Jump to content

Seantrabh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilSeantrabh

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 53° 23′ 56″ N, 6° 14′ 49″ O / 53.3989°N,6.2469°W / 53.3989; -6.2469
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Laighean
Iaraonán críochach riaracháinContae Bhaile Átha Cliath
Cathair mhórBaile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Logainm.ie1412160
Staid Morton
Ionad Siopadóireachta Páirc Omni
Diméin Seantrabh

Is bruachbhaile i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath é Seantrabh[1] (Santry as Béarla)[2]. Is mar chuid de Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath é Seantrabh[3]. Tá an t-ionad siopadóireachta darbh ainm Omni ann agus tá Diméin Sheantraibh lonnaithe ann. Tá sé ar an mbealach go dtí Aerfort Bhaile Átha Cliath. Tá sé timpeallaithe ag Baile Munna, Fionnbhrú agus An Chulóg.

As Béarla ciallaíonn Seantrabh old tribe, agus i 836 scrios na Lochlannaigh an pobal a tháinig ón treibh seo.[4] Tar éis ionradh na Normannach ar Éirinn a tharla le linn an 12ú haois, thug Rí Anraí II paróiste Sheantraibh chuig Hugh de Lacy[5]. Thug de Lacy Seantrabh go dtí an ridire Adam de Feypo. Timpeall 1620, bhí an t-eastát bronnaithe ar an gclann Protastúnach 'Barry'. Bronnadh teideal barúin ar an Ridire James Barry i 1661[6]. Bhí sé mar an chéad bharún de Sheantrabh. Tar éis an chlann Barry, bhí an chlann Domville i gceannas ar Sheantrabh agus iad ina gcónaí i ‘Santry House’ (mainéar mhór a bhí ann). Bhí siad i gcumhacht ar 5,000 acra de thalamh i gcomhair thart ar 200 bliain (1751-1935). Chuir an chlann Domville an sráidbhaile Swiss leis an gceantar Seantrabh. I 1935 athraíodh ‘Santry House’ go teach cónaithe i gcomhair daoine le míchumas foghlama. Is dócha go raibh tionchar mór ag an sráidbhaile Swiss ar stair Sheantraibh go dtí an lá atá inniu ann mar bhí teach tábhairne darbh ainm an ‘Swiss Cottage’ ar Bhóthar Shoird i Seantrabh, ach dúnadh é ag tús mí an Mheithimh i 2019.[7]

Bhí coillte cáiliúla ann i Seantrabh chomh mhaith a raibh in aice le ‘Santry House’. I 1969, bhí clann leis an ainm ‘Harris’ orthu agus cheannaigh siad an choill a raibh ann i Diméin Sheantraibh (a bhfuil fós ann sa lá atá inniu ann), thosaigh siad ag cur amach na tionóntaí a raibh ina gcónaí sna tithe beaga i stráidbhaile ‘Swiss’ ag an am. Le seo, bhí damáiste déanta do na crainn san fhoraois, bhí fear ann agus bhí cead faighte aige, an mhéid crann gur mian leis a leagan. Bhí feachtas curtha le chéile ag muintir Sheantraibh agus Baile Munna i 1985, glaodh ‘Sábháil Coillte Sheantraibh’ [8]air. Bhí ordú caomhnaithe curtha ar na crainn a raibh fágtha. Anois tá páirc na Coille Thuaidh ann laistigh de fharasbarr na foraoise, sa Choill Thuaidh tá siopaí, óstán[9], ionad aclaíochta[10] agus árasáin.

Diméin Sheantraibh

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Glaotar 'Páirc Sheantraibh' ar Diméin Sheantraibh. Tá sé mar pháirt de Chomhairle Contae Fine Gall. Is gné mór é de Sheantrabh. Ritheann abhainn Sheantraibh tríd an pháirc. Tá gairdín an phobail ann i Diméin Sheantraibh. Bunaíodh an gairdín i 2010[11], chun léas nua a chur air agus tá sé fós a fheidhmiú inniu. Tá gach duine atá páirteach leis an gníomhacht ag déanamh obair dheonach. Bhí sé mar garraí daingean roimhe seo. Tá an pobal in ann urraíocht a chur ar chrann nó is féidir leo airgead a bhronnadh go dtí an gairdín.

Is é Bus Átha Cliath an modh iompair is cáiliúla i Seantrabh. Téann an uimhir a haon (1) [12]an bealach ó Dhumhach Thrá go Seantrabh, téann an bus seo trí lár na cathrach chomh maith. Freisin tá an 41, 41c, 33 agus an 16 a téann tríd Seantrabh ón cathair ar an bhealach go dtí Baile Shoird, an Aerfort agus Na Sceirí. Tá an 104[13] atá mar pháirt de 'Go Ahead Ireland' [14]freisin a théann ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath go gCluain Tarbh agus ritheann sé trí sráidbhaile Sheantraibh.

Freisin tá an 41 mar cheann amháin den dá bhus a feidhmíonn 24 uair sa lae i mBaile Átha Cliath ó mhí na Nollag 2019[15].

Tá roinnt mhaith áiseanna ann i Seantrabh.

