Bram Stoker

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaBram Stoker

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Abraham Stoker
8 Samhain 1847
Cluain Tarbh Cuir in eagar ar Wikidata
Bás20 Aibreán 1912
64 bliana d'aois
St George's Square, England (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Néaraishifilis agus stróc)
Áit adhlacthaCréamatóiriam Golders Green Cuir in eagar ar Wikidata
Státseirbhíseach
Reachtaire de Chumann Staire an Choláiste
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath - glanmhatamaitic (1864–1870) Cuir in eagar ar Wikidata
Dath súileDonn
Dathán gruaigeFolt rua
Gníomhaíocht
Réimse oibreÚrscéal Gotach
Gairmscríbhneoir, scríbhneoir scripte, cléireach, léirmheastóir drámaíochta, iriseoir, úrscéalaí, bainisteoir amharclainne Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirLyceum Theatre, bainisteoir amharclainne (1878–1902)
Caisleán Bhaile Átha Cliath, cléireach (1870–1878) Cuir in eagar ar Wikidata
SeánraLitríocht Ghotach agus litríocht uafáis
TeangachaBéarla
Saothar
Saothar suntasach
Suíomh a chartlainne
Teaghlach
CéileFlorence Balcombe Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteIrving Stoker Cuir in eagar ar Wikidata
AthairAbraham Stoker
SiblínThornley Stoker, An Chéad Bhairnéad, George Stoker agus Thomas Stoker
Síniú

Suíomh gréasáinbramstoker.org Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm0831290 Allocine: 76867 Allmovie: p218634 TCM: 1463184 IBDB: 4587
Musicbrainz: 268b4918-f2f6-4d62-bb68-17ed31d84e91 Songkick: 489687 Discogs: 608272 Find a Grave: 1381 Cuir in eagar ar Wikidata

Scríbhneoir Éireannach ab ea Abraham Stoker, (8 Samhain, 1847 - 20 Aibreán, 1912), nó Bram Stoker, mar a thugtar air de ghnáth. Scríobh sé úrscéalta agus gearrscéalta don chuid is mó, agus is é an t-úrscéal úd Dracula an leabhar is cáiliúla a tháinig óna pheann.

Lena lá féin, áfach, bhí níos mó clú air mar amharclannaí, nó bhí sé ina chúntóir phearsanta don aisteoir Shasanach Henry Irving agus ina úinéir agus ina bhainisteoir ar an amharclann úd Lyceum Theatre i Londain.

Saol in Éirinn[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Stoker i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1847. Ba iad a thuismitheoirí ná sean-Abraham Stoker ó Bhaile Átha Cliath agus an feiminí Charlotte Mathilda Blake Thornley, arbh as Béal Átha Seanaidh i gCo. Dhún na nGall di, agus a d'fhás suas i Sligeach.

D’fhás Bram Stoker suas ag 15 Corrán Marino[1], Cluain Tarbh. Bhí tinneas ina leannán ar Bhram Stoker nuair a bhí sé óg, agus é ag coimeád na leapa an chuid ba mhó den am. Chuaigh a chéad óige go mór mór i gcion ar Stoker, rud a bhí le haithint ar a chuid saothair níos déanaí. Fuair sé biseach ón tinneas de réir a chéile, agus ina fhear fásta dó, bhí sé ina dhuine sách sláintiúil. Thosaigh sé an imirt sacair san ollscoil (Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath), agus rinne sé staidéar ar an stair, ar an litríocht agus ar an matamaitic. Tar éis tamaill, chuaigh sé sa státseirbhís, ach ní raibh mórán suime aige sa chineál sin oibre. Mar sin, chuaigh sé le hiriseoireacht agus fuair sé post leis an nuachtán The Evening Mail.

Londain[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1878, phós Stoker Florence Balcome, cailín a bhí ina banchara ag Oscar Wilde roimhe sin. Chuaigh siad go Londain. Thosaigh Stoker ag obair ina bhainisteoir ar an Lyceum Theatre sa bhliain 1879, áit a raibh a chara Henry Irving ag aisteoireacht. Bhí an cairdeas seo an-tábhachtach d'Irving, agus chuidigh Irving leis aithne a fháil ar mhaithe agus ar mhóruaisle na príomhchathrach. Nuair a rugadh mac do Stoker agus a bhean sa bhliain 1879, bhaist siad Irving Noel Thornley Stoker air.

Bhí Stoker ag obair ina chúntóir phearsanta d'Irving, agus é ag tionlacan an aisteora timpeall an domhain. Bhí sé an-mhór le hIrving, agus é á adhradh, fiú. Barrúil go leor níor tháinig sé go hOirthear na hEorpa riamh, cé gurbh ansin a shuigh sé cuid d'imeachtaí an úrscéil is clúití dár chum sé.

Ón taobh eile de, ar a chamchuairt dó in éineacht leis an aisteoir, fuair Stoker áiméar cuairt a thabhairt ar na Stáit Aontaithe, agus d'fháiltigh beirt Uachtarán, Theodore Roosevelt agus William McKinley, an t-aisteoir agus an cúntóir chucu sa Teach Bán. Bhí Stoker an-doirte do na Stáit Aontaithe, agus bhí laochra Meiriceánacha i gcuid de na húrscéalta a scríobh sé.

18 St Leonard's Terrace, Chelsea, London SW3 4QG

Whitby[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chaith Stoker cuid mhaith ama freisin ina chónaí i Whitby in iarthuaisceart Shasana. Thug sé cuairt ar Whitby don chéad uair i 1890. Lonnaigh sé cuid mhór d'imeachtaí a úrscéil mhóir Dracula sa bhaile seo. Foilsíodh an leabhar sa bhliain 1897.

Fuair Bram Stoker bás i Londain sa bhliain 1912. Bhí sé faoi bhrú oibre ag an am agus bhí gallbholgach air; b'fhéidir gur bhuail stróc é.

Saothair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Úrscéalta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Leaganacha go Gaeilge[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • 1997 Dracula - Eagrán do Dhéagóirí Gearrinsint a scríobh Emmet B. Arrigan. Is í a mháthair, Mary Arrigan, a rinne na léaráidí agus Gabriel Rosenstock a d’aistrigh go Gaeilge.
  • 1933. Dracula.[2] Bram Stoker a scríobh. Seán Ó Cuirrín a chuir i nGaeilge. Ion Codrescu a mhaisigh. Maolmhaodhóg Ó Ruairc a chóirigh is a chuir in eagar. An Gúm, Baile Átha Cliath.

Gearrscéalta[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Under the Sunset
    • Under the Sunset
    • The Rose Prince
    • The Invisible Giant
    • The Shadow Builder
    • How 7 Went Mad
    • Lies and Lilies
    • The Castle of the King
    • The Wondrous Child
  • Dracula's Guest (1914)
    • Dracula's Guest
    • The Judge's House
    • The Gipsy Prophecy
    • The Coming of Abel Behenna
    • The Burial of the Rats
    • A Dream of Red Hands
    • Crooken Sands
    • The Secret of the Growing Gold

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Corrán Marino/Marino Crescent" (ga). Logainm.ie. Dáta rochtana: 2020-04-20.
  2. Maitiú Ó Coimín (31 DF 2015). "‘Dracula’ ar fáil ar Kindle in am d’Oíche Shamhna" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-04-20.