.

Bhí cónaí ar Ó Sceacháin san eastáit cáiliúil Woodlawn, in éineacht le roinnt iománaithe rathúla eile ar nós Paddy Moran, Séamus Cleere, Liam Cleere, John Kinsella, Pat Lawlor agus Liam Simpson. Tá níos nó ná fiche bonn uile-Éireann ag an dream seo le chéile. Fuair sé a chuid oideachais go háitiúil i nDroichead Binéid, agus thaispeáin sé go raibh féith na hiomána aige ó aois óg.

Gairmréim imeartha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Club[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba leis an cumann áitiúil Droichead Binéid a d’imr sé a chuid iomána, agus bhain sé rath mór amach leo. Bhuaigh sé a chéad chraobh ar leibhéal an chontae leis an gclub sa bhliain 1960, agus é ach sé bliana d’aois. Dhá bhliain ina dhiaidh sin, bhí sé díreach tar éis éirí as leibhéal na mionúir nuair a bhain sé amach a dhara corn leis an bhfoireann, nó “an Droichead” mar a dtugtar orthu. Bhí an cuma ar an scéal go raibh sé de nós ag an nDroichead gach dara corn a bhaint amach, mar a rinneadar arís sna blianta 1964 agus 1966. Chuir sé a chúigiú bonn leis a bhailiúchán sa bhliain 1967. Ceithre bliana ina dhiaidh sin, bhuadar an dara corn déag, agus an séú ceann dó féin.

Cill Chainnigh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mionúr[cuir in eagar | athraigh foinse]

Gan mórán moille, mhúscail cumas Uí Sceachán aird ó roghnóirí Chill Chainnigh. Chuaigh sé isteach i bhfoireann mionúir an chontae sa bhliain 1962, agus bhain sé rath amach ar an toirt. Sa bhliain seo, bhí sé ina chúl báire i bhfoireann na gCat a bhuaigh ar Loch Garman i gCraobh Laighean, 5-7 in aghaidh 5-4. Choimeád sé a áit san fhoireann do cluiche ceannais na hÉireann. Bhuail na Cait le Tiobraid Árainn sa chluiche, agus níor scaoil sé isteach cúl ar bith agus é ag glacadh a chéad chorn uile-Éireann, 3-6 in aghaidh 0-9.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]



Cill Chainnigh - Curaidh Iomána na hÉireann 1983 - 23ú corn
1 N. Ó Sceacháin | 2 S. Mac Éinrí | 3 B. Mac Óda | 4 R. Ó hEára | 5 S. Ó hAonasa | 6 G. Mac Éinrí | 7 P. de Priondragás | 8 P. Ó Coimín | 9 G. Ó Fionnalaigh | 10 R. de Paor | 11 C. Ó Braonáin | 12 L. Ó Fionnalaigh (capt.) | 13 L. Mac Giolla Phádraig | 14 C. Ó hIfearnáin | 15 A. Ó Riain | Fir ionaid P. Ó Leannáin | Bainisteoir: P. Mac Éinrí