Siopadóireacht

[cuir in eagar | athraigh foinse]

I dtéarmaí siopadóireachta de, tá ionad mhór siopadóireachta ann darbh ainm 'Omni' ann. D'oscail an Omni i 1991[16]. Tá dhá stór ann agus tá níos mó ná 80[17] siopaí ann mar shampla: New Look, Tesco, Penneys agus Lidl. Tá roinnt mhaith bialanna ann mar shampla: Nandos agus Eddie Rockets. Tá pictiúrlann 'IMC Santry'[18] ann le 11 scáileán atá oscailte seacht lá sa tseachtain. Anuas ar sin, tá roinnt siopaí áitiúla scaipthe timpeall an cheantair.

Tá club sacar, 'Naomh Caoimhín' lonnaithe i Seantrabh. Bunaíodh é i 1959 ag an athair Desmond Williams[19]. Tá club lúthchleasaíochta ann ar Bhóthar Shoird i staid Morton, darbh ainm 'Clonliffe Harriers'[20]. Tá staid Morton suite i Diméin Sheantraibh agus tá raon 400 méadar le ocht lána ann [21]. Tá áis spóirt ag Coláiste na Tríonóide ar Ascaill Sheantraibh i gcomhair rugbaí, sacar, haca, peil Gaelach agus iománaíocht.

Tá Seantrabh mar chuid den pharóiste Caitliceach Fionnbhrú-Cnoc na Fuiseoige-Seantrabh. Tá séipéal amháin i Seantrabh, is é sin Séipéal ‘Mhaighréad de Bhál Beannaithe’, ach tugann Séipéal an Linbh Naofa i bhFionnbhrú seirbhís do mhuintir Sheantraibh.

Níl aon bhunscoil nó meánscoil suite go díreach i Seantrabh. Bíonn daltaí as Seantrabh ag freastal ar 'Scoil an Linbh Naofa, Chnoc na Fuiseoige', 'Gaelscoil Cholmcille' agus 'Scoil Aodháin'.

An Garda Síochána

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá stáisiúin na nGardaí suite i Seantrabh, trasna an bhóthair ó chlub sacair Naomh Caoimhín.

Tá an club gasóga '18th Santry'[22] suite i Seantrabh chomh maith. Tá sé ar bun ar feadh níos mó ná 40 bliain anois. Tá sé i gcomhair páistí atá idir aois a sé go dtí a 17. Is eagraíocht lán-deonach é. Buaileann grúpaí gasóga le chéile gach Luan, Ceadaoin, Déardaoin agus Aoine.

  1. Seantrabh/Santry | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
  2. "Seantrabh/Santry" (en). Logainm.ie. Dáta rochtana: 2019-12-02.
  3. "Your Area | Dublin City Council". www.dublincity.ie. Dáta rochtana: 2019-12-02.
  4. "Some history – Santry" (en). Pappan's People (2011-01-06). Dáta rochtana: 2019-12-04.
  5. Robert Somerville-Woodward (2002). "". Ballymun, a history (1). 
  6. "Some history – Santry" (en). Pappan's People (2011-01-06). Dáta rochtana: 2019-12-02.
  7. Gavin O'Callaghan (2019-06-04). "Dublin locals in mourning after popular pub closes down ahead of redevelopment". irishmirror. Dáta rochtana: 2019-12-06.
  8. Geocaching. "Geocaching - The Official Global GPS Cache Hunt Site" (en). www.geocaching.com. Dáta rochtana: 2019-12-06.
  9. "Dublin Airport Hotel, Conference Hotel | Crowne Plaza Dublin Airport". www.cpireland.crowneplaza.com. Dáta rochtana: 2019-12-06.
  10. "Northwood | Ben Dunne Gyms". www.bendunnegyms.com. Dáta rochtana: 2019-12-06.
  11. "About – Santry Community Garden". www.santrycommunitygarden.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-12-06. Dáta rochtana: 2019-12-06.
  12. "1 - Dublin Bus". www.dublinbus.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-12-06. Dáta rochtana: 2019-12-06.
  13. "Transport For Ireland - Go-Ahead Ireland Routes 17, 104, 114, 161, 220, 236, 238, 239 and 270 (commenced January 20th 2019)" (en-US). Transport for Ireland. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-12-06. Dáta rochtana: 2019-12-06.
  14. "104 - Clontarf to DCU" (en). www.goaheadireland.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-12-06. Dáta rochtana: 2019-12-06.
  15. "24-hour service for two Dublin Bus routes" (as en) (2019-11-17). 
  16. "Omni Shopping Centre | Centre Into" (en-GB). OMNI Shopping Centre. Dáta rochtana: 2019-12-06.
  17. "Omni Shopping Centre | Store Directory" (en-GB). OMNI Shopping Centre. Dáta rochtana: 2019-12-06.
  18. "IMC Santry".
  19. "ST KEVINS BOYS CLUB YOUR CLUB -". www.skbfc.yourclub.ie. Dáta rochtana: 2019-12-06.
  20. "Contact | Clonliffe Harriers Athletics Club" (en-US). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-09-26. Dáta rochtana: 2019-12-06.
  21. "About Us - Morton Stadium". www.mortonstadium.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-12-06. Dáta rochtana: 2019-12-06.
  22. "Group Locator Map - Scouting Ireland". www.scouts.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-12-06. Dáta rochtana: 2019-12-06.