Aigéad 2-aicéitiolocsaibeansóch

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
WD Bosca Sonraí DrugaAigéad 2-aicéitiolocsaibeansóch
Acetylsalicylicacid-crystals.jpg
Acetylsalicylsäure2.svg
Galar réad hipirteirme, pian, athlasadh, airtríteas réamatóideach, oistéairtríteas, ruaig gúta, fiabhras réamatach, ionfharchtadh miócairdiach géar, galar croí, fibriliú aitriamach agus siondróm corónach géarmhíochaine
Sonraí cliniciúla
Ainm trádála aspairín
MedlinePlus a682878
Riosca le linn toirchis Australian pregnancy category C (en) Aistrigh agus US pregnancy category C (en) Aistrigh
Bealach riarachán béil
Grúpa cógaseolaíochta Druga Frith-athlastach Neamhstéaróideach
Codi ATC A01AD05, B01AC06 agus N02BA01
Meán-dáileog marfach 167, 340, 681, 495, 700, 1,075, 3,500, 1,750, 250, 200, 1,010, 790 agus 1,020
Sonraí ceimiceacha agus fisiceacha
Foirmle C9H8O4
Mais mhóilíneach 180.042 Da
Dlús 1.35 g/cm³
Leáphointe 135 °C, 275 °F agus 138 °C
Tuaslagthacht in uisce 0.003 g/L
Aitheantóirí
Uimhir CAS 50-78-2
PubChem (SID) 2244
IUPHAR/BPS 4139
DrugBank 00945
ChemSpider 2157
UNII R16CO5Y76E
KEGG D00109 agus C01405
ChEBI 15365
ChEMBL CHEMBL25
PDB liogann ID AIN
ECHA 100.000.059

Is é an t-aigéad 2-aicéitiolocsaibeansóch, ar a dtugtar an trádainm aspairín, an tsubstaint ghníomhach i go leor cógas a bhfuil airíonna anailgéiseacha, friteochtaithe agus frith-athlastacha acu.

Tá an t-aspairín éifeachtach mar chóireáil ar chuid mhaith cineálacha mionphéine (tinneas cinn, míostrú, néarailge), athlasadh (mar shampla, i ngalar réamatóideach) agus fiabhras.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fógra Bayer, 28 Deireadh Fómhair 1926

Baineadh feidhm as coirt na sailí is plandaí áirithe eile leis na céadta bliain mar leigheas ar fhiabhras creathach. Is é an comhábhar gníomhach sa choirt seo ná sailicin, réamhtheachtaire ceimiceach aspairín.

Shintéisigh an ceimicí Gearmánach Felix Hoffman (1868-1946), ag obair sa chomhlacht cógaisíochta Bayer, aspairín den chéad uair, ar 10 Lúnasa 1897 i Leverkusen. Ansin comhdaigh bainisteoir Hoffman, an cógaseolaí Gearmánach Heinrich Dreser (1860-1924), an phaitinn ar 6 Márta 1899, agus tugadh Aspirin air den chéad uair.

Iarmhairtí leighis[cuir in eagar | athraigh foinse]

Aspairín

Tarlaíonn na hiarmhairtí leighis mar gheall ar a cumas sintéisiú prostaglaindiní (ceimiceáin atá gníomhach go bitheolaíoch, a fhaightear ar fud na colainne) a chosc. Fo-iarmhairt a fhéadfaidh a bheith ar ionghabháil iomarcach aspairín is ea cur fola gastrach.

Cuireann an t-aspairín bac ar théachtadh na fola, agus ceapadh sna 2000idí go gcabhróidh sí le tarlú trombóise corónaí is ceirbrí a laghdú. Ach is gá aire a thabhairt.[1]

Ról san ailse[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ceapadh go raibh ról ag an aspairín i gcosc na hailse colaireictí dóibh siúd a ghlacann dáileog 75mg sa lá, ach is cosúil, leis, nach gcuireann sé le fad saoil an dreama sin a bhfuil ailse cholareicteach orthu cheana féin tar éis don diagnóis tarlú.[2]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Melissa Cunningham (2021-10-13). "New advice could trigger global change in use of aspirin to prevent heart attacks" (en). The Sydney Morning Herald. Dáta rochtana: 2021-10-15.
  2. Low-Dose Aspirin Use After Diagnosis of Colorectal Cancer Does Not Increase Survival: A Case–Control Analysis of a Population-Based Cohort Gastroenterology 2014;146:700–708 Gaeilge: Ní Chuireann Aspairín Ísealdáileoige Tar Éis Dhiagnóis Ailse Cholaireicteach le Fadsaoil: Anailís Cás-Rialaithe ar Chohórt Daonrabhunaithe