Jump to content

Seán Ó Cuirrín

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaSeán Ó Cuirrín
Beathaisnéis
Breith3 Márta 1894
Bás20 Márta 1980
86 bliana d'aois
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste na hOllscoile Corcaigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmmúinteoir, aistritheoir Cuir in eagar ar Wikidata

Múinteoir agus aistritheoir Gaeilge a bhí i Seán Ó Cuirrín (1894–1980).[1] Rugadh i mBaile na nGall Mór sa bhliain 1894 agus bhain sé amach a chéim ollscoile i gCorcaigh sa bhliain 1915. Ina dhiaidh sin bhí sé ag múineadh meánscoile i nGaeltacht na Rinne. Sa bhliain 1926, chuaigh sé ag teagasc i gColáiste Chnoc Mheilearaí, áit ar mhair sé ag obair go dtí go ndeachaigh sé ar pinsean sa bhliain 1959. Tá sé curtha i Reilig Mheilearaí.

Eisean a d'aistrigh an t-úrscéal uafáis Dracula le Bram Stoker go Gaeilge.