Dracula

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí LeabharDracula
Cineálsaothar liteartha Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
ÚdarBram Stoker Cuir in eagar ar Wikidata
TeangaBéarla Cuir in eagar ar Wikidata
MaisitheoirPierre Falké Cuir in eagar ar Wikidata
FoilseachánRíocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann, 1897 Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta a bunaíodh8 Márta 1890 ↔ 26 Bealtaine 1897
Tréith
Príomhábhararracht, gnéasacht an duine agus eipidéim Cuir in eagar ar Wikidata
SeánraUafás, Gotach
Líon na leathanach419 Cuir in eagar ar Wikidata
Carachtair
Suíomh scéalaíochtaWhitby
An Trasalváin
Londain
Eastern Carpathians (en) Aistrigh
Bistrița
Tihuța Pass (en) Aistrigh
Hampstead
Purfleet-on-Thames (en) Aistrigh
Varna
Abhainn Siret
Galați
Cluj-Napoca Cuir in eagar ar Wikidata
Taispeánann sé/síChicken paprikash (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Uimhir OCLC1447002 Cuir in eagar ar Wikidata
Musicbrainz: 91c255b5-1cc9-4701-a992-f75da9346103 Cuir in eagar ar Wikidata

Is úrscéal Béarla é Dracula leis an údar Éireannach Bram Stoker a tháinig i gcló an chéad uair sa bhliain 1897. Díríonn an scéal ar an gCunta Dracula ar súmaire, nó vaimpír, é, agus tionchar an bhéaloidis Bhalcánaigh le haithint go soiléir ar an úrscéal.[1]

Is é an t-úrscéal seo is bunrúta leis an tsuim a chuireann Hollywood agus na scríbhneoirí lónléitheoireachta sna vaimpírí go dtí an lá inniu ann, nó is beag duine sna tíortha Béarla a chuala an focal sin "vaimpír" sular tháinig an leabhar seo i gcló. Ba é Archibald Constable and Co an comhlacht a d'fhoilsigh an chéad eagrán sin. Eagrán faoi chlúdach bog a bhí ann.

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fuair an súmaire Dracula a ainm ó Vlad Țepeș, nó Vlad Drăculea, prionsa Trasalvánach a bhí ag rialú Chúige na Valáise (Wallachia) nó Țara Românească sa 15ú haois. Bhí sé ag cur troda ar na Turcaigh Otamánacha agus ag déanamh ródaigh ar na seanuaisle sa Valáis. Chuaigh na scéalta uafáis faoin dóigh a raibh sé ag sá a chuid namhad le cuaillí ar fud na hEorpa, agus tháinig cáil ar "Vlad na gCuaillí". Dealraíonn sé, áfach, gurbh é an Ungárach Maitias Corvinus a chuir an chuid ba mhó de na scéalta seo ag imeacht. Namhaid polaitiúil de chuid Vlad a bhí ann ar theastaigh uaidh an prionsa a chlúmhilleadh. Is ar éigean is féidir a rá gur dhearscnaigh sé thar phrionsaí eile na linne sna Balcáin i gcruálacht.

Pé scéal é, ó scaip an Rí Maitias scéalta uafáis faoi Vlad, chuaigh an prionsa in annála na staire mar chéasadóir is mar arrachtach.

Maidir leis an súmaire nó an vaimpír, is carachtar tábhachtach é i mbéaloideas na mBalcán agus na Slavach. Chaith Bram Stoker seacht mbliana ag déanamh taighde ar bhéaloideas Oirthear na hEorpa ar lorg inspioráide, agus is ansin a tháinig sé ar na scéalta faoi Vlad Drăculea agus faoi vaimpírí. Chinn sé ar an dá mhóitíf seo a phósadh, agus ba é an Cunta Dracula, mar is aithin dúinn inniu é, ba toradh don chleamhnas sin.

Bela Lugosi mar Dracula,1931

Bhí Bram Stoker cairdiúil le hArminius Vambery, taiscéalaí, saineolaí ar theangacha an Oirthir agus spiaire Sasanach a rugadh san Ungáir, agus deirtear go bhfuair sé cuid mhór dá eolas ar bhéaloideas na mBalcán ó Vambery. Is féidir freisin gur bhunaigh sé carachtar Abraham Van Helsing ar Vambery. Níl ann ach tuairimíocht, áfach.

