Jump to content

Henry Shefflin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Anraí Ó Sibhleáin)
Infotaula de personaHenry Shefflin

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith11 Eanáir 1979
47 bliana d'aois
Port Láirge, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste Chiaráin, Contae Chill Chainnigh
Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge Cuir in eagar ar Wikidata
Airde1.5 m Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmiománaí Cuir in eagar ar Wikidata
Spórtiomáint Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhréim
Grúpaí I P
Conair
  Foireann Comórtas
1997- CLG Na Seamróga Baile Héil
1997-2002 Waterford IT GAA (en) Aistrigh
1999-2015 Foireann Sinsir Iomána Chill Chainnigh Cuir in eagar ar Wikidata

Is é Henry Shefflin (Gaeilge: Anraí Ó Sibhleáin) ar cheann de na hiománaithe is mó a d’imir an cluiche i Eireann riamh. Tá Henry aitheanta le fada mar cheann de na hiománaithe is fearr sa stair, chuaigh Shefflin ar scor le 10 teideal Craobh Chómortas na hÉirinn, 13 teideal SHC Laighean, sé theideal sraithe náisiúnta agus 11 ghradam Sarimreoirí[1] le Cill Chainnigh.

Le Baile Héil fuair sé ceithre teideal Clubanna Laighean, sé Craobh Sinsearach Cill Chainnigh agus trí Cluiche Ceanna na hÉireann Clubanna.[2]

Saol Pearsanta

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Henry Shefflin, mar is fearr aithne air mar iománaí, i bPort Láirge, Éire ar an Déardaoin, 11 Eanáir, 1979. Bhuaigh duine de na hiománaithe is mó in Éirinn a 12ú teideal Laighean in 2012 le Cill Chainnigh, agus leag sé go leor taifead iománaíochta le linn a shlí bheatha iomráiteach.[3]Cuireadh i gcomparáid é leis an réalta sacair Lionel Messi le linn cluiche i Sraith na Seaimpíní a craoladh in 2013.[4] Bhuaigh sé imreoirí na blianta trí huaire. Rinne Henry a chéad chluiche sinsir do Chill Chainnigh sa léig náisiúnta i 1999. Chuaigh sé ar scor i 2015. D'imir sé le Cill Chainnigh ar feadh 16 bliana.[5]

D’fhás Henry suas i mBaile Héil, Co. Chill Chainnigh. D’fhás sé aníos i dteach tábhairne an teaghlaigh. Bhí feirm ag a mhuintir chomh maith leis an teach tábhairne.[6]Bhí baint ag teaghlach Henry leis an Cumann Lúthchleas Gael i gcónaí.

Chuaigh Henry ar an mbunscoil i Scoil Náisiúnta Naomh Pádraig, Baile Héil, Co. Chill Chainnigh. Ba í an iománaíocht príomh-chaitheamh aimsire Henry mar pháiste. Thug sé a chamán i ngach áit leis. Bhí camán agus liathróid leis i gcónaí ag déanamh obair feirme. D’fhéach sé suas le deartháireacha níos sine a d’imir le Baile Héil agus an rath a bhí orthu.[7] D'imir a dheartháireacha níos sine freisin d'fhoirne faoi bhun aois. Bhuaigh duine de na deartháireacha seo Craobh Chómortas na hÉireann faoi 21[8] agus an ceann eile mionaoiseach Craobh Chómortas na hÉireann[9].

D’fhreastail sé ar mheánscoil ina dhiaidh sin i gColáiste Naomh Kieran, Cill Chainnigh. Lean sé ar aghaidh ag freastal ar oideachas tríú leibhéal in Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge.[6] .

Henry agus Mae ainmneacha tuismitheoirí Henry, tá triúr deirfiúracha agus triúr deartháir aige freisin. D'imir a athair iománaíocht do Warwickshire i Sasana agus d'imir sé i gCraobh Chluiche Sóisearach na hÉireann i 1957.[6] D'imir a mháthair camógaíocht freisin. D'imir deartháir a mháthair mion-iománaíocht ar mhaithe le Cill Chainnigh.

