Sifilis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí GalarSifilis
cuir in eagar
Cineálprimary bacterial infectious disease (en) Aistrigh, treponematosis (en) Aistrigh, classic venereal disease (en) Aistrigh agus galar Cuir in eagar ar Wikidata
Speisialtacht leighisgalair thógálacha agus deirmeolaíocht Cuir in eagar ar Wikidata
Cóireáil chliniciúil
ScrúduitheVenereal Disease Research Laboratory test (en) Aistrigh, Rapid plasma reagin (en) Aistrigh, Wassermann test (en) Aistrigh, FTA-ABS (en) Aistrigh, micreascóp solais, micreascópacht imdhíonfhluaraiseachta agus imoibriú slabhrúil polaiméaráise Cuir in eagar ar Wikidata
 Cógais
benzylpenicillin (en) Aistrigh, azithromycin (en) Aistrigh, clindamycin (en) Aistrigh, ceftriaxone (en) Aistrigh agus doxycycline (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ualach tinnis7,038,641 Cuir in eagar ar Wikidata
Pataigineas
Tarchur pataigineachgalair agus ionfhabhtuithe gnéastarchurtha Cuir in eagar ar Wikidata
CúisTreponema pallidum Cuir in eagar ar Wikidata
Aicmiú
ICD-10A51.0 Cuir in eagar ar Wikidata
ICD-9090, 091, 091.2, 093, 094, 095, 096 agus 097 Cuir in eagar ar Wikidata
Acmhainní seachtracha
Enciclopèdia Catalana0120640 Cuir in eagar ar Wikidata
DiseasesDB29054 Cuir in eagar ar Wikidata
MedlinePlus000861 Cuir in eagar ar Wikidata
eMedicine229461 Cuir in eagar ar Wikidata
Patient UKsyphilis-pro Cuir in eagar ar Wikidata
MeSHD013587 Cuir in eagar ar Wikidata
UMLS CUIC0007939 agus C0039128 Cuir in eagar ar Wikidata
DOIDDOID:4166 Cuir in eagar ar Wikidata

Galar ainsealach gnéas tarchurtha de bharr an ghníomhaí Teponema pallidum í an tsifilisan bholgach Fhrancach nó an ghallbholgach uaireanta.

Tosaíonn an tsifilis le príomhlot ar na baill ghiniúna nó an t-anas. Cuid mhaith seachtainí ina dhiaidh sin, tarlaíonn ionfhabhtú ginearálta le fiabhras is gríos. Is féidir go bhfanfaidh an riocht suanach ansin thar bhlianta. Fásann cnapáin sa chraiceann is na scannáin mhúcasacha, agus briseann siad le hothrais mhóra.

Ina dhiaidh sin, cuireann an galar isteach ar an gcóras cairdiascamhógach is an néarchóras, agus déanann damáiste do chomhlaí an chroí. Atann an t-aorta, agus cuirtear tús le heaspa comhordaithe, cailliúint mothúcháin is gealtachas: gealtachas ginearálta an duine atá as a mheabhair.

Sifilis ó bhroinn

Deirtear gurb as an Oileán Úr a tháinig an tsifilis go dtí an Eoraip. An chéad ráig sifilise a chuaigh in annála na staire tharla sí i Napoli, an Iodáil, faoi dheireadh na cúigiú haoise déag, go gairid i ndiaidh do Chríostóir Colambas filleadh ón gcéad chuairt a thug sé ar na tíortha thar sáile. Bhí an Fhrainc ag cur cogaidh ar ríocht Napoli san am, agus saighdiúirí Spáinneacha ag troid sna trúpaí Francacha: glactar leis go raibh an tolgadh ó Mheiriceá á scaipeadh acu. Tá teoiricí eile ann, áfach, a deir go raibh an galar ar fáil san Eoraip roimhe sin féin: mar shampla, deirtear nach lobhra a bhí i gceist leis an ngalar a luaitear mar lobhra sa Bhíobla, ach sifilis. Níl ann ach tuairimíocht, áfach, agus is dóigh leis an gcuid is mó de na heolaithe go bhfuil an teoiric "Mheiriceánach" níos inchreidte, ós rud é go bhfaigheann sí tacaíocht ó fhianaise na bitheolaíochta nua-aimseartha (na géineolaíochta).

Nua-Eabhrac, 1936 - 1938

Is é an leigheas is mó a chleachtaítear inniu ná na hantaibheathaigh, cosúil leis an bpeinicillín. Sna laethanta a bhí, bhí na leigheasra bunaithe ar an mearcair, ach is nimh dhainséarach é an mearcair, agus bhí an-phriacail ag baint leis na cógais mhearcair.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Sifilis". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 598.