Jump to content

Cumann Imreoirí Gael

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaCumann Imreoirí Gael
Sonraí
Cineálceardchumann Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Dáta a bunaíodh1999
Gníomhaíocht
Ball deEU Athletes (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú

Suíomh gréasáingaelicplayers.com Cuir in eagar ar Wikidata

Facebook: GaelicPlayersAssociation X: gaelicplayers Instagram: gaelicplayers Cuir in eagar ar Wikidata

Eagraíocht spóirt Éireannach í Cumann Imreoirí GaelCIG.[1][2] Bunaíodh i mí Mheán Fómhair sa bhliain 1999 é, chun tacaíocht agus eolas a chur ar fáil do na himreoirí atá ag imirt na gcluichí Gaelacha, sa Chumann Lúthchleas Gael. Oibríonn an dá chomhlacht, CIG agus CLG, as lámha a chéile anois chun coinníollacha níos fearr a chur ar fáil inar féidir leis na himreoirí dul i bhfeabhas.[3]

Peter Canavan, 2003

I measc na daoine a chuir an cumann ar bun ná na himreoirí Fergal Logan, Peter Canavan agus Dessie Farrell. Toghadh Farrell ina chathaoirleach sa bhliain 2000, agus sa bhliain 2003 ghlac sé post mar phríomhfheidhmeannach lánaimseartha.

Mar a bhíonn le haon eagraíocht nua, bhí an dul chun cinn mall ar dtús ach de réir a chéile tháinig fás agus forbairt uirthi. Cé go bhfuil an GPA ar an bhfód ó 1999, bhí sé deacair aitheantas oifigiúil a fháil ón CLG. Ar deireadh thiar, bronnadh an stádas seo ar an eagraíocht ag comhdháil de chuid CLG ar an 21 Samhain 2009.

Sna 2020idí, cuireadh deontas beag airgid do na himreoirí i bhfeidhm. In 2025 Ach tá CIG mí-shásta i gcónaí agus tá díospóireacht ar siúl faoi thodhchaí na gcluichí amaitéaracha in Éirinn.[3]

Ó 2008 i leith, tá scéim deontais á maoiniú ag an stát a sholáthraíonn timpeall €5.6 milliún sa bhliain, rud a chiallaíonn thart ar €1,400 in aghaidh an imreora. Anois, tá an GPA ag lorg €10 milliún sa bhliain ó 2026 ar aghaidh, rud a chuirfeadh meáníocaíocht €2,500 ar fáil do gach imreoir, agus an sprioc fhadtéarmach atá acu ná €4,000 faoin mbliain 2030.[4]

Bhí tuarascáil ó Indecon (comhairleoirí eacnamaíochta) ag tacú leis an éileamh: bíonn costais phearsanta €4,602 ar an meán ar gach imreoir gach bliain (ag an am céanna, cruthaíonn na cluichí breis is €591 milliún in aghaidh na bliana don gheilleagar trí thicéid, craoltaí agus tionchar ar an bpobal).[3]

Ardaíonn an t-éileamh ceist níos leithne, cé chomh fada is féidir na deontais a ardú gan teorainn an amaitéarachais a chur i mbaol? Tá imní ar roinnt traidisiúnaithe go bhféadfadh méadú róthapa an t-éiteas a lagú. Deir daoine eile, áfach, mura mbeidh tacaíocht níos córa ann, go háirithe do mhic léinn agus d’imreoirí ó cheantair thuaithe a bhíonn ag taisteal uaireanta fada, go bhfágfaidh go leor acu an cluiche ar fad.

Cuireann an GPA béim ar an bpointe nach ionann na híocaíochtaí seo agus pá gairmiúil. Tá siad measartha i gcomparáid le spóirt eile. Maidir le contaetha laga, áit a bhfuil na costais is troime agus na hacmhainní gann, feictear na deontais mar thaca riachtanach chun imreoirí a choinneáil agus comórtais a dhéanamh cothrom.[3]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Béarla: Gaelic Players AssociationGPA
  2. tearma.ie. "Cumann Imreoirí Gael". Dáta rochtana: 2025.
  3. 3.0 3.1 3.2 3.3 John Allen (27 Meán Fómhair 2025). "Cumann Imreoirí Gael" (as ga-IE). Vicipéid. 
  4. Gordon Manning. "State’s €10m spend on NFL match won’t sit easy with GAA players if grant request rejected" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2025-09-29.

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]