Tá sé pósta faoi láthair le Deirdre Shefflin. Tá cúigear leanaí acu le chéile - triúr buachaillí agus beirt chailíní. Is iad Henry Michael, Freddie agus Tom na buachaillí agus is iad Sadhbh agus Siun a n-iníonacha[10]. Faoi láthair tá sé ag obair mar bhainisteoir díolacháin i 'Bank of Ireland'. Rinne sé bainistíocht ar a fhoireann clubanna Baile Héil ar feadh 2 bhliain, ó 2017 go 2019.[11]

Dírbheathnaisnéis - 'Henry Shefflin'

[cuir in eagar | athraigh foinse]

I 2017, d’fhoilsigh Henry dírbheathaisnéis. Sa leabhar seo labhair Henry faoina shaol ag iománaíocht ó thús go deireadh. 'Henry Shefflin' an t-ainm atá ar an leabhair. Sa leabhar seo, labhraíonn Henry faoi na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann lena shlí bheatha iománaíocht. I gcuid amháin den leabhar labhraíonn sé faoi nuair a bhuail sé leis an mBanríon Sásana agus le Barack Obama i gceann seachtaine.[12]

Gairm Iománaíochta

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí gairmréim fhada iománaíochta ag Henry, ag dul ar scor ag aois 36. Le linn a shlí bheatha, d’imir sé le Baile Héil, Cill Chainnigh, Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge agus a mheánscoil.

Thosaigh Henry a ghairm bheatha iomána ag imirt le Baile Héil. Thosaigh sé ag imirt iománaíocht nuair a bhí sé cúig bliana d'aois. Le linn a ghairmréime fada le Baile Héil, bhuaigh sé ceithre theideal Laighean agus trí theideal craobh chomórtas na hÉirinn agus sé Craobh Chómortas Contae Cill Chainnigh.[13]

Chuaigh sé ar scor in 2016, ansin bhí sé ina bhainisteoir air agus bhainistigh sé an fhoireann ar feadh dhá bhliain. Bhuaigh siad Cluiche Ceannais Clubanna na hÉireann leis i 2019. Bhuail siad Naomh Tómas ó Gaillimh sa chluiche ceannais clubanna na hÉireann i 2019.[14]

Cluiche Ceannais Clubanna na hÉireann (nuair a bhí Henry ag imirt nó Bainisteoir)[15]
BlianIn aghaidhas ContaeScór
2007Loch RiachGaillimh3-12 2-08
2010Port OmnaGaillimh1-19 0-17
2015Cill Mocheallóg Luimineach1-18 0-06
2019Naomh TómasGaillimh2-28 2-11
2020Buiríos Ó Luigheach Tiobaird Árainn0-18 0-15

Ollscoil (WIT - Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge)

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Freastal Shefflin go dtí Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge. D'imir sé le foireann WIT i gcupán Fitzgibbon. Deir Henry gurbh iad seo na blianta a d’fhorbair sé an chuid is mó mar iománaí. Bhuaigh Henry Shefflin cupán Fitzgibbon i 1999 agus 2000 le WIT.[7]

Ba é Henry Shefflin dalta réalta de chuid Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge. Ina chéad bhliain i Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge, scóráil sé 2-7 i gcoinne Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath. I gcluiche eile i gcoinne Coláiste na nGardaí, scóráil sé raon fada saor in aisce a thug isteach sa chluiche ceannais Coláiste na hOllscoile Corcaigh iad.[16]

I 1999, scóráil Henry 2-16 i gceithre chluiche chun cabhrú lena fhoireann cupán Fitzgibbon a bhuachan. An bhliain chéanna sin i 1999, fuair Henry a chéad cheann de dheich mbonn Craobh Chomórtas na hÉireann le Cill Chainnigh agus an chéad cheann de 11 réalta ar fad aige freisin. In 2012, roghnaíodh Shefflin ar fhoireann cupán Fitzgibbon na linne.[16]

Cúpan Fitzgibbon Cluiche 1999
DátaOllscoilScórToradh
03/02/1999Institiúid Teicneolaíocht Phort Láirge vs Institiúid Teicneolaíocht Baile Átha Luain4-17 - 2-08 WIT
17/02/1999Institiúid Teicneolaíocht Phort Láirge vs Institiúid Teicneolaíocht Chorcaigh 0-15 - 0-11 WIT
27/02/1999Institiúid Teicneolaíocht Phort Láirge vs Colláiste Garda Síochana 1-17 - 2-04 WIT
28/02/1999

An Cluiche Ceannais

Institiúid Teicneolaíocht Phort Láirge vs Coláiste na hOllscoile Corcaigh 4-15 - 3-12 WIT

Cill Chainnigh

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thosaigh Henry Shefflin ag imirt le mionaoiseach Chill Chainnigh i 1996. Ba é Liam Fennelly as Baile Héil roghnóir na foirne. Bhí sé deacair ar Shefflin an fhoireann a dhéanamh ar dtús, ar dtús bhí sé fo-cúl báire.

