Fiabhras

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí GalarFiabhras
cuir in eagar
Cineálcomhartha cliniciúil agus neurological and physiological symptom (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cóireáil chliniciúil
Aicmiú
ICD-10R50 Cuir in eagar ar Wikidata
ICD-9780.6 Cuir in eagar ar Wikidata
CIAPA03 Cuir in eagar ar Wikidata
Acmhainní seachtracha
Enciclopèdia Catalana0114489 Cuir in eagar ar Wikidata
DiseasesDB18924 Cuir in eagar ar Wikidata
MedlinePlus003090 Cuir in eagar ar Wikidata
eMedicine217675 Cuir in eagar ar Wikidata
MeSHD005334 Cuir in eagar ar Wikidata
UMLS CUIC0015967 agus C0085594 Cuir in eagar ar Wikidata

Breoiteacht a ngabhann ardú teochta agus rith cuisle léi is ea fiabhras,[1] nó riocht cliniciúil ina n-éiríonn teocht na colainne os cionn uasteorainn an normail. Is gnáth le céad bliain nó níos mó teocht an othair a thomhas i scrúdú diagnóiseach.

Bíonn an teocht normálta ag 36.6-37.7 °C nuair a thomhaistear í le teirmiméadar reicteach. Braitheann teocht na colainne ar chothromaíocht idir táirgeadh teasa is cailliúint teasa, agus rialaíonn an hipeatalamas í. Cruthaítear fiabhras (a bheith fiabhrasach) nuair a chuirtear isteach ar an gcóras rialaithe seo ag ceimiceáin a dtugtar pirigéiní orthu, a fhuasclaítear nuair a dhéanann próisis phaiteolaíocha ar leith dochar do chealla sa cholainn.

Go minic, is de bharr ionfhabhtaithe a tharlaíonn fiabhras, ach is féidir an toradh céanna a bheith ar ailsí áirithe is ionfharchtadh miócairdiach (fíochán marbh cairdiach).[2]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "An Foclóir Beag: fiabhras" (en). www.teanglann.ie. Dáta rochtana: 2021-10-21.
  2. Hussey, Matt (2011). "Fiabhras". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 264.