Bela Lugosi mar Dracula,1931

Cé go bhfuil Dracula ar an úrscéal is tábhachtaí faoi vaimpírí i litríocht an Bhéarla, níorbh é an chéad cheann é. Fuair Stoker inspioráid áirithe ón nóibhille Carmilla le Joseph Sheridan Le Fanu, a foilsíodh breis is fiche bliain roimh Dracula. Scéal earótach uafáis é Carmilla a bhfuil blas an leispiachais air, agus é ag tabhairt cur síos ar an vaimpír mná Carmilla agus a cairdeas cinniúnach le cailín óg macánta darb ainm Laura.

An Scéal[cuir in eagar | athraigh foinse]

I dtús an úrscéil tagann an dlíodóir óg Sasanach Seon Ó hEarcair (Jonathan Harker) ar cuairt chuig an gCunta Dracula le cuidiú leis an gCunta aistriú go dtí Sasana agus talamh a cheannach in Exeter. Tá cónaí ar an gCunta i seanchaisleán sa Trasalváin, agus é sásta lóistín a thabhairt do Sheon ansin, ach i ndiaidh tamaill faigheann Seon amach go bhfuil sé ina chime sa chaisleán agus go bhfuil vaimpírí ann - triúr vaimpírí ban agus iad ag iarraidh é a chealgadh. Sa deireadh éalaíonn Seon lena anam as an áit.

Bram Stoker, 1906
Íomhá:Romania - Sighişoara - Town of Illustration of Bram Stoker's Dracula.jpg
Sighişoara, an Rómáin - Baile Dracula

Tugann an chéad eipeasóid eile sa leabhar cur síos ar an dóigh a ndéanann Dracula a bhealach go Sasana. Ní luaitear é, ach cuirtear in iúl go bhfuil sé ag taisteal faoi choim ar bhád Rúiseach. Titeann an bád ar an gcladach i Whitby, agus níl fágtha den chriú ach an captaen, agus é féin marbh. Léitear logleabhar an chaptaein, agus tagann sé chun solais ansin go raibh neach dofheicthe éigin ag marú na mairnéalach i rith an turais, go dtí nach raibh ann ach an captaen féin.

Agus é socraithe síos i Sasana anois, cuireann Dracula suim in Uilliamín "Mín" Ní Mhuirí (Wilhelmina "Mina" Murray), fiancée Sheoin Uí Earcair, agus ina cara Laoise (Lucy) Westenra. Tosaíonn Laoise ag stiúgadh le tinneas aisteach, agus glaonn Seán Suaird, cara le Laoise agus dochtúir leighis, ar a chara, an tOllamh Abraham Van Helsing, teacht ón Ollainn le cuidiú leis biseach a thabhairt do Laoise.

mainistir Whitby

Aithníonn Van Helsing gurbh é an vaimpíreachas atá i gceist, agus tosaíonn sé ar í a leigheas, ach nuair a fhilleann sé ar an Ollainn le freastal ar ghnó éigin, faigheann Laoise bás i dtimpiste aisteach. Go gairid ina dhiaidh sin, cloistear scéalta aisteacha faoi shúmaire mná agus í ag ionsaí páistí, agus tuigeann Van Helsing gurb í Laoise í. Le cuidiú Sheáin Shuaird agus beirt fhear eile a bhí ag suirí le Laoise agus í beo, téann Van Helsing ar thóir an chailín, agus sa deireadh maraíonn siad í, nó an vaimpír, tríd an gcloigeann a ghearradh di, a croí a shá le cuaille adhmaid agus a béal a líonadh le gairleog.

Bram Stoker, 1906

Idir an dá linn, bhí Seon Ó hEarcair ag bisiú i mBúdaipeist óna eachtra sa Trasalváin, agus tháinig Mín ansin le cuideachta a dhéanamh dó agus, mar a thiontaigh an scéal amach, le hé a phósadh. Anois, tagann siad abhaile, agus nuair a chloiseann siad céard a tharla do Laoise, téann siad i gcomhghuaillíocht le Van Helsing agus leis an triúr iar-shuiríoch le Dracula a mharú. Roimh an éacht sin a chur i gcrích, áfach, éiríonn le Dracula Mín a ionfhabhtú leis an vaimpíreachas, agus caithfidh Seon, Van Helsing agus na fir eile an-chath a chur ar an gCunta le Mín a tharrtháil.

Stair i mBéarla[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foilsíodh an leabhar Dracula don chéad uair ar 18 Bealtaine 1897. Lonnaigh Stoker cuid mhór d'imeachtaí a úrscéil  i Whitby in iarthuaisceart Shasana.

