Hollywood

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ceantar i gcathair Los Angeles, California é Hollywood a bhfuil cáil air ar fud an domhain mar lárionad scannánaíochta. Is minic a thugtar Hollywood ar thionsclaíocht scannánaíochta na Stát Aontaithe go léir, mar mheatonaim. Tá Hollywood suite siar nó siar ó thuaidh ó lárchathair Los Angeles.

An comhartha Hollywood

Tá cuid mhór den tionsclaíocht scannánaíochta agus cumarsáide tar éis bogadh ó Hollywood go dtí na ceantair ina thimpeall, ar nós Burbank nó taobh thiar Los Angeles (Beverly Hills, cuir i gcás), ach fanann cuid mhór gnólachtaí i Hollywood féin, go háirithe iad siúd atá ag déanamh eagarthóireachta ar na scannáin nó ag soláthar maisíochta dóibh. Tá cuid mhór pictiúrlanna stairiúla i Hollywood freisin a mbaintear úsáid astu le scannáin nua a chur os comhair an tsaoil mhóir an chéad uair, agus is i Hollywood féin atá Siúlán an Mhórchlú, nó Walk of Fame, suite, áit a bhfaigheann gach aisteoir mórchlúiteach nó boc mór scannánaíochta eile a réalta féin.

De ghnáth, ní tharraingíonn bardas Los Angeles teorainneacha neamh-dhébhríocha idir na "ceantair" sa chathair, ach is eisceacht é Hollywood. Ar an 16 Feabhra 2005 mhol beirt bhall de thionól an bhardais teorainneacha Hollywood a shainmhíniú agus taifid oifigiúla ar leith a choinneáil faoin gceantar díreach mar a bheadh cathair neamhspleách ann. Glacadh leis an mbille, agus críochaíodh teorainneacha Hollywood.

Go bunúsach, níl i Hollywood ach ceantar de chuid Los Angeles, agus níl rialtas áitiúil dá gcuid féin ag muintir Hollywood. Ceapann an Cumann Tráchtála áitiúil méara oinigh don cheantar. Bhí Johnny Grant, léiritheoir teilifíse agus láithreoir raidió, ina mhéara oinigh ón mbliain 1980 go lá a bháis sa bhliain 2008.[1]

Stair[athraigh | edit source]

Hollywood sa bhliain 1907

Ní raibh ach aon bhothán bocht amháin ina sheasamh anseo sa bhliain 1853, ach de réir a chéile, d'fhás pobal beag feirmeoireachta ina thimpeall. Cahuenga an t-ainm a bhí ar an bpobal seo, agus tá a lán scéalta á n-insint faoin dóigh a bhfuair an ceantar an t-ainm clúiteach atá air inniu. Dealraíonn sé gurbh iad Harvey Henderson Wilcox agus a bhean chéile Daeida a chéadcheap an t-ainm agus a bhaist ar a rainse é, thiar sa bhliain 1887, cé go bhfuil scéalta ann freisin gurbh é Hobart Johnstone Whitley, forbróir tithíochta ar a dtugtar "athair Hollywood", a d'ainmnigh an ceantar.[2]

D'oscail Whitley Óstán Hollywood sa bhliain 1902. Corpraíodh bardasacht Hollywood sa chéad bhliain eile. Bhí deacrachtaí ag an mbardas soláthar uisce agus draenáil séarachais a chinntiú don bhardasacht, agus sa bhliain 1910, chinn lucht an bhardais ar bhardasacht neamhspleách Hollywood a chur ar ceal agus ceantar de chuid Los Angeles a dhéanamh den áit, le súil is go socródh sin na fadhbanna uisce.

Faoin am seo, tháinig lucht na scannánaíochta go Hollywood an chéad uair. Bhí tionsclaíocht na scannánaíochta ag forbairt i gCalifornia cheana féin, agus í lonnaithe i lárchathair Los Angeles. Ba é an stiúrthóir D. W. Griffith (a rinne an mórscannán ciníoch The Birth of a Nation chomh maith leis an mórscannán frithchiníochais Intolerance) ba túisce a thosaigh ag scannánú i Hollywood, ach níor bunaíodh an chéad stiúideo i Hollywood ach sa bhliain 1911. Trí bliana ina dhiaidh sin, rinneadh an chéad phríomhscannán de dhéantús Hollywood - The Squaw Man. Stiúideo áitiúil a rinne an léiriú, agus tógadh na pictiúir i Hollywood féin. Ba iad Cecil B. DeMille agus Oscar Apfel na stiúrthóirí.

Tagairtí[athraigh | edit source]

  1. "Johnny Grant, honorary Hollywood mayor, dies". CNN.com.
  2. Gaelyn Whitley Keith (2006) The Father of Hollywood: The True Story (Hardcover), Book Surge, An Amazon.com Company. (ISBN 1-4196-4194-8)