Roghnaíodh ansin é chun cúinne a imirt lántosaí, a rinne go maith sa phost sin ach bhí sé ina fho-chluiche do chluiche leathcheannais chómortas na hÉireann.[7]

Roghnaigh Brian Cody, bainisteoir Chill Chainnigh Henry don phainéal sinsearach i 1999.[7]Bhí tús Henry Shefflin do Chill Chainnigh le linn na Sraithe Náisiúnta i 1999. Bliain ina dhiaidh sin, sa bhliain 2000 bhuaigh sé a chéad sárimreoirí.Tháinig feabhas agus feabhas ar a shlí bheatha iomána gach bliain ina dhiaidh sin. Sa bhliain 2002, d’imir Henry a dhara Cluiche Ceannais na hÉireann.

Sa chluiche ceannais sin, bhí comhscór 2-13 ag Shefflin agus a chara foirne DJ Carey. Sa bhliain 2002. Bhuaigh Henry a dhara Sárimreoirí agus imreoir na bliana GPA agus Imreoir na bliana ó Vodafone agus Texaco[17]. Ceann de na chuimhneacháin is bródúla atá ag Henrys ina shlí bheatha iomána is ea captaen Cill Chainnigh nuair a bhuaigh siad i 2006.[6]Sa bhliain 2009, bhuaigh Cill Chainnigh ceithre stairiúil as a chéile.[18] Sa bhliain 2010 chaill Cill Chainnigh in aghaidh Tiobraid Árainn.

Cill Chainnigh - Craobh Chomórtas na hÉireann
BliainComhraicIonadScóráil HenryToradh
1999CorcaighPáirc an Crocaigh0-05Caillte
2000Uíbh Fhailí Páirc an Crocaigh2-03Bhuaigh
2002ClárPáirc an Crocaigh1-07Bhuaigh
2003CorcaighPáirc an Crocaigh0-06Bhuaigh
2004CorcaighPáirc an Crocaigh0-05Caillte
2006CorcaighPáirc an Crocaigh0-08Bhuaigh
2007LuimineachPáirc an Crocaigh1-02Bhuaigh
2008Port LáirgePáirc an Crocaigh0-08Bhuaigh
2009Tiobraid ÁrainnPáirc an Crocaigh1-08Bhuaigh
2010Tiobriad ÁrainnPáirc an Crocaigh0-01Caillte
2011Tiobriad ÁrainnPáirc an Crocaigh0-07Bhuaigh
2012Tiobriad ÁrainnPáirc an Crocaigh0-09Bhuaigh
2014 Tiobriad Árainn Páirc an Crocaigh 0-03 Bhuaigh

Bainisteoir do Bháile Héil

[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'éirigh Henry as an iománaíocht a imirt le Baile Héil i 2016. Bliain ina dhiaidh sin, i 2018 ba é mar chomh-bhainisteoir na foirne Baile Héil. Bhainistigh sé iad ar feadh dhá bhliain. D'éirigh sé as a phost mar bhainisteoir tar éis dóibh dhá chlub a bhuachan in Éirinn as a chéile. sa bhliain 2019, bhuaigh Baile Héil an Cluiche Ceannais Clubanna na hÉireann in aghaidh Naomh Tómas as Gaillimh. Sa bhliain 2020, bhuaigh Baile Héil an Cluiche Ceannais Clubanna na hÉireann in aghaidh Buiríos Ó Luigheach ó Tiobraid Árainn. Tar éis sin, d'éirigh sé as a phost mar bhainisteoir.[19]

Dámhachtainí

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an taifead is mó ag Henry Shefflin as Cill Chainnigh as an gcuid is mó de na Dámhachtainí Sárimreoirí san aon áit le seacht ag an lár tosaí. Reáchtálann an Cumann Lúthchleas Gael agus an Gaelic Players Association searmanas bronnta gach bliain tar éis séasúr na craobhchomórtais a bheith críochnaithe. Sa chraobh dámhachtana seo bronntar 15 Sárimreoirí ar imreoirí a shármhaith ag iománaíocht an bhliain sin. Bhuaigh Henry Shefflin 11 Sárimreoirí ina shlí bheatha iománaíocht.[21]

Na Blianta a bhuaigh sé Sárimreoirí[22]
BliainDámhachtainí
2000Sárimreoirí
2002Sárimreoirí
2003Sárimreoirí
2004Sárimreoirí
2005Sárimreoirí
2006Sárimreoirí
2007Sárimreoirí
2008Sárimreoirí
2009Sárimreoirí
2011Sárimreoirí
2012Sárimreoirí
Geansaí - Cill Chainnigh