Aistriúcháin go Gaeilge[cuir in eagar | athraigh foinse]

1933ː Seán Ó Cuirrín[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba é An Gúm a d'fhoilsigh leagan Gaeilge sa bhliain 1933. Chuir Seán Ó Cuirrín, a raibh canúint na nDéise ó dhúchas aige, Gaeilge ar an leabhar. B’fhear é a raibh canúint Dhún Garbhán go paiteanta aige. Diérigh leis an Chuirríneach saothar “as an nua” a chruthú. “Ceann de na rudaí is spéisiúla faoin aistriúchán a rinne Ó Cuirrín gur fhág sé go leor tagairtí de Shakespeare agus do mhiotaseolaíocht na Gréige ar lár, rudaí a bhí i mbunsaothar Stoker agus gur chruthaigh sé saothar nua as Dracula.”[2]

Bhí scéal an tsúmaire fola ar fáil ar an Kindle i nGaelainn na nDéise sa bhliain 2015.[3][4]

1997ː eagrán do dhéagóirí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cuireadh eagrán do dhéagóirí amach sa bhliain 1997 Dracula - Eagrán do Dhéagóirí. Is éard a bhí ann ná gearrinsint a scríobh Emmet B. Arrigan. Is í a mháthair, Mary Arrigan, a rinne na léaráidí agus Gabriel Rosenstock a d’aistrigh an leabhar go Gaeilge.[5][6]

1997ː Maolmhaodhóg Ó Ruairc[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'fhoilsigh An Gúm atheagrán sa bhliain 1997, agus ba é Maolmhaodhóg Ó Ruairc a chuir an t-eagrán seo in eagar.[7] Ba é an t-ealaíontóir Rómánach Ion Codrescu a mhaisigh an leabhar. Rinneadh caighdeánú ar chanúint Uí Chuirrín agus fuair roinnt léitheoirí locht ar an gcleachtadh sin.[8] Cé gur bunaithe ar bhunleagan an Déisigh atá an t-eagrán seo, níl pioc de chanúint a cheantair dúchais caomhnaithe ann . Maille leis sin, tá an t-atheagrán ciorraithe go tréan.

Fuair Aoibheann Nic Dhonnchadha, agus í ag scríobh do An Linn Bhuí, bliainiris Ghaeltacht na nDéise, locht ar an nua-eagrán seo (An Linn Bhuí, uimhir a 2, 1998, lch. 115-118). Bhí sí den bharúil go ndeachaigh an fear eagair thar fóir ag iarraidh cuma na nua-ré a chur ar an téacs, agus nach raibh sé sách eolach ar an gcanúint lena ceart a thabhairt di. Samplaí de na hathruithe a rinne an t-eagarthóir ná:

  • amadántúlacht -> amaidí
  • diúgadh -> diúrnú
  • lobhadh -> lofacht
  • tuireasc -> sábh
  • cas -> catach
  • daitheannach -> daite
  • meáite -> trom
  • stractha -> stróicthe
  • cuibhreach an phósta -> cuing an phósta
  • Dracula, Sonzogno, Milano, 1922
    m'fhear pósta -> m'fhear céile
  • an nádúir -> an dúlra
  • le neart taoda -> le taghd feirge
  • tomanta -> diongbháilte, tréamanta, daingean

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Seán Ó Baoill, Fearghal Ó Maolagáin (30 DF 2015). "Ag ceiliúradh saol agus saothar Bram Stoker < Meon Eile". www.meoneile.ie. Dáta rochtana: 2022-05-18.
  2. Méabh Ní Thuathaláin (28 Meán Fómhair 2021). "Os cionn €1,000 ar leagan Gaeilge de ‘Dracula’ a foilsíodh le cead ‘Mrs. Bram Stoker’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-05-18.
  3. "‘Dracula’ ar fáil ar Kindle in am d’Oíche Shamhna" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2019-05-18.
  4. Bram Stoker, Seán Ó CUIRRÍN. "Dracula ... Seán Ó Cuirrín do chuir i nGaedhilg". 
  5. "Dracula (Eagrán do dhéagóirí) – Childrens Books Ireland" (en-US). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-05-18. Dáta rochtana: 2019-05-18.
  6. "Dracula Eagrán do Dhéagóirí | Litríocht" (en-GB). Dáta rochtana: 2022-05-18.
  7. "Dracula (Leagan Gaeilge) – An Siopa Leabhar". www.siopaleabhar.com. Dáta rochtana: 2022-05-18.
  8. NÓS. "LEABHAIR: Na haistriúcháin go Gaeilge is fearr a rinneadh" (en-US). NÓS. Dáta rochtana: 2021-12-18.