Stiofán Cluxton

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Stiofán Cluxton
Eolas pearsanta
Spórt Peil Ghaelach
Ainm Béarla Stephen Cluxton
Dáta breithe 17 Nollaig 1981
Dáta báis
Áit bhreithe Baile Átha Cliath
Airde
Leasainm Clucko
Eolas club
Club Cumann Parnell
Ionad Cúl Báire
Club(anna)
Club Bliain Cluichí (pointí)
Cumann Parnell
Idirchontae
Contae Áth Cliath
Ionad Cúl Báire
Torthaí
Contae Bliain Cluichí (pointí)
Áth Cliath ? - Inniu
Duaiseanna
Craobh Laighean 12
Craobh Peil Sinsearach na hÉireann 4
Sárimreoirí 5

Is peileadóir Ghaelach ó Bhaile Átha Cliath é Stiofán Cluxton (Stephen Cluxton sa Bhéarla). Imríonn sé le haghaidh Baile Átha Cliath agus Cumann Parnell. Bhí Cluxton ar fhoireann Bhaile Átha Cliath nuair a bhain siad Craobh Laighean i 2002, 2005, 2006, 2007, 2008, 2009, 2011, 2013, 2015 agus 2016. Bronnadh 'allstar' air sa bhliain 2002, 2006, 2007, 2011 agus 2013, . Roghnaíodh Stiofán i bhfoireann peile na réalta gorma le haghaidh 2006 agus ainmníodh é ar fhoireann GPA na bliana. Bhain Cluxton Corn Sigerson agus é ag imirt mar chúl báire le Cathair Ollscoile Bhaile Átha Cliath.

Ní raibh Cluxton in ann imirt thar lear, ar son na hÉireann in éadan na hAstráile toisc fóibe eitleáin atá aige.[1] D'imir sé ar son na hÉireann i 2004 nuair a bhí an chluiche ar siúl in Éirinn agus ainmníodh é mar an t-imreoir is fearr.[1]

Bhain Cluxton Corn Uí Bhroin le Baile Átha Cliath le bua in éadan na Laoise sa chraobh.[2] Bhuaigh sé Craobh na hÉireann le Baile Átha Cliath i 2011 in éadan Chiarraí ag Páirc an Chrócaigh. Scóráil Cluxton cic saor ag an noiméad deireanach sa chraobh chun an chluiche a bhuachaint ar son a chontae.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]