Imreoir na bliana

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhuaigh Shefflin go leor imreoir na bliana. Roghnaíodh é freisin d’fhoireann na ndeich mbliana i 2010.[23] Bhí sé ar cheann de na himreoirí ab fhearr riamh chun iománaíocht a imirt in éineacht le DJ Carey agus cúpla imreoirí eile. Bronntar dámhachtainí imreoir na bliana an oíche chéanna le gradaim Sárimreoirí. Sa bhliain 2002, fuair Shefflin sárimreoir, GPA imreoir na bliana, Vodafone imreoir na bliana agus Texaco imreoir na bliana. Is taifead é sin.[13]

Duais Imreoir na Bliana[24]
BliainDuais
2002GPA Imreoir na Bliana
2002Vodafone Imreoir na Bliana
2002Texaco Imreoir na Bliana
2006GPA Imreoir na Bliana
2006Vodafone Imreoir na Bliana
2006Texaco Imreoir na Bliana
2012GPA Imreoir na Bliana
2012Texaco Imreoir na Bliana
2012RTÉ Sports Imreoir na Bliana
  1. Padraic Ryan (2015-03-25). "Kilkenny legend Henry Shefflin retires at 36" (as en).
  2. "GALLERY: Henry Shefflin's hurling career" (as en) (2015-03-24).
  3. Staff (2019-04-11). "Henry Shefflin: Top 10 Facts You Need to Know" (en-US). FamousDetails. Dáta rochtana: 2021-03-24.
  4. CelebsAges com Staff (2018-11-13). "Henry Shefflin – Age, Bio, Personal Life, Family & Stats" (en-US). CelebsAges. Dáta rochtana: 2021-03-24.
  5. "As it happened - Henry Shefflin retirement announcement" (en). independent. Dáta rochtana: 2021-03-24.
  6. 1 2 3 4 "https://www.gaa.ie/the-gaa/oral-history/henry-shefflin/" (en). www.gaa.ie. Dáta rochtana: 2021-03-24.
  7. 1 2 3 4 "https://www.gaa.ie/the-gaa/oral-history/henry-shefflin/" (en). www.gaa.ie. Dáta rochtana: 2021-03-24.
  8. "Wayback Machine". web.archive.org (2011-02-26). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2011-02-26. Dáta rochtana: 2021-03-24.
  9. "Wayback Machine". web.archive.org (2009-03-25). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2009-03-25. Dáta rochtana: 2021-03-24.
  10. Kevin Taylor (2020-10-16). "Inside Henry Shefflin’s family life with wife Deirdre and five kids" (en). Irish Mirror. Dáta rochtana: 2021-03-24.
  11. P. M. O’Sullivan (2020-01-23). "Henry Shefflin steps down as Ballyhale Shamrocks manager" (en). Irish Examiner. Dáta rochtana: 2021-03-24.
  12. "Book review" (en). independent. Dáta rochtana: 2021-03-25.
  13. 1 2 "Statistics, figures and awards from the stunning career of Henry Shefflin" (en). independent. Dáta rochtana: 2021-03-25.
  14. Paul Keane (2019-03-17). "Record-setting Ballyhale win seventh All-Ireland club hurling title" (en). Irish Examiner. Dáta rochtana: 2021-03-25.
  15. "All-Ireland Club Finals by numbers" (as en) (2016-03-16).
  16. 1 2 "WIT’s Fitzgibbon Cup Dream Team" (en-GB). Waterford News and Star (2020-05-22). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-06-01. Dáta rochtana: 2021-03-25.
  17. John Fogarty (2014-03-08). "Shefflin salutes courage of striking Cork hurlers in 2002" (en). Irish Examiner. Dáta rochtana: 2021-03-25.
  18. "Is the Kilkenny four in a row underappreciated?" (en-GB). Sportstalk.ie GAA | Club Football & Hurling | Camogie | Gaelic | Hurling (2017-12-03). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-09-25. Dáta rochtana: 2021-03-25.
  19. "Henry Shefflin steps down as Ballyhale Shamrocks manager after All-Ireland win" (en-ie). The Irish Sun (2020-01-23). Dáta rochtana: 2021-03-25.
  20. "List of All Stars Awards winners (hurling)" (as en) (2021-03-12). Wikipedia.
  21. Staff Reporter (2017-01-11). "On This Day – January 11, 1979: Kilkenny legend and 11-times Allstar Henry Shefflin is born" (en). The Irish News. Dáta rochtana: 2021-03-25.
  22. "List of All Stars Awards winners (hurling)" (as en) (2021-03-12). Wikipedia.
  23. "Tipperary and Kilkenny dominate Irish SunSport's hurling team of the decade" (en-ie). The Irish Sun (2020-01-02). Dáta rochtana: 2021-03-25.
  24. "GAA GPA All Stars Awards" (as en) (2021-01-05). Wikipedia.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]