Fionnradharc

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilFionnradharc

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 53°21′54″N 6°13′48″W / 53.365°N 6.23°W / 53.365; -6.23
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Laighean
Iar-eintiteas críochach riaracháinContae Bhaile Átha Cliath
BaileBaile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Airde0 m Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Cruthú1934
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Logainm.ie1383711

Is bruachbhaile i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath é Fionnradharc[1], idir Baile Bocht agus Cluain Tarbh. Tá sé teorainn ar theorainn le Marino, An Trá Thuaidh agus Baile Bocht freisin. Tá an bóthar iarainn ar an dteorainn theas thoir den cheantar agus Abhainn na Tulchann ar an dteorainn theas thiar.

Tá an ceantar faoi dhlínse Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath.

Téann an príomhbhóthar ó lár na cathrach go dtí oirthuaisceart na cathrach tríd an ceantar. Tá páirc mhór, Páirc Fhionnradharc, ann agus tá linn snámha 50 méadar san Westwoood Club. Tá stáisiún DART ar Bhóthar Chluain Tarbh, gar d'Fhionnradharc. Téann Tollán Calafoirt Bhaile Átha Cliath faoi Fhionnradharc. Tá cuid mhaith d'Fhionnradharc ar thalamh a gabhadh ón bhfarraige.

Tá Scoil Íosaif (bunscoil agus meánscoil) lonnaithe i bhFionnradharc. D'fhreastail an t-iarthaoiseach Cathal Ó hEochaidh ar an scoil sin. Tá bunscoil do chailíní, Scoil Naoimh Mhuire, sa cheantar freisin.

Tá an reilig Ghiúdach is sine i mBaile Átha Cliath sa cheantar freisin. Feictear an dáta 5618 ón bhféilire Giúdach ar bhalla na reilige. Cuireadh an corp deireanach ann sa bhliain 1958.

Rugadh an scríbhneoir Bram Stoker, údar an úrscéil Dracula sa cheantar.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]